An Gael - Aibreán 2007   /   An Gael - April 2007
Breathnaigh le hInternet Explorer do thorthaí is fearr / View with Internet Explorer for best results

 

Aibreán 2007   /   April 2007

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

AN GAEL

AN GAEL

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge Ó 1881
Official Magazine of The Philo-Celtic Society since 1881

TAIGHDE AR CHIALL 'IRISH LITERATURE'

RÉ:  9 gCEIST GHEARRA Ó CHUMANN CARAD NA GAEILGE

 
A chairde,
 
Má bhíonn deis agaibh, tugaigí dúinn le bhur dtoil bhur bhfreagraí dosna ceisteanna gearra seo.  Coinneoimid bhur bhfreagraí gan ainm.
 
1.  Má théann Breatnach go Meirceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Bhreatnach é?
 
2.  Má théann Briotánach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Bhriotánach é?
 
3.  Má théann Bascach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Bhascach é?
 
4.  Má théann Indiach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Indiach é?
 
5.  Má théann Francach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Fhrancach é?
 
6.  Má théann Éireannach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Sacsbhéarla, an litríocht Éireannach é?
 
7.  Má théann Éireannach go Meiriceá Thuaidh (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Gaeilge, an litríocht Éireannach é?
 
8.  Má théann Meiriceánach go hÉirinn (nó aon áit eile) agus má scríobhann sé/sí úrscéal breá ansin as Gaeilge, an litríocht Éireannach é?
 
9.  An bhfuil Gaeilge agat?  Má tá, ag cén leibhéal?
 
Insigí dúinn bhur bhfreagraí le bhur dtoil.  Ba mhaith linn fáil amach cad a smaoiníonn sibh.  Ba mhaith linn achoimre bhur bhfreagraí a fhoilsiú inár bhfoilseachán AN GAEL, ach coinneoimid gach ceann agaibh gan ainm.

 

 

RESEARCH ON THE MEANING OF 'IRISH LITERATURE'

RE:  9 SHORT QUESTIONS FROM THE PHILO-CELTIC SOCIETY

Friends,

 
If you have the chance, please let us have your answers to the following short questions.  We'll keep your answers anonymous.
 
1.  If a Welsh person goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it Welsh literature?
 
2.  If a Breton goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it Breton literature?
 
3.  If a Basque goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it Basque literature?
 
4.  If an Indian goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it Indian literature?
 
5.  If a French person goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it French literature?
 
6.  If an Irish person goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in English, is it Irish literature?
 
7.  If an Irish person goes to North America (or any place else) and writes a fine novel in Irish, is it Irish literature?
 
8.  If an American goes to Ireland (or any place else) and writes a fine novel in Irish, is it Irish literature?
 
9.  Do you speak Irish?  If so, at what level?
 
Tell us your answers please.  We would like to know what you think.  We'd like to publish a summary of your answers in our publication AN GAEL, but we'll keep each one of you anonymous.
 

 

 

 

 

 

 

DEIREADH SEACHTAINE LÁN-GHAEILGE DHALTAÍ NA GAEILGE I NEW JERSEY 4/13/07 - 4/15/07

 

Beidh Deireadh Seachtaine Lán Gaeilge ag Daltaí na Gaeilge aríst i mbliana.  Beidh seimináir agus léachtaí ag Daltaí na Gaeilge ar ábhair éagsúla.  Tá sé ar intinn acu freisin rang gramadaí a thairiscint do na mic léinn a bhfuil fáinní airgid acu.  Ag an Deireadh Seachtaine seo beidh ar chuile dhuine Gaeilge amháin a úsáid i rith an ama ar fad, agus beidh cosc ar gach teanga eile.  Tá súil ag Daltaí na Gaeilge go mbainfidh tú taitneamh agus fiúntas as an gclár; agus tá siad ag súil le do chomhluadar.

Foirm Chláraithe:  http://www.daltai.com/events/regmrt07.htm

Sonraí agus Eolas an Bhealaigh:  http://www.daltai.com/events/marta07.htm

Dátaí:  Idir an 13ú agus an 15ú d'Aibreáin 2007.

