BUANN
CUMANN CARAD NA GAEILGE COMÓRTAS DOMHANDA GHLÓR NA
nGAEL!
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe, Éire, 3 Márta 2007. Ghlac Pádraig Ó
Clúmháin agus Daithí Mac Lochlainn thar ceann Chumann
Carad na Gaeilge an chéad áit i gComórtas Domhanda Ghlór
na nGael urraithe le Foras na Gaeilge d'eagraíochtaí
agus d'imeachtaí na Gaeilge i dtíortha nach Éire.
Tairgeann Pádraig agus Daithí a n-am dena ndeoin féin
mar oifigigh i gCumann Carad na Gaeilge. Tá
Pádraig ina Rúnaí Ballraíochta, tá Daithí ina Rúnaí Um
Mhúineadh, agus tá 6 Mhúinteoir Idirlín ag an gCumann an
trian seo, cúig Mheiriceánach agus Éireannach le Daithí
agus Pádraig ina measc.
Bhronn an
tAire Éamonn Ó Cuív, TD an trófaí do Phádraig agus
Dhaithí. Léigh an tUasal Lorcán Mac Gabhann,
Príomhfheidhmeannach Ghlór na nGael, stair Chumann Carad
na Gaeilge agus tuairisc faoi thacaíocht a thugann an
Cumann do scoláirí, imeachtaí, agus eagraíochtaí na
Gaeilge. Dúirt Daithí "Táimid buíoch ar fad de Ghlór
na nGael as ucht na deise le cuairt a chur an an
nGaeltacht, agus is aoibhinn a fheiceáil go bhfuil a
fhios ag daoine anseo i 'bhFoinse na Teanga' ar ár
saothar thar lear. Cuireann sin bród an domhain
orainn." Dúirt Pádraig sa bhreis "Ba mhaith linn ár
mbuíochas a thabhairt dosna daoine go léir ag Glór na
nGael agus Foras na Gaeilge. Is onóir iontach é seo.
Agus freisin táimid buíoch desnár gcairdre go léir
timpeall an domhain atá ag obair d'athbheochan na
Gaeilge agus do
lucht na Gaeilge. Comhghairdeachas libh go léir."
Do bhreis eolais
faoi Ghlór na nGael téigh go
www.glornangael.ie/ ,
agus do bhreis eolas faoi Chumann Carad na Gaeilge téigh
go
www.philo-celtic.com
.
|
|
THE
PHILO-CELTIC SOCIETY WINS GLÓR NA nGAEL'S GLOBAL GAEILGE
COMPETITION!
Indreabhán, Co. na
Gaillimhe, Ireland, March 3, 2007. Pádraig Ó Clúmháin
and Daithí Mac Lochlainn accepted on behalf of The
Philo-Celtic Society first place in Glór na nGael's
Global Gaeilge Competition sponsored by Foras na Gaeilge
for Irish language organizations and activities outside
Ireland. Pádraig and Daithí volunteer their time as
officers of The Philo-Celtic Society. Pádraig
is Membership Secretary, Daithí is Secretary For
Teaching, and the Society has six Internet Teachers this
semester, five Americans and an Irishman including
Daithí and Pádraig.
The Minister Éamonn Ó Cuív,
TD presented the trophy to Pádraig and Daithí. Mr.
Lorcán Mac Gabhann, Chief Executive of Glór na nGael,
read a history of The Philo-Celtic Society and a report
about its support for Irish language students,
activities, and organizations. Daithí said "We're very
thankful to Glór na nGael for this opportunity to visit
the Gaeltacht, and it's wonderful to see that people
here in 'The Source of the Language' know what we're
doing overseas. That makes us extremely proud."
Pádraig added "We want to thank everyone at Glór na
nGael and Foras na Gaeilge. This is a wonderful honor.
And we're also thankful to all our friends around the
world who are working for the renaissance of
the Irish language and for
the Irish language community.
Congratulations to you all."
For more
information about Glór na nGael go to
www.glornangael.ie/ , and for
more information about The Philo-Celtic Society go to
www.philo-celtic.com
.
|
FOILSEOFAR
SANAS
LE LIAM Ó MUIRTHILE 15 MÁRTA 2007
Deirtear gurb é seo an bunchnuasach filíochta is
téagartha agus is ilghnéithí ag an údar le tamall. Dhá
chnuasach ar shlí é in aon cheann amháin, scátháin a
chéile mar a thuigfí ó phalandróm an teidil. Dánta
clasaiceacha máistriúla cuid díobh, agus saothair eile a
shíneann a ngéaga go raidhsiúil agus go fairsing i mbun
súgartha.
