Eanáir 2008
/ January 2008 |
|
|
AN GAEL-BREISE!
AN GAEL-EXTRA! |
Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge Ó 1881
Official
Magazine of The Philo-Celtic Society since 1881 |
Scoil Chumann Carad
na Gaeilge - Téarma Nua Saor Ar Líne Ag Tosú 1 Feabhra
2008
Beidh téarma nua
de ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce á thosú 1
Feabhra 2008 ag Scoil Chumann Carad na Gaeilge. Ag an
nóiméad seo, feictear go mbeidh seacht rang ar a laghad
ag an gCumann: trí ag an mbun-leibhéal, dhá mheánrang,
agus dhá ard-cheardlann. Tá breis agus 350
scoláire timpeall an domhain sa scoil seo. Chun clárú,
nó má's maith leat fáil amach faoi mhúineadh mar
dheonaí, téigh go
Scoil Chumann Carad na Gaeilge agus buail ar
"Join This Group." Tá fáilte roimh chách. Do
bhreis eolais faoi Chumann Carad na Gaeilge, téigh go
www.philo-celtic.com .
|
|
The Philo-Celtic
Society School - Free On-Line Term Starting February 1,
2008
The Philo-Celtic Society
School's new term of free, on-line, Irish language
classes will be starting February 1, 2008. At the
moment, it looks like the Society will have at least 7
classes: 3 at the beginning level, two intermediate
classes, and two advanced workshops. There are over 350
students around the world in this school. To register,
or if you'd like to find out about teaching as a
volunteer, go to
The Philo-Celtic Society School and hit "Join
This Group." All are welcome. For more
information about The Philo-Celtic Society, go to
www.philo-celtic.com . |
Cogadh Dearg - Úrscéal le Séamas Ó Neachtain
Tá úrscéal nua scríofa as Gaeilge ag ár mball
Séamas Ó Neachtain agus tá foilsitheoir á lorg anois.
Mar a dúirt moltóir oifigiúil an Oireachtais 2007,
"Scéal tathagach eachtraíochta atá in Cogadh Dearg
... Cuirtear an scéal i láthair go fuinniúil éifeachtach
ó thosach deireadh... Rianú cuimsitheach báúil ar
eispéireas mhuintir na hÉireann mar phobal imirceoirí i
Meiriceá sa dara leath den 19ú haois atá curtha ar fáil
ag an údar sa saothar seo." Comhghairdeachas leat, a
Shéamais! Chun dul i dteagmháil
le Séamas, agus chun cuid a shaothar foilsithe a fháil,
téigh go Tí
Trá Lí Media .
|
|
Cogadh Dearg (Red
War) - A Novel by Séamas Ó Neachtain
A new novel has been written in Irish by our
member Séamas Ó Neachtain and a publisher is now being
sought. As an official judge of the 2007 Oireachtas
said, "Cogadh Dearg is a solid adventure story... The
story is put before us vigorously and effectively from
start to finish... A comprehensive and fond tracing of
the experience of the people of Ireland as an immigrant
community in America in the second half of the 19th
century is made available by the author of this work."
To contact Séamas, and to obtain some of his published
works, go to Tí
Trá Lí Media
.
|
Creidmheas Ollscoile Do Ranganna Ar Líne Ag Ollscoil
Chathair Nua-Eabhraic
Is féidir leat creidmheas ollscoile a fháil i
ranganna na Gaeilge ar líne ag
Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh, Coláiste
Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic.
Beidh bun-chúrsa na
Gaeilge á thairiscint idir 2 Eanáir agus 22 Eanáir 2008
ar an idirlíon. Freisin, beidh bun-chúrsaí agus
meán-chúrsaí á dtairiscint ar an idirlíon agus aghaidh
ar aghaidh san Earrach (ag tosú i Mí Feabhra). Tá
fáilte roimh chách. Do bhreis eolais, féach ar
Institiúid, glaoigh ar 1-718-960-6722, nó
scríobh r-phost chuig
cunyiias@lehman.cuny.edu .
|
|
University Credit For On-Line Irish Classes At City University
Of New York
You can get university
credit for on-line Irish language classes at the Institute For
Irish-American Studies, Lehman College, City University
Of New York. A
beginning Irish language course will be offered between
January 2 and January 22, 2008 on the internet. Also,
beginning and intermediate courses will be offered on
the internet and face to face in the Spring (beginning
in February). All are welcome. For more
information, see Institute,
call 1-718-960-6722, or write an email to
cunyiias@lehman.cuny.edu .
|
Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair gach lá
d'athbheochan domhanda na Gaeilge!
