An Gael - Iúil 2008 / An Gael - July 2008

Iúil 2008  /  July 2008

Ag tuairisciú ar imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!

Reporting on Irish language activities and events around the world!
 

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge ó 1881        
Official Magazine of The Philo-Celtic Society Since 1881            

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

SCÉALA! / NEWS!

AS GAEILGE AMHÁIN!

 

IN IRISH ONLY!


Comhar slán sábhailte arís!

 

Tuairiscíonn ár gcara Colin Ryan ó Mhelbourne, an Astráil, ina iris shuntasach idirnáisiúnta An Lúibín go bhfuil "Foras na Gaeilge sásta deontas míosúil a thabhairt don iris Comhar arís tar éis conspóide a d’fhág ar seachrán í.  Sa bhliain 1942 a bunaíodh í, agus rinne an iris gaisce riamh ó shin ar son litríocht na Gaeilge. Is é Aindrias Ó Cathasaigh an t-eagarthóir nua, iriseoir agus scríbhneoir atá le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta. Rachaidh sé i gceann oibre i Mí Iúil agus tiocfaidh eagrán nua amach i lár mhí Mheán Fómhair."


Chun breis eolais a fháil, agus chun cóip den iris "An Lúibín" a fháil, téigh i dteagmháil le Colin ag
ColinG.Ryan@ato.gov.au . 


 

 

 

Comhar is safe and sound again!

 

 

 

 

 

 

Sclábhaithe Éireannacha George Washington

 
Tá meas an domhain agam ar George Washington, ach amháin gur choimeád sé sclábhaithe agus níor scaoileadh iad go dtí bás a mhná chéile Martha.  Bhí ceann acu, Christopher Sheels, i láthair ag bás George, agus is léir gur ionann an sloinne 'Sheels' / 'Shiel' / 'Shields' le hÓ Siadhail.  Ba lianna oidhreachtúla iad as Ulaidh agus bhí craobh acu in Uíbh Fháilí freisin.   
 
Sclábhaí eile a bhí ag George ná 'Oney Judge.'  Tháinig sí go Philadelphia, príomhchathair shealadach S.A.M., i n-éineacht le George agus Martha i 1790 agus ise 16 bliain d'aois.  Ba é Andrew Judge a hathair, agus ba 'seirbhíseach bán faoi dhintiúr' é.  Bhí a craiceann bán-dhonn agus lán le breicní, agus mar atá a fhios agat, aistríodh go coitianta 'Mac an Bhreitheamhan' agus 'Mac an Bhreitheamhnaigh' go 'Judge.'  Ach domsa, an fhianaise is fearr gur tháinig a sinsir as Éirinn ná a hainm 'Oney' nó 'Owney.'  Tagann an t-ainm sin ó 'Uaithne' (sean-treibh ar an imeall idir Luimneach agus Tiobraid Árann) agus bhí an t-ainm sin coitianta i measc na nÓ Mhórdha in Uíbh Fhailí agus na nÓ Lochlainn i dTuadhmhumain.   
 
Theith Oney ó thuaidh i 1796 go Portsmouth, New Hampshire, ach aithníodh i 1798 í.  Chuir George a nia chun í a thabhairt ar ais, ach chuaigh sí i bhfolach arís.  Phós sí Jack Staines, mairnéalach i bPortsmouth, agus bhí clann aici.  Fuair sí bás i Greenland, New Hampshire, 25 Feabhra 1848, ag 75 bliain d'aois, bocht ach saor.  D'fhiafraigh duine éigin dí, agus ise in aice a báis, an raibh brón uirthi gur theith sí "ón dteaghlach compórdach George Washington."  Dúirt sí 'Níl, tá mé saor, agus mar sin, tá iontaobh agam go ndearnadh páiste Dé díom." 

- Gearóid Ó Ceallaigh
        

 

George Washington's Irish Slaves

 

bóna sclábhaí / a slave collar

 

An bhfaca tú é seo?

 

Did you see this?

Téacs-go-hUrlabhra Ríomhairithe ag Coláiste na Trionóide:  www.abair.ie

Is féidir leat Gaeilge a scríobh sa bhosca anseo agus déarfaidh do ríomhaire é le blas Gaeilge Uladh mar bhean as Gaoth Dobhair.  Nó is féidir leat feidhm a bhaint as an sintéiseoir seo chun éisteacht le téacs ar shuíomhanna idirlín Gaeilge.  Tá an tionscadal seo á stiúradh ag an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide agus a foireann iontach den tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra atá mar chuid d'Ionad an Léinn Teangacha agus Chumarsáide i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. 
 

 

Computerized Text-to-Speech at Trinity College:  www.abair.ie

You can type Irish into the box here and your computer will speak it with an Ulster Irish accent like a woman from Gaoth Dobhair.  Or you can use this synthesizer to listen to text on Irish language websites.  This project is being steered by Professor Ailbhe Ní Chasaide and her wonderful team from the Phonetics and Speech Laboratory which is part of the Centre for Language and Communications Studies in the School of Linguistic, Speech, and Communication Sciences, Trinity College, Baile Átha Cliath.

 

agus a thodhchaí

Seo daoibh sliocht as r-phost tábhachtach atá le fáil as Gaeilge ar an liosta idirlín Gaeilge-A an mhí seo:

18/06/08

A Chara,

TAG: Todhchaí Lá Nua ( www.nuacht.com )

Tá mé ag iarraidh gar ort arís, ach an uair seo is iad do thuairimí
atá de dhíth orm.