Suíomh:  Haven Beach Motel, Long Beach Island (Ocean County), New Jersey.

Costas:  $125 an duine ar lóistíní, béilí agus na h-imeachtaí go léir.

Béilí:  Dé Sathairn - Trí bhéile; Dé Domhnaigh - Bricfeasta & Lón. (Dé hAoine - Tada)

Clárú:  Spriocdháta - An 6ú lá d'Aibreán.

Am Teacht:  Dé hAoine - Am ar bith thar éis 5:00 i.n.

Cruinniú Tosaigh:  9:00 i.n.

 

 

DALTAÍ NA GAEILGE IMMERSION WEEKEND IN NEW JERSEY 4/13/07 - 4/15/07

 

Daltaí na Gaeilge (Students of the Irish Language) will again have a full immersion weekend this year including seminars and lectures in Irish.  It is also intended to have a grammar class for students who hold the silver fáinne.  Each participant in the Immersion Weekend will be obligated to use Irish alone, leaving behind other languages.  Daltaí na Gaeilge hopes that you will enjoy and find worth in the program and are looking forward to your company.

Registration Form:  http://www.daltai.com/events/regmrt07.htm

Details regarding directions:  http://www.daltai.com/events/marta07.htm

Date:  the 13th to the 15th of April 2007.

Place:  Haven Beach Motel, Long Beach Island (Ocean County), New Jersey.

Cost:  $125 per person including lodging, meals, and all activities.

Meals:  Saturday - three meals;  Sunday - breakfast and lunch.  (Friday - no meal)

Intended registration date:  by 6th of April.

Arrival time:  Friday - any time after 5PM.

First meeting:  Friday, 9PM.

 

 

 

Cumann Carad na Gaeilge 
Ag obair d'athbheochan domhanda na Gaeilge!

 

 

 

The Philo-Celtic Society
Working for the worldwide renaissance of the Irish Language!

SIOMPÓISIAM AR GHAEILGE

IN ÓMÓS BHARRA UÍ DHONNABHÁIN

AG NEW YORK UNIVERSITY

 28 Aibreán 2007 · 10rn - 5in     

An dara hócáid chuimhneacháin in onóir Bharra Uí Dhonnabháin      

Múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa lá atá inniu ann          

Tá an Éigse seo ainmnithe in ómós do Bharra Ó Donnabháin.  Beidh plé á dhéanamh ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an Ghaeilge.  Pléifear modhanna múinte, áiseanna teicneolaíochta, dearcadh micléinn ar an teanga in áiteacha éagsúla i Meiriceá agus in Éirinn, eagraíochtaí agus foghlaim na Gaeilge sa todhchaí.          

Cainteoirí agus Ábhair Cainte: 

10:00- 10:30rn   Fáiltiú agus caife        

10:30- 12:00in   Painéal 1         

         Eibhlín Zurell, "Cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?"          

         Tomás Ó Cathail, "Mise agus an Ghaedhilg"      

         Elaine Ní Bhraonáin, "An t-idirlíon agus múineadh na Gaeilge"  ilge" 

12:00- 1:00in    Lón      

1:00- 2:30in     Painéal 2          

         Francesca Nic Colla, "Athmhachnamh ar teagaisc na Gaeilge i Meiriceá le scéim múinteoireachta teanga idirnáisiúnta Fulbright"           

         Hilary Mhic Shuibhne, "Ag Teagasc Gaeilge do Dhaoine Fásta i Meiriceá; Modhanna a Oibríonn"          bsp;  

         Roslyn Blyn-LaDrew, "Cén Dath Atá ar Oráiste? ar Chairéid? ar Bhratach na hÉireann?, nó, 'Ye Could Get Murdhered for [Teaching] That!' "        

2:30- 2:45in     Sos       

2:45- 3:45in     Painéal 3          

         Pádraig Ó Cearúill, "An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann'      

         Séan Ó Cathail, "An Ghaeilge sa Pholaitíocht"   

3:45- 4:00in     Sos       

4:00- 5:00in     Ceolchoirm na Gaeilge 

Is é seo an dara hócáid chuimhneacháin in onóir Bharra Uí Dhonnabháin a chuir seirbhís fíorluachmhar ar fáil ar son dul chun cinn agus múineadh na Gaeilge í Meiriceá.  

