An Gael - Feabhra 2008   /   An Gael - February 2008

Feabhra 2008   /   February 2008

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge Ó 1881
Official Magazine of The Philo-Celtic Society since 1881

Glaonn Déagóirí Do Mhúineadh na Gaeilge i Scoileanna na Breataine
Chuaigh grúpa déagóirí a bhfuil cónaí orthu i mBreatain go 10 Dowling Street i Samhain chun tuairisc a sheachadadh a ghlaonn ar an rialtas Gaeilge a mhúineadh i scoileanna thar Bhreatain.  Fuair an tuairisc seo, "Raising Standards, Offering Choice" gurb í an Ghaeilge an ceathrú teanga is fearr le páistí scoile na Breataine agus iad ag rá cé hiad na teangacha gur mhaith leo a fhoghlaim.  Dúirt Simon Hughes (mac léinn de 18 bliain) gur chóir do Phríomh-Aire Gordon Brown machnamh ar Ghaeilge a chur isteach i gcuraclam scoile amháin ar a laghad i ngach cathair mhór na Breataine.  D'fhaisnéis sa bhreis, téigh go Glaoch Do Ghaeilge i Scoileanna na Breataine. 
 

 

Teenagers Call For The Teaching Of The Irish Language In British Schools
A group of teenagers who live in Britain went to 10 Downing Street in November to deliver a report which calls on the British government to teach  the Irish language in schools across Britain.  This report, "Raising Standards, Offering Choice," found that the Irish language is the fourth most preferred by schoolchildren in Britain when saying what languages they would want to learn.  Simon Hughes (an 18 year old student) said that Prime Minister Gordon Brown should consider putting Irish into the curriculum of at least one school in every major British city.  For additional information, go to  A Call For Gaeilge In British Schools. 
 

Anois Díreach!

 

Right Now!

Beidh Glór na nGael Ag Teacht Go Meiriceá Thuaidh I Mí Feabhra
Beidh Glór na nGael ag teacht go Nua-Eabhrac i bhFeabhra chun fógra tábhachtach a dhéanamh faoi Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh. 
Bronnann Glór na nGael breis agus €200000 de dhuaiseanna ar choistí na Gaeilge timpeall na hÉireann gach bliain.  Beimid ag tuairisciú ar an bhfógra seo inár gcéad eagrán eile.  Do bhreis eolais faoi Ghlór na nGael, téigh go Forbairt agus Caomhnú Teanga . 
 

 

Glór na nGael Will Be Coming To North America In February
Glór na nGael will be coming to New York in February to make an important announcement about the Irish language in North America. 
Glór na nGael bestows more than €200000 in prizes to Irish language committees around Ireland each year.  We'll be reporting on this important event in our next issue.  For more information about Glór na nGael, go to Expansion of the Language . 
 

Scoil Chumann Carad na Gaeilge - Téarma Nua Saor Ar Líne Ar Fud An Domhain Ag Tosú Anois!
Beidh téarma nua de ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce á thosú an chéad seachtain i mí Feabhra 2008 ag Scoil Chumann Carad na Gaeilge.  Beidh seacht rang ag an gCumann:  trí ag an mbun-leibhéal, dhá mheánrang, agus dhá ard-cheardlann.  Tá breis agus 460 scoláire cheana féin timpeall an domhain sa scoil seo a thosaigh bliain amháin ó shin.  Chun clárú, nó má's maith leat fáil amach faoi mhúineadh mar dheonaí, téigh go Scoil Chumann Carad na Gaeilge agus buail ar "Join This Group."  Tá fáilte roimh chách.  Do bhreis eolais faoi Chumann Carad na Gaeilge, téigh go www.philo-celtic.com .

 


The Philo-Celtic Society School - A New, Free, Worldwide, On-Line Term Starting Now!
The Philo-Celtic Society School's new term of free, on-line, Irish language classes will be starting the first week of February 2008.  The Society will have seven classes this semester:  three at the beginning level, two intermediate classes, and two advanced workshops.  There are already over 460 students around the world in this school which started only a year ago.  To register, or if you'd like to find out about teaching as a volunteer, go to The Philo-Celtic Society School and hit "Join This Group."  All are welcome.  For more information about The Philo-Celtic Society, go to www.philo-celtic.com . 
 