Tá próiseas athbhreithnithe ag dul ar aghaidh faoi láthair ag Foras
na Gaeilge faoin tacaíocht a thugann sé d'fhoilseachán nuachta
Gaeilge. Beidh éifeacht mhór ag an athbhreithniú seo ar thodhchaí Lá Nua, agus tá mé cinnte go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeidh seirbhís reatha Lá Nua luaite go dearfach agus go moltach sna freagraí a thagann isteach ón phobal.

Mar sin, tá mé ag iarraidh ort do thacaíocht leanúnach do Lá Nua a chur in iúl trí aighneacht a chur isteach go Foras na Gaeilge a
léiríonn cé chomh sásta is atá tú le seirbhís reatha Lá Nua...

Seol d'aighneacht ar ais chuig: Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg
Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Creidim go láidir go bhfuil todhchaí an nuachtáin seo ag brath ar
aighneachtaí dearfa faoi Lá Nua a chur isteach mar chuid den
phróiseas seo, agus impím ort é sin a dhéanamh go luath.

(Ar ndóigh, má tá tú míshásta le gné ar bith den nuachtán, cuir sin in iúl dom go pearsanta.)

Is mise le meas

Dónall Mac Giolla Chóill
Eagarthóir, Lá Nua
www.nuacht.com   
  

 

and its future

This is an excerpt from an important email which is to be found in Irish on the internet list Gaeilge-A this month:

18/06/08

A Chara,

Re: Future of Lá Nua ( www.nuacht.com )

I'm asking a favor of you again, but this time it's your opinion that's needed.

A review process is going forward at present at Foras na Gaeilge about the support it provides to the publication of Irish language news. This review will have a large effect on the future of Lá Nua, and I am certain that it will be truly important for the current service of Lá Nua to  be mentioned specifically, positively, and with praise  in the answers which come in from the community.

Therefore, I am asking you that you make known your continuing support for Lá Nua by sending in to Foras na Gaeilge a submission which demonstrates how satisfied you are with Lá Nua's current service.... 

Send your submission to:  Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg
Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

I believe strongly that the future of this newspaper depends upon affirmative submissions about Lá Nua being send in as part of this process, and I ask you to do that immediately.

(Of course, if you are dissatisfied with any aspect of the newspaper, let me know that personally.)

Is mise le meas

Dónall Mac Giolla Chóill
Eagarthóir, Lá Nua
www.nuacht.com  
  

 

 

Foram Nua do Fhoghlaimeoirí ag TALKIRISH! 

Tá foram nua, tír ar thír, do fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fáil anseo.  Go raibh maith agaibh, a chairde ag www.talkirish.com
 

 

A New Forum for Learners at TALKIRISH! 

There's a new forum, country by country, for Irish language learners here.  Go raibh maith agaibh, a chairde ag www.talkirish.com !

 
 

Gaeilge i Manchain, Sasana

Tá ranganna, ciorcail chomhrá, Club Cuideachta, agus gníomhaíochtaí eile le fáil in Manchester ag the Manchester Irish Language Group.  Maith sibh, a chairde! 
 

 

Gaeilge in Manchester, England

Classes, conversation circles, Club Cuideachta, and other activities are to be found in Manchester at the Manchester Irish Language Group.  Maith sibh, a chairde! 
 

Catalóg Nua Coiscéim!

 
Tá  catalóg nua lán le leabhair Choiscéim ar fáil anois ar www.coisceim.ie/2008.html .  Bain sult as! 
 
 

Coiscéim's New Catalogue!

 
A new catalogue full of Coiscéim's books is now available for free at www.coisceim.ie/2008.html .   Enjoy! 
 

Teagasc Dátheangach ar an Idirlíon ag an Ionad Buail Isteach!

 
Sheol Seán Mac Suibhne faisnéis faoi seo chuig an liosta Gaeilge-A.  Go raibh maith agat, a Sheáin!

Is féidir leat teagasc dátheangach a fháil ar fhíschraoltaí ag An tIonad Buail Isteach mar seo a leanas: 

Gaeilge - Pólainnis 
Gaeilge - Spáinnis

Gaeilge - Rúisis
Gaeilge - Sínis

Nach smaoineamh iontach é seo?  Bain sult as!
 

 

Bilingual Instruction on the Internet at An tIonad Buail Isteach!

 
Seán Mac Suibhne sent information about this to the Gaeilge-A list.  Go raibh maith agat, a Sheáin!

You can get bilingual instruction on videocasts at An tIonad Buail Isteach as follows: 

Irish-Polish 
Irish-Spanish

Irish-Russian
Irish-Chinese

Isn't this a great idea?  Enjoy!
 

Scéim Nua Scribhneoireachta Scáileáin SÍOL

Dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge amháin, scéim forbartha do ghearr-scannáin teilifíse atá i SÍOL a chothóidh tallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí ó staid bhunscripte go staid chraolta ar TG4, agus iad faoi stiúir sár-shaoithe físe.  Chun faisnéis sa bhreis a fháil, cliogáil ar  www.siol.ie.
 