Le do thoil, RSVP do Glucksman Ireland House NYU ag ireland.house@nyu.edu nó ag 212-998-3950, rogha 3.          

Tá treoireacha go Glucksman Ireland House NYU ar fáil ag  http://www.irelandhouse.fas.nyu.edu/object/irelandhouse.directions.html .    

           

 

 

 

SYMPOSIUM ON THE IRISH LANGUAGE

IN HONOR OF BARRA Ó DONNABHÁIN

AT NEW YORK UNIVERSITY

           

April 28th, 2007 · 10am to 5pm

Second Annual Barra Ó Donnabháin Commemoration

Teaching and Learning the Irish Language in the United States 

This symposium, named in honor of Barra Ó Donnabháin, will address several themes regarding the Irish language, including methods of instruction, the role and potential of technology, attitudes and responses to the language among varied student communities and regions in the United States, the relationship between Ireland and the United States in terms of Irish language organizations, public policy, and diverse media, and projection about potential future trends in Irish language learning. Pádraig Ó Cearúill, Moderator.  This event will take place in Irish.    

The panel discussions will include the following talks:           

10:00- 10:30am   Welcome and coffee              

10:30- 12:00pm   Panel 1: Language Acquisition: Motivations and Methods     

         Eileen Zurell, "Where Did You Get Your Irish?" 

        Tom Cahill, "Me and the Irish Language" Language"

        Elaine Ní Bhraonáin, "Using the Internet to Teach Irish: the Practical Impact of Technology on Irish Language Learning"        

12:00- 1:00pm    Lunch

1:00- 2:30pm     Panel 2: Challenges: Practice and Perspectives          

        Francesca McCully, "Reflections on Teaching Irish in America through Fulbright’s Foreign Language Teaching Assistant Program (FLTA)"      

        Hilary Mhic Shuibhne, "Teaching Irish to Adults in the the US: Effective Methods"   

         Roslyn Blyn-LaDrew, "What Color Is an Orange?  Carrots?  The Flag of Ireland?, or, 'Ye Could Get Murdhered for [Teaching] That!'"        

2:30- 2:45pm     Break  

2:45- 3:45pm     Panel 3: In the Broader Context: Locality and Politics 

         Pádraig Ó Cearúill, "Irish in Northern Ireland"               

         Sean Cahill, "Politics of the Irish Language"      

3:45- 4:00pm     Break  

4:00- 5:00pm     Performance of Irish-language songs by NYU Irish Language Folk Group      

This is the second annual commemoration of the life and work of Barra Ó Donnabháin, who provided such invaluable service to the teaching and promotion of the Irish language in America.           

Please RSVP to Glucksman Ireland House NYU at ireland.house@nyu.edu or at 212-998-3950, option 3.        

Directions to Glucksman Ireland House NYU are also available on our directions page at http://www.irelandhouse.fas.nyu.edu/object/irelandhouse.directions.html .    

           

RANG GAEILGE SAOR IN AISCE AG AN CLAIDHEAMH SOLUIS I MANHATTAN ANOIS DÍREACH!

 

Tháinig sé seo isteach an tseachtain seo ó Elaine Ní Bhraonáin: 

Tá rang saor in aisce ar fáil anois díreach ag An Claidheamh Soluis / The Irish Arts Center i Manhattan gach oíche Luain ag 7:30 i.n. ar a dtugtar Tae Agus Comhrá.  Tá fáilte roimh chách, ó thosaitheoir go cainteoir líofa, agus deireann Elaine "Tar isteach do thae agus bhrioscaí agus foghlaim Gaeilge ag an am céanna."  Tá An Claidheamh Soluis ag 553 West 51st Street (idir 10ú agus 11ú) agus is féidir leat iad a fháil ar an nguthán ag 646-258-1133.  Go raibh míle maith agaibh, a Elaine agus a chairde ag An Claidheamh Soluis / The Irish Arts Center!