Fógraí do AN
GAEL-BREISE!
Má's maith leat fógraí
faoi d'imeachtaí na Gaeilge a chur chugainn chun iad a
fhoilsiú in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach
inár gcomhphobal
ANSEO
agus inis dúinn fúthu.
Ní
neart go cur le chéile!
Cén
scéala ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an Eoraip, an Áise,
agus ón Aigéan Ciúin?
|
|
The Philo-Celtic
Society
Working daily for the
worldwide Irish language renaissance!
Notices for AN GAEL-EXTRA!
If you want to send us
announcements about your Irish language events for
publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line
community
HERE
and tell us about them.
Ní
neart go cur le chéile!
What news from South
America, Canada, Europe, Asia, and the Pacific?
|
Ranganna Gaeilge Saor In Aisce ar Oileán Fada,
Nua-Eabhrac
Tosóidh trian nua saor in aisce de ranganna Gaeilge
oíche Déardaoine, 7 Feabhra 2008 ag Scoil Ghaeilge
Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac. Do bhreis
eolais, teagmhaigh le Gearóid Ó Ceallaigh, Rúnaí
Fógraíochta, at 516-221-2910 .
|
|
Free Irish Language Classes On Long Island, New York
A new, free semester of
Irish language classes will begin Thursday night,
February 7,
2008 at The Gerry Tobin Irish Language School in
Babylon, New York. For more information, contact
Jerry Kelly, Publicity Secretary,
at 516-221-2910 .
|
Fuair Tom
Hollingsworth, ceann desnár mbaill, na ceachtanna seo ar
YouTube! agus d'inis sé dúinn fúthu. Feictear go
bhfuil siad an-fheidhmiúil. Go raibh maith agat, a
Thomáis!
Ceachtanna na Gaeilge ar YouTube! |
|
Irish Lessons on YouTube!
Tom
Hollingsworth, one of our members, found these on
YouTube! and told us about them. It looks like
they're very effective. Thanks, Tom! |
|
|
|
Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag
Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! |
|
And don't forget our own broadcasting on
YouTube! at
Broadcasting By The Philo-Celtic Society
! |
|
|
|
Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan
Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan
Éireannach.
Gan Éireannach,
gan Éire.
- An Gael |
|
Triad
Without the Irish
language, nothing Gaelic.
Without anything
Gaelic, nothing Irish.
Without anything
Irish, no Ireland.
- An Gael
|
|
Is iad seo
cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:
1.
tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na
Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na
nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;
2. athbheochan agus aththionscnamh na
Gaeilge mar theanga labhartha bheo na
hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.
Chun teacht isteach
inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor
in aisce ar an idirlíon, cliogáil
ANSEO .
|
|
These are the goals of The Philo-Celtic
Society:
1.
the support,
strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion,
teaching, and renaissance of the Irish language as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the
Gaeil, in America and throughout the world;
2.
the renaissance and re-establishment of Irish as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
To join our Community and to join our free on-line Philo-Celtic
Society School, click
HERE .
|
Eagarthóirí an eagráin seo:
Séamas Ó Neachtain agus Gearóid Ó Ceallaigh. Ealaín Cheilteach
fháiscin le
Webomator . |
|
This issue's
editors: Séamas Ó Neachtain and Gearóid Ó Ceallaigh.
Celtic clip art by
Webomator . |
AN IRIS AN GAEL:
AN GHAEILGE TIMPEALL AN
DOMHAIN! |
|
AN GAEL
MAGAZINE: THE IRISH LANGUAGE
AROUND THE WORLD! |
|