 

The New Screenwriting Project Called SÍOL

Intended for Irish language writers only, SÍOL will nourish new writer and director talent for short television films from the basic script stage to the broadcast stage on TG4, and under the direction of top video experts.  For additional information, click on  www.siol.ie.
 

 

Ag Teacht i Mí Iúil

 

Coming Up in July

Ranganna sa Chultúrlann Éireannach in Phoenix, Arizona, S.A.M.

Chuir Vicki Champion an fhaisnéis seo chugainn.  Go raibh maith agat, a Vicki!

Ag tosú 7 Iúil 2008 
Ranganna Gaeilge

Am:  6:30 i.n. gach Máirt
Leibhéal foghlama:  Bun-leibhéal 1 & 2 (Buntús Cainte)
Suíomh idirlín:  Cultúrlann Éireannach .
Teagmháil:  Pat McCrossan ag academy@azirish.org
 

 

Irish Language Classes at the Irish Cultural Center in Phoenix, Arizona

Vicki Champion sent this information in to us.  Go raibh maith agat, a Vicki!

Starting July 7, 2008 
Irish Language Classes

Time:  6:30PM every Tuesday
Level:  Beginner 1 & 2 (Buntús Cainte)
Website:  Irish Cultural Center .
Contact:  Pat McCrossan at academy@azirish.org
 

Ranganna Samhraidh ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBablón, Nua-Eabhrac, S.A.M.

Ag tosú 10 Iúil 2008 
Ranganna Comhrá

Am:  8:00 i.n. gach Déardaoin
Leibhéal foghlama:  bun, meán, agus ard
Áit:  Halla AOH, 27 Locust Avenue,, Bablón
Suíomh idirlín:  www.scoilgaeilge.org .
Teagmháil:  Pádraig Ó Clúmháin ag 631-957-7776 

 

 

Summer Classes at the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York, U.S.A.

Starting July 10, 2008 
Conversation Classes

Time:  8:00 PM every Thursday
Level:  beginning, intermediate, advanced
Place:  AOH Hall, 27 Locust Avenue,, Babylon
Website:  www.scoilgaeilge.org .
Contact:  Pat Clifford at 631-957-7776 

 

Deireadh Seachtaine na Gaeilge ag Ollscoil Mhuire in Winona, Minnesota

11 - 13 Iúil 2008
Deireadh Seachtaine na Gaeilge
Am:  Oíche Aoine go dtí Dé Domhnaigh
Áit:   Ollscoil Mhuire, Winona, Minnesota
Leibhéal foghlama:  gach leibhéal
Táille: $165
Eagraíocht:  Gaeltacht Minnesota
Suíomh:  http://www.gaelminn.org/winona.htm
Clárú:  http://www.gaelminn.org/pdf/win08reg.pdf  

 

 

Irish Language Weekend at St. Mary's University in Winona, Minnesota

July 11-13, 2008
Irish Language Weekend
Time:  Friday night to Sunday
Place:  St. Mary's University, Winona, Minnesota
Level:  beginning, intermediate, and advanced
Cost: $165
Organization:  Gaeltacht Minnesota
Website:  http://www.gaelminn.org/winona.htm
Registration:  http://www.gaelminn.org/pdf/win08reg.pdf  

 

Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Shepherdstown, West Virginia

Tá sé seo istigh ó Chóilín Owens agus Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

11 - 13 Iúil 2008
Deireadh Seachtaine na Gaeilge
Am:  Oíche Aoine go dtí Dé Domhnaigh
Áit:   Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Leibhéal foghlama:  gach leibhéal
Táille: $125
Eagraíocht:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Teagmháil:  Cóilín Owens ag cowens7@gmu.edu

 

 

Conradh na Gaeilge Irish Language Weekend in Shepherdstown, West Virginia

This is in from Cóilín Owens and The Gaelic League / Washington, D.C.  Thank you, a chairde!

11 - 13 July 2008
Irish Language Weekend
Time:   Friday night to Sunday
Place:  Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Level:   All levels
Cost:  $125
Organization:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Contact:  Cóilín Owens at cowens7@gmu.edu

 

Seachtain Thumoideachais na Gaeilge i mButte, Montana

Chuir Traolach Ó Ríordáin chugainn an fógra seo ó Irish Montana.  Go raibh míle maith agat, a Thraolaigh!

19 Iúil – 26 Iúil 2008

Reachtálfar cúrsa tumoideachais i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge an samhradh so i mButte, Montana.  Is cúrsa neamhchreidiúnaithe é seo a fháiltíonn roimh gach aos is a dhíríonn ar labhairt na Gaeilge is ar bhunchéimeanna na rincí Gaelacha is mó le rá a thaispeáint don bhfoghlaimeoir.

Múinteoirí cáilithe proifisiúnta as Éirinn a bheidh i bhfeighil an teagaisc, le cabhair ó chúntóirí teagaisc Ghaeilge as Clár Léinn na hÉireann in Ollscoil Montana.  Tá na teagascóirí óga seo ag foghlaim na Gaeilge agus na modhanna is éifeachtaí chun a múinte le tamall de bhlianta anuas mar chuid dá gcúrsa léinn.

Más spéis leat páirt a ghlacadh san ócáid taitneamhach so, téigh chuig www.irishmontana.com mar a bhféadtar tuilleadh eolais a fháil is clárú ar líne don gcúrsa, nó is féidir leat glaoch ar Thraolach Ó Ríordáin ag .(406) 544-0311.
 