Téarma Nua na Gaeilge Ag Tosú Anois Ag Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic!
Beidh bunranganna agus meánranganna ar siúl ag Coláiste Lehman an t-Earrach seo.  Mar shampla, beidh cúrsa i "Léamh agus Tuiscint na Gaeilge" ar fáil ar líne.   Trí léitheoireacht mhion a dhéanamh ar théacsanna comhaimseartha agus scéalta seanchais, díreofar ar stíl scríbhneoireachta an mhic léinn féin a ardú.  Iarrfar ar an mac léinn ceisteanna léamhthuisceana a fhreagairt agus alt gearr a scríobh gach seachtain bunaithe ar an téacs.  Tabharfar aiseolas rialta don té ar mian leis nó léi tabhairt faoin gcúrsa seo. Tuilleadh eolais ach glaoch ar 718-960-6722 nó ríomhphost a chur chuig            cunyiias@lehman.cuny.edu . 

 
 

New Term of Irish Starting Now At Lehman College, City University of New York!
Lehman College will have beginning and intermediate Irish language classes this Spring.  For example, a course in "Irish Reading and Comprehension" will be made available on-line.  Through close reading of modern texts and stories from Irish seanchas, the writing style of the student will be greatly improved.  The student will be asked to complete comprehension exercises and to write a short article each week based on the text. Regular feedback will be provided to ensure plenty of support for anyone who wishes to take this course. For more information, please call 718-960-6722 or send an email to cunyiias@lehman.cuny.edu . 

 

Ranganna na Gaeilge i gConnecticut ag Tosú Anois!
Thosaigh ranganna Gaeilge ag an mbun-leibhéal agus an meán-leibhéal ar 28 Eanáir 2008.  Téarma: 14 seachtain.  Gach oíche De Luain.  Áit:  Halla AOH i nDanbury, CT.  Do bhreis eolais teagmhaigh le John Feeney ag 203 417-1700 nó johnfeeney51@comcast.net . 
 
 
Irish Language Classes in Connecticut Starting Now!
Irish Language Classes at the beginning and intermediate levels just started on January 28 2008.  Term: 14 weeks.  Every Monday evening.  Location: the AOH Hall in Danbury, CTFor additional information contact John Feeney at 203 417-1700 or johnfeeney51@comcast.net .   
 
"Páistí na Gaeilge" i Nua-Eabhrac ag Tosú Anois
Beidh Elaine Ní Bhraonáin ag múineadh ranga lán le spraoi agus scleondar do pháistí gach Sathairn idir 11AM agus Nóin ag An Claidheamh Soluis i Manhattan ag tosú 19 Eanáir 2008.  Do bhreis eolais, glaoigh ar 212.757.3318 ext. 203, agus cliogáil ar Páistí na Gaeilge. 
 
  "Gaelic Kids" i Nua-Eabhrac Starting Now
Elaine Ní Bhraonáin will be teaching a fun and exciting class for children each Saturday between 11AM and Noon at The Irish Arts Center in Manhattan starting January 19, 2008.  For more information, call 212.757.3318 ext. 203, and click on Gaelic Kids. 
 
Cultúr Gaelach do Pháistí i Massachusetts Anois
Tá ranganna do pháistí ar siúl ag The Irish Cultural Center Of New England i gCanton, Massachusetts ar chultúr Gaelach na hÉireann leis an dteanga ina líon.  Do bhreis-fhaisnéis, téigh go bun an leathanaigh ag Cultúr Gaelach do Pháistí . 

  
  Gaelic Culture For Children Now In Massachusetts
Classes for children are going on now at The Irish Cultural Center Of New England in Canton, Massachusetts in Ireland's Gaelic culture including the Irish language.  For detail, go to the bottom of the page at Gaelic Culture for Children . 

  
Tá Béaloideas, Imleabhar 73, Ar Fáil Anois
Ár mbuíochas le Marion Gunn a insíonn dúinn go bhfuil imleabhar 73 don irisleabhar Béaloideas ar fáil anois.  Tá cuid is mó den imleabhar seo as Sacsbhéarla ach seo daoibh sliocht álainn ar scríobh Déirdre D'Auria as Gaeilge ar nósanna a bhaineann leis an mbreith.  "Ní féidir a bheith cinnte faoi mhórán sa saol seo: ní féidir a bheith cinnte de go n-éireoidh linn inár saol pearsanta, nó inár saol oibre.... Ní féidir ach a bheith cinnte dearfa den mhéid seo: gur saolaíodh sinn agus gurb é an bás is dán agus is deireadh dúinn."  Téigh go Béaloideas!  
 