 

 

 

FREE IRISH LANGUAGE CLASS AT THE IRISH ARTS CENTER IN MANHATTAN RIGHT NOW!

 

This came in this week from Elaine Ní Bhraonáin: 

There's a free Irish language class available right now at An Claidheamh Soluis / The Irish Arts Center in Manhattan every Monday night at 7:30PM which is called Tea And Conversation.   Everyone's welcome, from beginner to fluent speaker, and Elaine says "Join us for tea and cookies and learn Irish at the same time."  An Claidheamh Soluis / The Irish Arts Center is at 553 West 51st Street (between 10th and 11th) and you can get them on the phone at 646-258-1133.  Many thanks to Elaine and our friends at An Claidheamh Soluis / The Irish Arts Center!

 

 

SPOTSHOLAS AR GHAEILGE AG BOSTON COLLEGE

 
Tá sé seo istigh ó Elizabeth Sullivan.
 
Tá Coláiste Bhoston ag cur spotsholais ar ranganna agus imeachtaí na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh ar a bhlag ag http://bcirishstudies.blogspot.com/search/label/Irish%20language .  Is féidir altanna eile a fháil faoi staidéir Éireannacha (le léachtaí, ranganna, scéala, agus imeachtaí ina measc) ag http://bcirishstudies.blogspot.com/ .   Freisin, tá ranganna na Gaeilge ar oscailt do chách ag Coláiste Bhoston trína Woods College of Advancing Studies.  Do bhreis eolais faoina ranganna Gaeilge, féach ar http://www.bc.edu/centers/irish/studies/courses/ . 
 
Agus go raibh maith agat as an bhfaisnéis seo, a Éilís.

 

SPOTLIGHT ON THE IRISH LANGUAGE AT BOSTON COLLEGE

This is in from Elizabeth Sullivan.

 
Boston College is spotlighting Irish language classes and events in North America on its blog at http://bcirishstudies.blogspot.com/search/label/Irish%20language .  Other articles about Irish Studies (including lectures, classes, news, and events) can be found at http://bcirishstudies.blogspot.com/ .   Also, Irish language classes are open to all at Boston College through their Woods College of Advancing Studies.  For more information about their Irish language classes, see http://www.bc.edu/centers/irish/studies/courses/ . 
 
And thank you for this information, Elizabeth.

LÁ NA GAEILGE I bPORTLAND (OREGON) 19 BEALTAINE 2007

Tá sé seo istigh ó Roibeárd de Búrca:

 "Beidh ‘Lá na Gaeilge’ againne i bPortland, Oregon, Dé Sathairn 19 Mí na Bealtaine 2007.  Is é seo an chéad lá lán-Gaeilge a bheas againn.  Beidh idir ranganna, cheardlanna agus léachtaí ann.  Cuirfidh muid críoch leis an lá le seisiún bríomhar.  Beidh fáilte mhór roimh chách – más tosaitheoir thú nó duine a bhfuil an Ghaeilge ar do thoil agat.  Tuilleadh eolais:  AnRoibeard@Comcast.net Aislinnadams@Comcast.net ."

 Go raibh míle maith agat, a Roibeáird, agus n-éirí lá iontach libh go léir!

 

 

IRISH LANGUAGE DAY IN PORTLAND (OREGON) MAY 19, 2007

 This is in from Bob Burke:

"We're be having an "Irish Language Day" in Portland, Oregon, Saturday May 19, 2007.   This is the first all-Irish language day we'll be having.  There will be classes, workshops, and lectures.  We'll end the day with a lively seisiún.  Everyone will be welcome - from beginners to fluent speakers.  For more information:   AnRoibeard@Comcast.net Aislinnadams@Comcast.net ."

 Many thanks, Bob, and may you all have a great day!

 

     

GRÚPA YAHOO! BUNAITHE DO STAIDÉAR CHAINT ROS MUC

Tá sé seo istigh ó Éamon Jeffers:

"Tá grúpa bunaithe thall ag http://groups.yahoo.com/group/caintrosmuc/   a bhfuil de chuspóir aige staidéar a dhéanamh ar Chaint Ros Muc, an leabhar agus na taifid a rinneadh sna 60í.  Scéalta an-suimiúla atá iontu, agus beidh seans againn Gaeilge labhartha a chleachtadh – idir ag éisteacht agus ag caint.  Tá rithim bhreá nádúrtha le cloisteáil ó Ghaeilge na dtaifead, agus tá chuile fhocal dhe scríofa sa leabhar.