 

Irish Immersion Week in Butte, Montana

Traolach Ó Ríordáin sent this announcement to us from Irish Montana.  Many thanks, Traolach!

July 19 - July 26 2008

An immersion course in the Irish language and culture will be held this summer in Butte, Montana.  This course is a non-credit course for all ages and focuses on imparting a conversational knowledge of Irish along with traditional music and the basic steps of the most popular Irish Céilí and set dances.

All classes will be taught by professional teachers from Ireland with the aid of Irish language teaching assistants from The University of Montana [UM] Irish Studies program.  These young students have been learning Irish and how to teach the language as part of their course at UM.

If you interested in participating in this fun event, please go to www.irishmontana.com where you can learn more and sign up online for the course, or you can call Terry O’Riordan at (406) 544-0311
 

Rannsachadh na Gàidhlig 2008 i gCeanada

Théid Rannsachadh na Gàidhlig 2008 a chumail aig Oilthaigh Naoimh Fransaidh Xavier 21-24 dhen Iuchar 2008.  Tha sinn an dòchas gum bi teann air 100 sgoileir Gàidhlig aig a’ cho-labhairt, a’ mhór chuid á Albainn agus Canada agus feadhainn eile á Éirinn agus dùthchannan eile. 

Chun breis faisnéise a fháil, téigh go An Roinn Cheilteach ag St. Francis Xavier University . 
 

 

The Scottish Gaelic Research Conference 2008

Rannsachadh na Gàidhlig 2008 (the Scottish Gaelic Research Conference) will be held at Saint Francis Xavier University July 21-24 2008. We are expecting nearly one hundred Gaelic scholars, mostly from Scotland and Canada and others from Ireland and and other countries, to attend. 

For additional information, go to The Celtic Department at St. Francis Xavier University . 
 

 

Am fós má bhrostaíonn tú!

 

Still time if you hurry!

 

Tá Paisean Faisean ag cuardú            Iomaitheoirí

Fuaireamar é seo ón gclár teilifíse “Paisean Faisean”..

“I láthair na huaire táimid ag lorg daoine don 5ú sraith de 'Paisean Faisean' ar TG4.  Tugtar €250 dosna buachaillí agus tugtar 'outfit' dosna cailíní.  Beimid ag taifead i rith an tsamhraidh, Meitheamh, lúil agus Lúnasa….   Slán agus beannacht, - Sinéad”

Chun páirt a ghlacadh ní gá ach foirm iarratais a fháil ó Shinéad, é a líonadh agus é a sheoladh thar n-ais le grianghraf.  Is féidir dul i dteagmháil le Sinéad in Éirinn ag 091-569-142 nó ag 
paiseanfaisean@hotmail.com

 
 
 

Paisean Faisean is Looking for Contestants

We received this from the television show “Paisean Faisean”..

“At the present time we're looking for people for the 5th season of 'Paisean Faisean' on TG4.  €250 is given to the boys and an 'outfit' to the girls.  We're be recording through the summer, June, July, and August….   Slán agus beannacht, - Sinéad”

To take part, it's only necessary to get a request form from Sinéad, to fill it out and send it back with a photograph.  It's possible to reach Sinéad in Ireland at 091-569-142 or at 
paiseanfaisean@hotmail.com .
 
 

Gaeilge in Ollscoil Fordham!

Tá sé cinntithe anois go mbeidh Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Fordham sa Fómhar, agus go mbeidh na ranganna seo ar oscailt do chách! 

Is ranganna do thosaitheoirí iad, agus cuid díobh i Manhattan ag Lincoln Center gach Luan ag tosú 8 Meán Fómhair ó 6 i.n. go 8:45 i.n. (ar fáil agus oiriúnach do dhaoine ag oibriú), agus an chuid eile díobh i Rose Hill, an Bhronx, gach Máirt agus Déardaoin ag tosú Déardaoin, 4 Meán Fómhair, ó 5:30 i.n. go 6:45 i.n.

Is é Gearóid Ó Ceallaigh an múinteoir, de Chumann Carad na Gaeilge!  Chun clárú, glaoigh ar Eoin O'Connell, Stiúrthóir Bainisteoireachta, Institiúid  an Léinn Éireannaigh Ollscoil Fordham, ag 718-817-4634 nó cuir rphost chuige ag o.conaill@gmail.com
 

 

Gaeilge at Fordham University!

It's now been confirmed that the Irish language will be taught at Fordham University in the Fall, and that the classes will be open to all!

These are classes for beginners, with a section in Manhattan at  Lincoln Center every Monday starting September 8 from 6PM to 8:45PM (available and suitable for working people), and the other section in Rose Hill, The Bronx, every Tuesday and Thursday starting Thursday, September 4, from 5:30PM to 6:45PM.

The teacher is Jerry Kelly, from The Philo-Celtic Society!  To register for your choice of classes, call Eoin O'Connell, Administrative Director, Institute of Irish Studies, Fordham University, at 718-817-4634 or contact him by email at o.conaill@gmail.com .
 

Ranganna Gaeilge ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic

Tá ranganna Gaeilge á dtairiscint gach Máirt do pháistí (6 bliana d'aois agus níos sine) agus do dhaoine fásta ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic (Long Island City, Queens).  Is féidir leat teacht isteach fós!  Tá tuilleadh eolais ar fáil ón múinteoir Máire Ní Mhaolagáin ag  mauramulligan@aol.com nó 201-869-6717  Ach ná fan níos faide!
 