  Béaloideas, Volume 73, Is Now Available
Our thanks to Marion Gunn who tells us that Volume 73 of Béaloideas is now available.  Much of this volume is in English but here's a little bit written beautifully by Déirdre D'Auria in Irish about customs which deal with birth.  "It's not possible to be certain about much in this life.  It's not possible to be certain that we will succeed in our personal life, or in our work life...  It's not possible to be certain except about this much:  that we were born and that it's death which is the fate and end of us."  Go to Béaloideas!  
 
100 Podchraoladh Ó Chumann Carad na Gaeilge Ar Fáil Anois Ar Fud An Domhain!
Tá breis agus 100 podchraoladh ar fáil anois ó Chumann Carad na Gaeilge, gach ceann acu léirithe le Séamas Ó Neachtain.  Go raibh míle maith agat, a Shéamais! Sár-obair ar fad!  Chun éisteacht leis an gcéadú podchraoladh (le Des Bishop mar aoi), téigh go Podchraoladh. 
 
  100 Podcasts From The Philo-Celtic Society Now Available Around The World!
There are now 100 podcasts available from The Philo-Celtic Society, each one of them produced by Séamas Ó Neachtain.  Many thanks, Séamas!  A wonderful job entirely!  To listen to the 100th podcast (with Des Bishop as guest), go to Podcasting. 
 

 

Feabhra

 

February

Ranganna Ag Scoil Ghaeilge na Sydney Ag Tosú 4 Feabhra 2008
Tá sé seo istigh ó Elke Watson.  Go raibh maith agat arís, a Elke!  Tá trí leibhéal na Nua-Ghaeilge (agus Sean-Ghaeilge sa bhreis!) á múineadh ag Scoil Ghaeilge na Sydney gach oíche Luain ag an gClub Gaelach.  Do bhreis fhaisnéise, féach ar Scoil Ghaeilge na Sydney. 

 
  Classes At The Irish Language School Sydney Starting February 4, 2008
This is in from Elke Watson.  Thanks again, Elke!  There are three levels of Modern Irish (plus Old Irish!) being taught by The Irish Language School Sydney every Monday night at The Gaelic Club.  For more information, see Irish Language School Sydney. 

 


Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín - Trian Nua de Ranganna Saor In Aisce i Stáit Nua-Eabhraic ag Tosú 7 Feabhra 2008
Tosóidh trian nua saor in aisce de ranganna Gaeilge  oíche Déardaoine, 7 Feabhra 2008 ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac, le tumranganna do pháistí óga agus a dtúismitheoirí ina measc.  Do bhreis eolais, teagmhaigh le  Gearóid Ó Ceallaigh, Rúnaí Fógraíochta, at 516-221-2910 . 

 

 


Gerry Tobin Irish Language School - A New Semester Of Free Irish Classes in New York Starting February 7, 2008
A new, free semester of Irish language classes will begin Thursday night, February 7, 2008 at The Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York, including immersion classes for young children and their parents.  For detail, contact Jerry Kelly, Publicity Secretary, at 516-221-2910 .
 

Téarma Nua de Ranganna Gaeilge Ag Tosú 9 Feabhra 2008 Ag Ollscoil Sydney, An Ástráil
Tuairiscíonn Elke Watson dúinn go bhfuil déanmhas maith ag na ranganna ag Ollscoil Sydney agus gur fiú é freastal orthu.  D'eolas sa bhreis, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo.  Go raibh míle maith agat, a Elke! 

 
  A New Term Of Irish Classes Starting February 9, 2008 At The University Of Sydney, Australia
Elke Watson reports to us that the University of Sydney classes are well-structured and that they're worth attending.  For more information, contact the University here .  Many thanks, Elke! 

 
Ranganna ag Scoil Chois Claí i Westchester, Nua-Eabhrac ag Tosú 12 Feabhra 2008
Beidh ceithre leibhéal de ranganna á dtosnú ag Scoil Chois Claí 12 Feabhra 2008 ag Coláiste Iona, New Rochelle, Westchester County, Nua-Eabhrac:  bun-leibhéal, meán-leibhéal, ard-chomhrá, agus cumadóireacht & filíocht.  Do shonraí, seol r-theachtaireacht chuig an.scoil.chois.clai@gmail.com nó cuir glaoch ar Hilary ag 914 276-0412.
 