"Beidh muid ag obair mar fhoireann – níos sásúla ná bheith i t'aonar ar ndóigh.  Bheadh an grúpa feiliúnach d'éinne a bhfuil Learning Irish, nó cúrsa eile dhá leithéid, léite aige cheana.  Ach ní gá bheith líofa.  Má tá Gaeilge cineál ciotach againn, mara mbíonn muid in ann Gaeilge labhartha a thuiscint chomh éasca sin, má tá blas uafásach ar ár gcuid Ghaeilge, tá súil againn na deacrachtaí sin a réiteach thrí obair in éindí le chéile!

"Má tá suim agaibh, nó má tá sibh in ann cuidiú linn, beidh fáilte romhaibh."

Go raibh maith agat, a Éamoin, agus comhghairdeachas libh ar bhur ngrúpa breá!

 

 

YAHOO! GROUP ESTABLISHED FOR STUDY OF THE ROS MUC DIALECT

 This is in from Éamon Jeffers:

"A group has been set up over at  http://groups.yahoo.com/group/caintrosmuc/ to study Caint Ros Muc, the book and recordings of the Ros Muc dialect that were made back in the 60s.  They contain really interesting stories, and we'll have the chance to practice our spoken Irish – both listening and speaking.  There's a lovely natural rhythm to the Irish in the recordings, and every word is transcribed in the book.

"We'll be working as a team – more pleasing than working on your own, of course.  The group would be suitable for anyone who has already read Learning Irish, or a similar course.  But there's no need to be fluent.  If our Irish is a bit clumsy, if we can't easily understand spoken Irish, if we speak Irish with some awful accent, then we hope to fix those problems by working together.

"If you're interested, or if you can help us, then you'll be welcome."

Thank you, Éamon, and congratulations on your fine group!

 

 

GÁ DO MHÚINTEOIR GAEILGE GACH SATHARN I YONKERS, NUA EABHRAC

 Insíonn Órla Kelleher dúinn go bhfuil an Aisling Irish Community Center ag lorg múinteora chun ranganna Gaeilge a mhúineadh do pháistí ag 10AM go 11AM agus 11:15 go 12:15PM gach Satharn.  Tá breis agus dosaen páistí sna ranganna cheana féin agus is post íoctha é seo.  Do bhreis eolais, téigh i dteagmháil le hÓrla ag

Aisling Irish Community Center

Yonkers, New York

914-237-5121 agus orla@aislingcenter.org

Go raibh maith agat, a Órla, agus comhghairdeachas ar bhur ranganna breátha!

 

 

IRISH LANGUAGE TEACHER NEEDED EVERY SATURDAY IN YONKERS, NEW YORK

 Órla Kelleher tells us that the Aisling Irish Community Center is looking for a teacher to teach Irish classes for children at 10AM to 11AM and 11:15AM to 12:15PM every Saturday.  There are already more than a dozen children in these classes and it’s a paid position.  For more information, contact Órla at  

 Aisling Irish Community Center

Yonkers, New York

914-237-5121 and orla@aislingcenter.org

 Thank you, Órla, and congratulations on these fine classes!

     

Gan Ghaeilge, gan Ghaelach.

Gan Ghaelach, Gan Éireannach.

Gan Éireannach, gan Éire.

 

Without the Irish language, nothing Gaelic.

Without anything Gaelic, nothing Irish.

Without anything Irish, there isn't any Ireland.

     

Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilgeeilge
Goals of The Philo-Celtic Society

Is iad seo cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1. tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2. athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Tar isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce.

These are the goals of The Philo-Celtic Society:

1. the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of Irish as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2. the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

Join our Community and our free on-line Irish language School at Philo-Celtic Society School .

Uimhir Bhuillí Ó 1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since November 1, 2004