 

Irish Language Classes at the New York Irish Center

Irish language classes are being offered every Tuesday for children (6 years of age and older) and for adults at the New York Irish Center (Long Island City, Queens).  You can still join!  Additional information is available from the teacher Maura Mulligan at mauramulligan@aol.com or (201) 869-6717.  But don't wait any longer! 
 

Oideas Gael - Samhradh 2008

 
Tá cúrsaí teanga agus cultúir ar fáil fós an samhradh seo do dhaoine fásta ag Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall, Éire.  Téigh go www.oideas-gael.com .
 
 

Oideas Gael - Summer 2008

 
Summer language and culture courses for adults are still available at Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, County Donegal, Ireland.  Téigh go www.oideas-gael.com .
 

Ollscoil Arizona - Saineolaí i dTeagasc - Clár Teangacha Criticiúla - Gaeilge

Is mian le Clár Teangacha Criticiúla, Ollscoil Arizona, teagascóir Gaeilge a fhostú don téarma ag tosú 11 Lúnasa 2008.  Bheadh an t-iarrathóir is fearr ina c(h)ainteoir líofa ó dhúchas agus céim triú leibhéil aige/aici.  Chun tuilleadh eolais a fháil, ba chóir duit dul i dteagmháil go láithreach le Shirley McDowell, Comhordaitheoir Cláir, ag mcdowels@email.arizona.edu .

 

University of Arizona - Instructional Specialist - Critical Languages Program - Irish

The Critical Languages Program of the University of Arizona is looking to hire an Irish language instructor for the term beginning August 11, 2008.  The best applicant would be a fluent native speaker with a third level degree.  For additional information, you should immediately contact Shirley McDowell, Program Coordinator, at mcdowels@email.arizona.edu .  

Cearta Teanga do Ghaeilgeoirí !!!

 
Más maith leat tacú le cearta teanga sa Tuaisceart, téigh go Cearta Teanga nó Language Rights  agus scríobh!
 
 

Language Rights for Irish Speakers !!!

 
If you'd like to support language rights in the North, go to  Cearta Teanga or Language Rights  and write!
 

 

Fómhar

 

Fall

Tumranganna i Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana

Tharraing Tomás Stock ár n-aird ar thumranganna Gaeilge a bheidh ar siúl i mButte, Montana ó 8 go 10 Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana.  Go raibh maith agat, a Thomáis!   Breis eolais:  cliogáil ar Tumranganna . 
 

 

Immersion classes in August 2008 at the Montana Gaelic Cultural Society

Tom Stock called our attention to the Irish language immersion classes which will be offered by the Montana Gaelic Cultural Society from August 8 to August 10, 2008 in Butte, Montana.  Thank you, Tom!  For information, click on Tumranganna . 
 

Gaeilge ag Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic

Cláraigh anois dosna ranganna Gaeilge seo a leanas ag Institiúid an Léinn Ghael-Mheirceánaigh, Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic:

Fómhar:
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - ar líne (Thomas Ihde)
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Bun-Ghaeilge II - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Bun-Ghaeilge III - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Meán-Ghramadach na Gaeilgear líne (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Intreoir don Ghearrscéal Gaeilge ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Tá clárú ar siúl anois díreach!  Féach ar Gaeilge ag CUNY. 
     

 

Gaeilge at the City University of New York

Register now for the following Irish language classes at the Institute for Irish-American Studies, Lehman College, City University of New York:

Fall:
* IRI103: Beginning Irish I - on-line (Thomas Ihde)
* IRI103: Beginning Irish I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Beginning Irish II - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Beginning Irish III - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Intermediate Irish Grammar - on-line (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Introduction to the Irish Short Story ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Registration is going on right now!  See Gaeilge at CUNY. 
    

Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal

Cláraigh anois do ranganna Gaeilge ag Centre d'Études Canado-Irlandaises, Ollscoil Concordia i Montréal, Québec, Ceanada. Tosóidh na ranganna seo i Meán Fómhair 2008 agus rachaidh ar aghaidh go Meitheamh 2009, mar seo:

Ag tosú i Meán Fómhair 2008
Nua-Ghaeilge 290
Lá:    gach Céadaoin
Am:  18:00 - 20:15
Áit:  
Concordia University, Sir George Williams Campus
Leibhéal foghlama:  tosaitheoir
Teagascóir:  Martina Branagan
Teagmháil:  cdnirish@alcor.concordia.ca .   

 

 

Irish language classes at Concordia University, Montréal

Register now for classes at the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia University, in Montréal, Canada. These classes will begin in September 2008 and continue until June 2009, as follows:

Starting in September 2008
Modern Irish 290
Day:    every Wednesday
Time:   18:00 - 20:15
Place:  Concordia University, Sir George Williams Campus
Level:   beginner
Instructor:  Martina Branagan
Contact:  cdnirish@alcor.concordia.ca .   
 