  Classes at Scoil Chois Claí in Westchester, New York Starting February 12, 2008
Scoil Chois Claí will have four levels of classes starting February 12, 2008 at Iona College, New Rochelle, Westchester County, New York:  beginning, intermediate, advanced conversation, and composition & poetry.  For details, send an email to an.scoil.chois.clai@gmail.com or call Hilary at 914 276-0412.
 
Deireadh Seachtaine Gaeilge i nEsopus, Stáit Nua-Eabhraic, 15ú - 17ú Feabhra 2008
Tá sé seo istigh ónár gcairde ag Daltaí na Gaeilge.  "Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 15ú - 17ú Feabhra 2008 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú ar an idirlíon ag Daltaí.
 
  Irish Language Immersion Weekend In Esopus, New York State, February 15-17, 2008
This is in from our friends at Daltaí na Gaeilge.  "Daltaí na Gaeilge will hold our Irish Language Immersion Weekend, February 15th - 17th, 2008 in Esopus, New York. Online registration and payment are available at Daltaí.
 
"Sean-Nós Milwaukee" ag University of Wisconsin, Milwaukee - Deireadh Seachtaine na Gaeilge 15-17 Feabhra, 2008
Faoi choimirce Ollscoil Wisconsin-Milwaukee agus Craobh Curtin Chonradh na Gaeilge, beidh Eamónn Ó Donnchadha, Eilís Ui Shúilleabháin, agus Áine Meenahan ag múineadh amhránaíochta; Bairbre Ni Chiardha, Jim Flanagan, Dineen Grow, Micheál McMechan, agus Peadar Ó Muircheartaigh ag múineadh na Gaeilge; beidh Cé agus Athás ag seinm ceol traidisiúnta; & beidh siopaí ceoil agus leabhar, scannáin, agus a lán eile.  D'eolas, téigh go Stáidéir Cheilteacha ag UWM agus glaoigh ar 414-229-6520 nó 414-229-2608. 
 
  "Sean-Nós Milwaukee" at the University of Wisconsin, Milwaukee - Irish Language Weekend, 15-17 Feabhra, 2008
Under the sponsorship of the University of Wisconsin-Milwaukee and Craobh Curtin of Conradh na Gaeilge, Eamónn Ó Donnchadha, Eilís Ui Shúilleabháin, and Áine Meenahan will be teaching traditional singing; Bairbre Ni Chiardha, Jim Flanagan, Dineen Grow, Micheál McMechan, and Peadar Ó Muircheartaigh will be teaching Irish, Cé and Athás will be playing traditional music, and there will be music and book shops, films, and more.  For information, go to Celtic Studies at UWM and call 414-229-6520 or 414-229-2608. 
 
27 Feabhra 2008 - Tá "Kings" Ag Dul Chuig na hOscars!!!! 
Roghnaíodh scannán as Gaeilge (faoi dheoraí Éireannacha thar lear) mar iarrthóir oifigiúil na hÉireann do Scannán Iasachta Is Fearr ag na hOscars.  Is é seo an chéad uair riamh ar roghnaigh Éire scannán as Gaeilge don chatagóir ghradamúil seo.  Chun níos mó a léamh faoi "Kings," féach ar an t-alt san iris Beo! anseo. 

 

  February 27, 2008 - "Kings" is going to the Oscars!!!!
A film in the Irish language (about the heartache of Irish migrant workers abroad) has been selected as Ireland's official entry for Best Foreign Film at the Oscars.  This is the first time that an Irish language film has been chosen by Ireland for this prestigious category. To read more about "Kings," see the article in Beo! here. 

 

 

Márta

 

March

Seachtain na Gaeilge 2008 i San Francisco

Tá sé seo istigh ó Nikki Ragsdale.  Buíochas leat, a Nikki!

Glacfidh Ceantar Bhá Naoimh Phrionsias, California, páirt i Seachtain na Gaeilge don 6ú uair i mbliana, agus tá 4 imeacht cláraithe ag SnaG.ie againn --- seo é an líosta:

5 Márta, 19:30. Oíche Áirneáil
Oíche Áirneáil - Ceol, scéalaíocht, amhránaíocht, spraoi & craic. Abair do phíosa speisialta fhéin linn! Tí Imelda. 275 Lassen Ave, Mountain View. Tuilleadh eolais:                     imelda_white@yahoo.com

9 Márta: Aifreann Gaeilge
Le cór Gaeilge, rinceoirí agus ceoltóirí. St. Joseph's Church, 582 Hope Street, Mountain View. 11.30 am.  Tuilleadh eolais:  Gaeilge@onesourcegraphics.com