Tá CD suaithinseach ag gabháil leis ar a bhfuil ceol le
roinnt de na dánta. I bpáirt leis an amhránaí Iarla Ó
Lionaird a rinneadh an taifeadadh.
Rugadh Liam Ó Muirthile i gCathair Chorcaí i 1950, an
chéad duine de naonúr clainne. D'fhreastail sé ar
Chlochar na Toirbhirte, Scoil Chríost Rí agus Coláiste
Chríost Rí. Chuaigh sé chun na hollscoile i gCorcaigh ar
scoláireacht ón mBardas sa bhliain 1968, agus bhain sé
amach céim BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Chaith sé
tréimhsí sa Fhrainc le linn a chúrsa ollscoile.
Chaitheadh sé tréimhsí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ó
bhí sé ar an meánscoil. Bhí an Ríordánach agus an
Riadach i mbarr a réime san Ollscoil i gCorcaigh san
am. Ba é Seán Ó Tuama an tOllamh le Gaeilge. Bhí
Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel
Rosenstock ag gabháil don Ghaeilge an tráth sin agus
chuir siad tús leis an iris fhilíochta
Innti agus iad san ollscoil.
TUILLEADH EOLAIS:
Lá Foilsithe: Déardaoin 15 Márta
Praghas (leabhar agus CD): €15
Téigh i dteagmháil le Liam Carson.
Ríomh-phost: liamog62@eircom.net
Fón: 087-2912797 nó 01-8329594 |
|
SANAS
BY LIAM Ó
MUIRTHILE WILL
BE PUBLISHED
MARCH 15, 2007
Here
are poems in
honor of
musicians, poets
and
story-tellers,
including Rory
Gallagher and
Michael
Hartnett. There
are love poems;
jokes and
word-games;
lyrics and
lullabies; and
responses to
war, death and
personal loss.
Simultaneously
sparse and
complex, elegiac
and celebratory,
Sanas is perhaps
the most
beautifully
constructed
collection yet
from Liam Ó
Muirthile, one
of Ireland's
leading poets.
In the
accompanying CD,
Ó Muirthile's
extraordinary
voice comes
alive – this is
poetry that
sings – in a
series of
magical
soundscapes
created by
singer and
composer Iarla Ó
Lionaird.
Liam Ó
Muirthile was
born in 1950 in
Cork, where he
studied at UCC.
His first
collection of
poetry was Tine
Chnámh, winner
of the Ó
Riordáin Prize
at the
Oireachtas. He
was presented
with the
Irish-American
Cultural
Foundation Prize
(1984), the
Butler
Award (1996),
the Arts Council
Prize (2001) and
Gradam Chló
Iar-Chonnacht
(2000) for his
poetry
collection
Walking Time and
Other Poems.
Amharclann de
hÍde produced
his play Tine
Chnámh in Dublin
in 1993, Fear an
Tae was produced
in the
Andrews Lane Theatre in 1995 and Liodán na hAbhann in 2000. His
novel Ar Bhruach
na Laoi won the
major fiction
award in the
Oireachtas
(1995). He
contributed a
weekly column to
The Irish Times
from 1989 to
2003. Liam is a
member of
Aosdána and
lives in
Dublin.
FURTHER
INFORMATION:
Publication
Date: March 15.
2007
Price (book and
CD): €15
Please contact
Liam Carson.
Email:
liamog62@eircom.net
Phone:
087-2912797 nó
01-8329594
|
|
|
Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair d'athbheochan
domhanda na Gaeilge!
|
|
|
|
The Philo-Celtic
Society
Working for the
worldwide renaissance of the Irish Language!
|
RANG GAEILGE AG TOSÚ I
SAN DIEGO 3/23/07
Tá bunrang Gaeilge nua
ag tosú i San Diego 23ú
Márta. Beidh an rang ar
siúl ag Teach na
hÉireann i mBalboa Park
gach Aoine ón 7 go dtí a
9 a chlog sa tráthnóna.
Is é suíomh idirlín Tí
na hÉireann ná
http://www.houseofireland.org
. Do bhreis eolais,
teagmhaigh le Shanti
Hofshi ag 858-395-1399
nó s@hofshi.net .
|
|
|
|
IRISH LANGUAGE
CLASS STARTING IN
SAN DIEGO 3/23/07
There is
a new beginning Irish class starting in San Diego on
March 23rd. The class will be every Friday from 7 - 9
p.m. at the House of Ireland in Balboa Park. The web
site for the House of Ireland is at
http://www.houseofireland.org
. For additional information, contact Shanti Hofshi at
858-395-1399 or
s@hofshi.net . |
AIFREANN NA GAEILGE I NUA EABHRAC AR LÁ FHÉILE
PÁDRAIG 2007
Beidh an tAthair Mícheál Ó Sé ag léamh Aifrinn
Gaeilge ar a 10 r.n., Lá 'le Pádraig, 17 Márta 2007, in
eaglais Naomh Agnéis atá suite i 143 E. 43rd St., idir
Lexington is Third. Do bhreis eolais, teagmhaigh le
hAnna Megan ag 212-682-5722. Má tá Gaeilge líofa agat,
cuir glaoch ar Áine. Tá gá do léitheoirí agus
d'amhránaithe.
|
|
IRISH LANGUAGE MASS IN NEW YORK ON ST.