 

An 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta in San Francisco:  26-28 Meán Fómhair

 
Tá nuacht againn ónár gcara Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
Beidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta San Francisco ar siúil 26-28 Meán Fómhair i mbliana.  Tá sonraí agus foirm iarratais le fáil ar an leathanach seo:  Gaeilge i San Francisco .  Seo é an 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta, buíochas le Dia! Tá súil agam go mbeidh tú linn.    Beannachtaí,  - Nikki
 
Is í Treoraí na Gaeilge í Nikki do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ina ceantar.  Chun breis eolais a fháil faoi Nikki agus a hamhránaíocht thraidisiúnta, féach ar Nikki Ragsdale . 
 
 

The 10th Irish Language Immersion Weekend: San Francisco:  September 26-28

 
We have news from our friend Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
The San Francisco Irish Language Immersion Weekend will be held September 26-28 this year. Details and a registration form are to be found at this site:  Gaeilge in San Francisco .  This is our 10th Deireadh Seachtaine Gaeltachta! I hope you can join us!    Beannachtaí,   - Nikki
 
Nikki is the Irish language leader for Comhaltas Ceoltóirí Éireann in her area.  To find more information about Nikki and her traditional singing, see Nikki Ragsdale . 
 

 

Ar Feadh na Bliana

 

Year Round

An Iris Idirnáisiúnta "An Lúibín" as an Astráil

Tá iris idirnáisiúnta á cur amach saor in aisce le roinnt mhaith blianta anois le Colin Ryan san Astráil.  Gaeilgeoir as Melbourne na hAstráile is ea é, agus foilsítear a scéalta agus ábhar eile sna hirisí Gaeilge. Creideann sé gur teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge, agus mar bheart de réir a bhriathair, foilsíonn sé "An Lúibín" freisin.  Pléitear cúrsaí teanga agus cultúir san iris, agus ní dhéantar faillí i gcúrsaí an domhain trí chéile.  Dá mba mhaith leat triall a bhaint as "An Lúibín," cuir r-phost chuig Colin ag ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

 
The international magazine "An Lúibín" from Australia

An international magazine has been published for free for a good number of years now by Colin Ryan in Australia.  He's an Irish speaker from Melbourne, Australia, and his stories and more are published in the Irish language magazines.  He believes that Irish is an international language, and as proof of his word, he also publishes "An Lúibín."  Language and culture are discussed in the magazine, and the world's affairs are not ignored either.  If you'd like to try "An Lúibín," send an email to Colin at ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

The image “http://www.potafocal.com/About/Ivanka.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - foclóir nua saor in aisce ar líne
Tá foclóir nua saor in aisce ar líne cruthaithe ag Ivanka Varguličová agus Michal Boleslav Měchura.  Soláthraíonn an foclóir seo cuardach tapa agus cuardach casta ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge, liostaí aibítreacha, liostaí de réir ábhair, agus liosta minicíochta.  Chun áis a bhaint as, téigh go www.potafocal.com , agus comhghairdeachas libh a Ivanka agus a Mhichal ! 
 
  The image “http://www.potafocal.com/About/MBM.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - a new, free, on-line dictionary
There's a new, free, on-line dictionary created by Ivanka Varguličová and Michal Boleslav Měchura.  This dictionary provides a quick search and an advanced search from Irish to English and English to Irish, alphabetical lists, lists by subject, and a frequency list.  To use this, go to  www.potafocal.com , and congratulations to you both, Ivanka and  Michal ! 
 

Gearrscannáin ó Bhord Scannán na hÉireann

Tá Oideas Gael tar éis socrú a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann le DVD de ghearrscannáin a chur ar fáil leis na scannáin seo ina measc: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon an Fhiaclóra, Lipservice, Tubberware, agus Yu Ming is Ainm Dom. Chun an diosca seo a fháil, téigh go dtí an Siopa Gaeilge ag Oideas Gael .

 
  

 

Short films from the Irish Film Board and Oideas Gael

Oideas Gael has just made an agreement with the Irish Film Board to make available a DVD of short Irish language films including the following:  An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon na Fiaclóira, Lipservice, Tubberware, and Yu Ming is Ainm Dom.  To get this disk, go to the Irish Language Shop at Oideas Gael .

 
.

Fógra maith as Gaeilge - Ól Barry's Tea!
Más maith leat fógra maith as Gaeilge a fheiceáil, téigh go
Barry's Tea. 
 
  A good commercial in Irish - Drink Barry's Tea!
If you'd like to see a good commercial in Irish, go to
Barry's Tea. 
 
WinGléacht: Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

É seo ó Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Mháire!

Tá leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil anois: WinGléacht. Tá na ceannfhocail go léir san fhoclóir agus nótaí gramadaí ag baint leo. Deireann ár gcairde go bhfuil sé ar fheabhas.  An-áisiúil é a bheith ar an ríomhaire agus gan iallach orainn a bheith ag cuardach leabhair chun an focal cuí a aimsiú!  Ach níl sé saor in aisce.  Tá sé ar fáil i siopaí Gaeilge agus gnáthphraghas de thimpeall €25.00 air.  Téigh go dtí WinGléacht Uí Dhónaill chun breis eolais a fháil. 
 
 
WinGléacht: Electronic version of Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

This comes to us from Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you, Máire!

An electronic version of Ó Dónaill's Irish-English Dictionary is now available: WinGléacht. All the headwords are available and the grammar related to them.  Our friends say this is excellent.  It's very convenient to be on the computer and not compelled to go searching through a book to find the right answer!  But it's not free.  It's available in Irish language shops with a typical price of about €25.00.  Go to WinGléacht Uí Dhónaill for more information. 
 