11 Márta: "Croí folláin, gob fliuch, saol fada, agus bás in Éireann"
Sin é an scéal ar an mblaiseadh fíonta seo, fara le seal scléipe, agus an scannán "Scéal Ernie O'Malley (Bás in Éirinn)" ó TG4.  Grúpa: An Chuallacht.  Ionad:  Beckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley.  Am:  19.00pm.  Tuilleadh eolais: Tadx4@aol.com

16 Márta: Feis Scannán Gaeilge & Ceoil Traidisiúnta
Curtha i láthair ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann craobhacha Cooley- Keegan & Clifford-Hoban. Togha scannán agus gearrscannán clúiteacha as Gaeilge, agus seisiún ceoil tráidisiúinta 's amhránaíochta. Tae, caife & gréim bia ar fáíl ann. Fáilte roimh cách! Saor in aisce, ach glacfar bronntanais in aghaidh costais. United Irish Cultural Center, 2700 45th Avenue, San Francisco. 3.30PM. 

 

  Irish Language Week 2008 in San Francisco

This is in from Nikki Ragsdale.  Thank you, Nikki!

The San Francisco Bay District will take part in Seachtain na Gaeilge for the 6th time this year, and we have 4 events scheduled at SnaG.ie --- Here's the list:

5 March, 19:30. Oíche Áirneáil
Oíche Áirneáil - Music, storytelling, singing, fun, and craic.  Do your own special party piece for us!  Tí Imelda. 275 Lassen Ave, Mountain View. More information: imelda_white@yahoo.com

9 March, Irish Language Mass
With Irish language choir, dancers, and musicians. St. Joseph's Church, 582 Hope Street, Mountain View. 11.30 am.  More information:  Gaeilge@onesourcegraphics.com

11 March: "A healthy heart, a wet mouth, long life, and death in Ireland"
That's the story on this wine tasting, along with a fun time, and the film "The Story of Ernie O'Malley (Death in Ireland)" from TG4. Group: An Chuallacht.  Place: Beckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley.  Time: 19.00pm. More information: Tadx4@aol.com

16 March: Irish Language Film Festival and Traditional Music
Presented by the Cooley-Keegan and Clifford-Hoban branches of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, this is a selection of well-known films and short films in Irish, and a seisiún of traditional music and singing.  Tea, coffee, and a bite to eat will be available.  Welcome to all!  Free, but donations will be accepted against the cost.  United Irish Cultural Center, 2700 45th Avenue, San Francisco. 3.30PM. 

 

Céiliúrann Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín Fiche Bliain Ag Fás ar 8 Márta 2008 i mBabylon, Nua-Eabhrac
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, agus mar cheiliúradh ar 20 bliain ó bunaíodh Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín, beidh an Scoil ag reachtáil Lá Gaeilge Dé Sathairn, an 8ú Márta, 2008, an tráthnóna ar fad. Is féidir clárú anois ag Clárú .  Beidh lá breá againn. Bígí linn!
 
 
  The Gerry Tobin Irish Language School Celebrates 20 Years Of Growth on March 8, 2008 in Babylon, New York
As part of Irish Language Week, and as a celebration of 20 years since founding of the Gerry Tobin Irish Language School, we will be hosting an Irish Language Day on Saturday, March 8th, 2008.  You can register at Clárú . We'll have a fine day. Join us!
 
 

Lá Gaeilge ar 15 Márta i nOrange County, California
Tá sé seo istigh ó Sue Kocsis.  Go raibh maith agat, a Sue!  Beidh Lá Gaeilge i dTustin, California, Dé Sathairn, 15 Márta 2008, ó 9AM go 5PM le Walter Stock mar mhúinteoir.  Tá aithne ag daoine i Nua-Eabhrac ar Walter mar mhúinteoir den chéad scoth!  D'fhaisnéis sa bhreis, teagmhaigh le Sue ag 714-356-7300 nó  sdkocsis@mindspring.com . 

 

 

Irish Language Day 3/15/08 in Orange County, California
This is in from Sue Kocsis.  Thank you, Sue!  There will be an Irish Language Day in Tustin, California, Saturday, March 15, 2008, from 9AM to 5PM with Walter Stock as a teacher.  People in New York know Walter as a first-rate Irish language teacher.  For additional information, contact Sue at 714-356-7300 or  sdkocsis@mindspring.com . 