PATRICK'S DAY 2007
Fr. Michael O'Shea from Co. Kerry will celebrate
a Mass in Irish at St. Agnes Church 143 East 43rd
Street, New York (between Lexington Avenue. and 3rd
Ave.) at 10:00AM on St. Patrick's Day. For further
Information please contact Anna Megan at (212)
682-5722. Anybody who is fluent in the Irish
language please give Anna a call. Readers and
Singers are needed.
|
AMHRÁNAITHE MEIRICEÁNACHA NA GAEILGE AR RAIDIÓ OLLSCOIL
FORDHAM!
An
deireadh seachtaine seo chaite ar a chlár dátheangach
"Mile Fáilte" ar WFUV - Raidió Ollscoil Fordham, chuir
Dr. Séamus de Bláca a spotsholas ar amhránaithe
Meiriceánacha a chanann as Gaeilge. Chualamar sa chlár
seo de 3 Márta 2007 ár gcairde Lugh de Paor, Séamas Ó
Neachtain, Nikki-Lynn Ragsdale, Na Buachaillí Dána,
Elizabeth Pendelton, Cathie Ryan, Gaelic Storm, agus
eile, cuid díobh ina mbaill de Chumann Carad na
Gaeilge. Craolann Séamus de Bláca a chlár gach Satharn
ag 8AM ar 90.7FM, ach is féidir leat an clár seo is
déanaí (agus gach clár eile de "Míle Fáilte") a
chloisteáil ar fud an domhain aon am atá uait má théann
tú go dtí Cartlann Raidió Fordham ag
http://wfuv.venaca.com/cgi-bin/colinker25.cgi?colink=100818478740758 .
Is múinteoir, craoltóir, agus eagarthóir na Gaeilge é
Séamus de Bláca. Do bhreis eolais faoina chlár "Míle
Fáilte", téigh go http://wfuv.org/programs/milefailte.html
agus do fhaisnéis faoin Dr. Séamus de Bláca, téigh go
http://wfuv.org/about/staff/blake.html .

|
|
AMERICAN SINGERS OF IRISH ON
FORDHAM UNIVERSITY RADIO!
This past
weekend on his bilingual program "Míle Fáilte" on WFUV -
Fordham University Radio, Dr. Séamus Blake put his
spotlight on American singers who sing in Irish. We
heard in this program of March 3, 2007 our friends Lugh
de Paor, Séamus Ó Neachtain, Nikki-Lynn Ragsdale, The
Bold Boys, Elizabeth Pendelton, Cathie Ryan, Gaelic
Storm, and others, some of whom are members of The
Philo-Celtic Society. Séamus Blake broadcasts his
program every Saturday at 8AM on 90.7FM, but you can
hear this latest program (and every other program of
"Míle Fáilte") worldwide any time you want if you go to
the Fordham Radio Archive at http://wfuv.venaca.com/cgi-bin/colinker25.cgi?colink=100818478740758 .
Séamus Blake is a teacher, broadcaster, and editor of
the Irish language. For more information about his
program "Míle Fáilte," go to http://wfuv.org/programs/milefailte.html and
for information about Dr. Séamus Blake, go to http://wfuv.org/about/staff/blake.html .
Séamus
Blake
With the Irish
language, its music, song, and culture on Saturday
mornings at 8am on WFUV, 90.7FM. |
Gan Ghaeilge, gan
Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan
Éireannach.
Gan Éireannach,
gan Éire. |
|
Without the Irish
language, nothing Gaelic.
Without anything
Gaelic, nothing Irish.
Without anything
Irish, there isn't any Ireland.
|
Cuspóirí Chumann
Carad na Gaeilge
Goals of The Philo-Celtic Society |
Is iad seo cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:
1.
tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na
Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na
nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;
2. athbheochan agus aththionscnamh na
Gaeilge mar theanga labhartha bheo na
hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.
Tar isteach inár
gComhphobal agus inár
Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce. |
These are the goals of The Philo-Celtic Society:
1.
the support,
strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion,
teaching, and renaissance of Irish as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the
Gaeil, in America and throughout the world;
2.
the renaissance and re-establishment of Irish as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
Join our Community and our free on-line Irish language School at
Philo-Celtic Society
School . |
|