"Foghlaim Gaeilge in éineacht le Liam Ó Maonlaí"
Tá an clár iontach seo ar fáil ar líne saor in aisce anois ó Liam Ó Maonlaí agus an Irish Independent ag Foghlaim Gaeilge .  Go raibh maith agaibh, a chairde! 

Chun éisteacht lena cheol as Gaeilge agus Sacsbhéarla, téigh go dtí a leathanach myspace ag Liam Ó Maonlaí. 
 

  "Learn Irish with Liam Ó Maonlaí"
This wonderful program is now available on-line and for free from Liam Ó Maonlaí and the Irish Independent newspaper at Learn Irish .  Thank you, a chairde!

To listen to his music in Irish and English, go to his myspace page at Liam Ó Maonlaí.  
 

Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Tá sé seo istigh ó Shanti Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i mBÁC.  Buíochas libh, a chairde!

"Chonaic mé an nasc a leanas san Irish Times....  Tá ceachtanna Gaeilge ar shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir nuachta ó TG4.  I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.  Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil...  Ag deireadh gach ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge amháin).  Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."  Féach ar Má Nuad .

 
  

  Irish language lessons on video, on line, and free from University of Ireland, Maynooth

This report is in from Shanti Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you both, a chairde!

"I saw the following link in this month's Irish Times.  There are Irish language lessons on the website of the University of Ireland, Maynooth, based on news programs from TG4.  In every lesson, there is a news report to watch and questions to answer about the report. The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of the story is written out (in Irish only). I think that you can make great use of this new resource in order to improve your Irish."  See Maynooth .

 
 

Podchraoladh as Gaeilge ó iTunes!
Insíonn Liz Haren dúinn go bhfuil podchraoladh as Gaeilge ar fáil anois ó iTunes.  Chun a rogha a fheiceáil, féach ar Gaeilge ó iTunes

 

 

Podcasting in Irish from iTunes!
Liz Haren tells us that podcasting in the Irish language is now available from iTunes.  To see their selection, take a look at Gaeilge ó iTunes

 

Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! 
 

 

And don't forget our own broadcasting on YouTube! at Broadcasting By The Philo-Celtic Society ! 
 

Ranganna Gaeilge ag Ollscoil Mhontana - Missoula
Tuairiscíonn Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula.  Chun eolas sa bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo .  Go raibh maith agat, a Thomáis! 

 
  The Irish Language at the University of Montana - Missoula
Tom Stock reports that three semesters of Irish language instruction are now available at the University of Montana - Missoula.  For more information, contact the University here .  Thanks, Tom! 

 
Gaeilge ar fud na hAstráile ar feadh na bliana!
Is í Elke Watson a tharraing ár n-aird ar an bhfíric go mbailíonn Cumann Gaeilge na hAstráile eolas ar ranganna na Gaeilge ar fud na hAstráile, agus go múineann siad ranganna freisin.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar Gaeilge ar fud na hAstráile.  Go raibh maith agat, a Elke!


 

 

Gaeilge throughout Australia all year long!
Elke Watson is the person who called our attention to the fact that Cumann Gaeilge na hAstráile collects information on Irish language classes throughout Australia, and that they teach classes also.  To get more information, see  Gaeilge ar fud na hAstráile.  Thank you, Elke! 

 

Léirmheas:  Féin-teagasc go hÉasca Péasca ar líne
Tá  a lán suíomhanna ar an idirlíon anois ag tabhairt cabhrach d'fhoghlaimeoirí.  Is ceann acu é Éasca Péasca.  Bíonn a dhéanmhas soiléir agus furasta a leanúint.  Bíonn a chomhaid fuaime glan agus so-chloiste.  Aon am nach n-oibríonn cnap "Seinn/Play," is féidir leat an comhad a íoslódáil chuig do ríomhaire chun é a chloisteáil ar aon chuma ar do thoil.  I mo bharúil féin, áfach, sílim go bhfuil an suíomh oiriúnach do mheánfhoghlaimeoirí agus daoine ag teacht ar ais chuig an teanga, ach nach bhfuil sé oiriúnach d'fhoghlaimeoirí den bhunleibhéal.  Leis sin ráite, sílim gur uirlis den scoth é.  Chun úsáid a bhaint as an suíomh seo, téigh go dtí Éasca Péasca. 
 

 

Review:  Easy Peasy Self-Teaching on-line
There are lots of websites now on the internet giving help to beginners.  Éasca Péasca ('Easy Peasy') is one of them.  Its structure is completely clear and easy to follow.  Its sound files are clean and easy to hear.  Any time that a "Play" button doesn't work, you can download the file to your computer to hear it anyway whenever you want.   In my own opinion, however, I think that the site is suitable for intermediate learners and people who are coming back to the language, but it is not suitable for learners who are at the beginning level.  With that said, I think that this is an excellent tool.  To use this website, go to   Éasca Péasca. 
 

lch tosaigh

Nós nua ar fáil!

É seo istigh ó Fhélim Borland a chuir an t-eolas seo chuig an liosta ar líne Gaeilge-A.  Go raibh maith agat, a Fhélim!