 

Lá na Gaeilge I Westchester, Nua-Eabhrac 29 Márta 2008
Beidh Lá na Gaeilge faoi choimirce An Scoil Chois Claí ag Coláiste Í i New Rochelle, Westchester County, Nua-Eabhrac 29 Márta 2008 idir 9:30AM agus 5:30PM.   Beidh fáilte roimh chách.  Le sonraí agus bileog a fháil, seol teachtaireacht chuig an.scoil.chois.clai@gmail.com nó cuir glaoch ar Hilary ag 914 276-0412. 
 
 
Irish Language Day in Westchester, NY, March 29, 2008
There will be an Irish Language Day under the auspices of An Scoil Chois Claí at Iona College in New Rochelle, Westchester County, New York, March 29, 2008 between 9:30AM and 5:30PM.   All are welcome.  For details and a handbill, send a message to an.scoil.chois.clai@gmail.com or call Hilary at 914 276-0412. 
 

 

Fómhar

 

Fall

Tumranganna i Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana
Tharraing Tomás Stock ár n-aird ar thumranganna na Gaeilge a bheidh ar siúl i mButte, Montana ó 8 go 10 Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana.  Go raibh maith agat, a Thomáis!  Do bhreis eolais, cliogáil ar Tumranganna . 
 
  Immersion Classes in August 2008 at the Montana Gaelic Cultural Society
Tom Stock called our attention to the Irish language immersion classes which will be offered by the Montana Gaelic Cultural Society from August 8 to August 10, 2008 in Butte, Montana.  Thank you, Tom!  For information, click on Tumranganna . 
 

Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal, Ag Leanúint i nDeireadh Fómhair 2008
Tá Gaeilge á múineadh ag Centre d'études canado-irlandaises, Ollscoil Concordia i Montréal, Québec, Ceanada. Thosaigh na ranganna cheana féin do bhliain scoile 2007-2008, ach beidh clár eile ag tosú insan bhFómhar do bhliain scoile 2008-2009. Do bhreis eolais, téigh go Gaeilge ag Concordia. 
 

 

Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal, Continuing in September,  2008
Irish is being taught at the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia University, in Montréal, Canada. Classes have already started for the 2007-2008 school year, but another program will be starting in the Fall for the 2008-2009 school year. For more information, go to
Gaeilge ag Concordia. 
 

Deireadh Fómhair 2008 - Rabhadh Sláinte Dátheangach
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2008, caithfidh rabhadh sláinte ar phacaí tobac a bheith dátheangach in Éirinn. Thug múinteoir Gaeltachta, Caitríona Úí Riain, an cás in éadan an Aire sláinte. Bhí an bua aici agus ordaíodh don stát a costais a íoc. 
 
  October 2008 - A Bilingual Health Warning
Beginning in October 2008, health warnings on packs of tobacco in Ireland must be bilingual.  A Gaeltacht teacher, Caitríona Úí Riain, brought the case against the Minister of Health.  She won and the state was ordered to pay her costs. 

 

 

Ar Feadh na Bliana

 

Year Round

Sa 19ú haois i mBrúiclinn, bhí cónaí ar ár mbunatheoir Mícheál Ó Lócháin ag an seoladh seo (267 Koskiusko Street i mBedford Stuyvesant)....

In the 19th century in Brooklyn, our founder Mícheál Ó Lócháin lived at this address (267 Koskiusko Street in Bedford Stuyvesant).... 
 

  ... agus ag an áit seo (814 Pacific Street) ina bhfuil an t-iarnród anois.  Ach sa chúlra, is féidir leat tithe a fheiceáil mar a bhídís agus mar atá fós.

... and at this place (814 Pacific Street) where the railroad is now.  But in the background, you can see houses as they used to be and as they are still. 
 

Ceachtanna Gaeilge Ar Fhís, Ar Líne, agus Saor In Aisce ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Tá sé seo istigh ó Shanti Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Buíochas libh, a chairde!

"Chonaic mé an nasc a leanas ins Irish Times....  Tá ceachtanna Gaeilge ar shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir nuachta ó TG4.  I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.  Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil...  Ag deireadh gach ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge amháin).  Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."  Féach ar Má Nuad
  

  Irish Language Lessons On Video, On Line, and Free from University of Ireland, Maynooth

This report is in from Shanti Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you both, a chairde!

"I saw the following link in this month's Irish Times. There are Irish lessons on the site of University of Ireland, Maynooth based on news programs from TG4. In every lesson there is a news report to watch and questions to answer on the report. The lessons are at three levels, but the instructions are all in Irish. At the end of each lesson the text of the story is written out (in Irish only). I think you can make great use of this new resource to improve your Irish."  See Maynooth .  
 

Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! 
 

 

And don't forget our own broadcasting on YouTube! at Broadcasting By The Philo-Celtic Society ! 
 

Ranganna na Gaeilge Ag Ollscoil Mhontana - Missoula
Tuairiscíonn Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar fáil ag Ollscoil Mhontana - Missoula.  D'eolas sa bhreis, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo .  Go raibh maith agat, a Thomáis! 

 
  The Irish Language At The University of Montana - Missoula
Tom Stock reports that three semesters of Irish are available at the University of Montana - Missoula.  For more information, contact the University here .  Thanks, Tom! 

 
Ranganna na Gaeilge Ag Ollscoileanna Agus Coláistí Ar Fud Na Cruinne
Tuairiscítear go bhfuil "beagnach 40 ollscoil agus coláiste tríú leibhéal ó Bheirlín go Bostún anois i mbun ranganna Gaeilge - a bhuíochas sin ar dheontais ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta."  D'eolas, féach ar Ar Fud Na Cruinne . 

 
  Irish Classes At Universities And Colleges Around The World
It's reported that there are "almost 40 universities and colleges from Berlin to Boston now teaching Irish  - thanks to grants from the Department of Community, Rural, and Gaeltacht Affairs."  For more information, see Around The World . 

 

Tá Breis Agus 36 Milliún Meiriceánach de Bhunadh Éireannach Anois
De réir an U.S. Census Bureau, tá breis agus 36 milliún anois sna Stáit Aontaithe le sinsearacht Éireannach.  D'eolas sa bhreis, féach ar an alt san Irish Emigrant anseo. 

 

 

There Are Now More Than 36 Million Americans Of Irish Ancestry
According to the U.S. Census Bureau, there are now more than 36 million people in the U.S.A. with Irish ancestry.  For more information, see the article in the Irish Emigrant here. 

 

Léirmheas Ar "Aniar" le Nikki Ragsdale

Tá mé ag baint an-taithneamh as leabhar & CD filíochta na laethanta seo, a bhí foilsithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Ceara Conway & John Ryan cúpla mí ó shin. Ceapaim go gcuirfeadh duine nó dhó spéis ann, ar an líosta seo.  Ar eagla nár chuala sibh faoi, tá mé ag scríobh cineál léirmheasanseo --- tá "Aniar, voices and verse from the edge of the world" i gceist agam, sin "véarsaíocht ón traidisiún Gaelach".

Idir sean-fhilíocht, orthaí, trionóidí, agus dánta nua-chumtha, tá meascán thar a bheith deas ann, agus tá an leabhar agus an CD araon go h-iontach.  Déanann Peadar Ó Treasaí, Áine Uí Dhroighneáin & Darach Ó Tuairsg an-jab leis na véarsaí agus iad á rá ar an CD -- cuireann a nglórtha draíocht ort, agus cuireann an ceol leis, chomh maith! Agus tá an leabhar go h-álainn, ó tús go deireadh -- tá grianghraif, dánta, agus nótaí ann. Tá filíocht Ghaeilge i gceist, dár ndóigh, ach tá aistriúchán go Béarla sa leabhar fosta. Tá cuma bhreá ar fád ar fád ar an bpíosa go léir.

Tá samplaí ag cdbaby agus ar futafata fosta.  - Nikki 
 

 

A Review of "Aniar" by Nikki Ragsdale

I am really enjoying a poetry book & CD these days, that was published by Tadhg Mac Dhonnagáin, Ceara Conway and John Ryan a few months ago.  I think a person or two on this list would be interested in it.  For fear that you didn't hear about it, I am writing a sort of review here ---- it's "Aniar, voices and verse from the edge of the world", that is "poetry from the Irish tradition".

Between ancient poetry, charms, triads, and contemporary poetry, the mix is more than nice, and the book and CD are both wonderful.  Peadar Ó Treasaí, Áine Uí Dhroighneáin and Darach Ó Tuairsg to a great job on reciting the poems on the CD --- their voices make magic -- and the music adds to it as well.  And the book is lovely, from start to finish -- there are photos, poems, and notes in it.  The poetry is in Irish, of course, but there is a translation to English in the book too.  The whole piece is really beautiful.

Samples can be heard at cdbaby and at futafata, too. - Nikki 

 

Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair gach lá d'athbheochan domhanda na Gaeilge!

Fógraí do AN GAEL-BREISE!

Má's maith leat fógraí faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach inár gcomhphobal ar líne ANSEO agus inis dúinn fúthu.  Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú donár bhfoireann bheag.  Mar sin, le do thoil, scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair dúinn do nuachta ar aon chuma! 

Ní neart go cur le chéile!

Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
 

  The Philo-Celtic Society Society
Working daily for the worldwide Irish language renaissance!

Announcements for AN GAEL-EXTRA!

If you want to send us announcements about your Irish language events for publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line community HERE and tell us about hem.  As you can see, there's already too much to translate for our little team.  Therefore, please do write to us in Irish with English translation if you're able.  If not, give us your Irish
language news anyway!

Ní neart go cur le chéile!

What other news from South America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
 

 

Focal ó An Gael

 

A Word from An Gael

Ceist:  Cén fáth go bhfuil Teamhair á milleadh?

Cén fáth go bhfuil Gleann Teamhrach á mhilleadh le mótairbhealach?  An millfeadh na hÉigiptigh Gleann na Ríthe agus na Piramidí?  An gcuirfeadh na Sínigh mótairbhealach trí Fheart Qin Shi Huangdi?  Nó ar an mBalla Mór?  Nach bhfuil aon áit eile don bhóthar seo?  Cé hé an duine a dúirt go gcaithfidh sé dul anseo?  Le do thoil, léigh an t-alt go léir i National Geographic ANSEO .  Agus ansin, teagmhaigh le hoifig Chonsúlacht na hÉireann i n-aice leat, le do theachtaire, agus le do nuachtáin áitiúla a insint dóibh do smaointe, le aghaidh nó i n-aghaidh an ruda seo.   Domsa féin, tír gan stair, tír gan todhchaí.  – An Gael
 

  Question:  Why is Tara being destroyed?

Why is the Valley of Tara being destroyed with a motorway?  Would the Egyptians destroy the Valley of the Kings or the Pyramids?  Would the Chinese put an expressway through the tomb of their first emperor Qin?  Or on the Great Wall?  Isn't there any place else to put this road?  Who is the person who said it has to go here?  Please, read the whole National Geographic article HERE .  And then, contact the office of the Irish Consulate closest to you, your representative, and your local newspapers to tell them what you think, for or against this thing.  As for me, a country without a history is a country without a future.  – An Gael
 

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Scoil na Gaeilge | Podchraoladh
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Free Irish Language School  |  Podcasting


Is iad seo cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ANSEO .
 


 


These are the goals of The Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free on-line Philo-Celtic Society School, click HERE .
 

 

Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan Éireannach.
Gan Éireannach, gan Éire.
                                  - An Gael
 
 

 

 

Triad
Without the Irish language, nothing Gaelic.
Without anything Gaelic, nothing Irish.
Without anything Irish, no Ireland.
                                                   - An Gael
 

Eagarthóirí an eagráin seo:  Séamas Ó Neachtain i Nua-Eabhrac, Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, agus Gearóid Ó Ceallaigh i Nua-Eabhrac. Griangraif agus taighde stairiúil le Séamas Ó Neachtain. Breis-scríbhneoireacht as Gaeilge le Shanti Hofshi i San Diego, John Feeney i gConnecticut, Nikki Ragsdale i San Francisco, agus Máire Mhic an Phríora.  Buíochas sa bhreis do Mháirín Grace-Miller i Vancouver, agus Éadaoin Nic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Ealaín Cheilteach fháiscin le Aon Celtic Art & Illumination .
 
  This issue's editors:  Séamas Ó Neachtain in New York, Máire Mhic an Phríora in Dublin (Ireland), Muiris Mag Ualghairg in Wales, and Gearóid Ó Ceallaigh in New York.  Photographs and historical research by Séamas Ó Neachtain.  Additional writing in Irish by Shanti Hofshi in San Diego, John Feeney in Connecticut, Nikki Ragsdale in San Francisco, and Máire Mhic an Phríora.  Additional thanks to Maureen Grace-Miller in Vancouver, British Columbia, Canada, and Éadaoin Nic an Phríora in Dublin.  Celtic clip art by Aon Celtic Art & Illumination .
 
AN IRIS AN GAEL:

AN GHAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

  AN GAEL MAGAZINE:

THE IRISH LANGUAGE AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004