Tá iris nua Ghaeilge ar fáil anois ag www.nosmag.com , agus is fiú na línte seo óna heagarthóirí a ath-chló anseo: "Ba í an sprioc a leagadh síos nuair a bheartaigh muid ar iris bhríomhar nua-aoiseach a chur ar fáil do phobal domhanda ár dteanga ná tionchar dearfach splancúil a imirt ar an saol thart orainn - seirbhís shiamsúil a sholáthar a spreagfadh ár léitheoirí agus a chuirfeadh in iúl go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa 21ú aois."

Fosta, ná bíodh ionadh ort má fheiceann tú alt ar scríobh ár mball Séamas Ó Neachtain san eagrán seo de Nós.

Déanta go maith, a chairde.  Maith sibh!
 

 

ceoltóiríA new Nós is available!

This is in from Félim Borland who sent the information to the on-line list Gaeilge-A.  Thank you, Félim!

A new Irish language magazine is now available at www.nosmag.com , and it's worthwhile to reprint these lines from its editors here: "When we decided to make available a lively, modern magazine for our language's worldwide community, the objective which was laid down was to have a positive, lightning effect on the world around us - to provide an entertaining service which would inspire our readers and confirm that the Irish language is alive and lively in the 21st century."

Also, don't be surprised if you see an article from our member Séamas Ó Neachtain in this issue of Nós.

Well done, a chairde.  Congratulations!
 

Cruinnithe na Gaeilge Timpeall an Domhain

Tá sé seo istigh ó Chaoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

Más maith leat cruinniú chun Gaeilge a labhairt nó a fhoghlaim, is féidir leat cruinnithe a fháil i n-aice leat trí irish.meetup.com. 
 

 

Irish Language Meetups Around the World

This is in from Kevin Boyce in Baile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

If you want to meet to speak or learn Irish, you can find meetups near you through irish.meetup.com. 
 

Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Cuireann ár mball Éamon Jeffers an cuireadh seo chugaibh:

Má tá cónaí ort in aice le Londain, Sasana, ar mhaith leat comhrá as Gaeilge?  Dá mba, b'fhéidir go mbeadh suim agat i seo: 
irish.meetup.com/119/ .  Mura bhfuil ach cúpla focal agat beidh spórt againn ar aon chor. Tá conaí ar go leor againn anseo i Londain agus ba cheart dhúinn bualadh le chéile lenár gcuid Gaeilge a chleachtadh.  Ná bímis cúthail!  Tá an Pholainnis, an Fhraincis is 'chuile shórt le cloisteáil i Londain gach uile lá, bíodh an Ghaeilge ina measc.
   
 

 

Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Our member Éamon Jeffers sends this invitation to all of you:

If you live near to London, England ... would you like to practice your Irish?  If so, maybe you'd be interested in this: 
irish.meetup.com/119/ .  Even if you've only got the 'cúpla focal' we'll have some fun anyway.  There are plenty of us living here in London and we should get together to practice our Irish.  Let's not be shy!  Polish, French and all sorts of other languages are to be heard in London every single day, let's add Irish to the mix

.   
 

An Líonra Ar Líne

Tá teachtaireacht againn istigh ó Sheoirse Rath i mBaile Átha Cliath faoi líonra nua ar líne do Ghaeilgeoirí.  Go raibh maith agat, a Sheoirse! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil." 
 

 

An Líonra (The Network) On Line

We have a message in from George Rath in Baile Átha Cliath about a new on-line network for Irish speakers.  Many thanks, George! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil." 
 

Seoda ón nGaeltacht

 
Chuir Tomás Mac Gearailt ar an liosta Gaeilge-B é seo.  Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
Tá scéalta, dánta agus seoda cluas eile ón nGaeltacht le fail anois, saor in aisce ag Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt 
 
 

Jewels from the Gaeltacht

 
Tomás Mac Gearailt put this on the list Gaeilge-B.   Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
There are free audios with stories, poems and other jewels from the Gaeltacht to be found at Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt

 
 

Acmhainní do "Progress In Irish"

 
Tá suíomh gréasáin nua cruthaithe ag ár mball Gearóid Ó hAnnaidh agus a mhac Seán LaBastille chun acmhainní i dtaobh an ghraiméir choitianta Progress In Irish le Máiréad Ní Ghráda a bhailiú in áit amháin.  Is féidir libh feiceáil gur suíomh an-fheidhmiúil é ag www.gaeilge-resources.eu , le comhaid fhuaime, freagraí, nótaí gramadaigh sa bhreis caibidil ar chaibidil, agus a thuilleadh.  Bhí cuid desna hacmhainní seo cruthaithe ag Gearóid é féin agus ár mbaill Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, & Séamas Ó Neachtain! 
 
 

Resources for "Progress In Irish"

 
A new website has been created by our member Gearóid Ó hAnnaidh and his son Seán LaBastille to collect in one place resources related to the popular grammar book Progress In Irish by Máiréad Ní Ghráda.  You can see that it's a very effective site at www.gaeilge-resources.eu , with sound files, answers, additional notes on grammar chapter by chapter, and more, with some of these resources created by Gearóid himself and our membersl Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, and Séamas Ó Neachtain! 
 

Cluichí do "Progress In Irish"

 
Scríobhann ár mball Máire Mhic an Phríora chugainn go bhfuil "cluichí éagsúla ar fáil ach téigí go dtí an suíomh idirlíon Cluichí do Progress In Irish .  Bígí ag imirt!"
 
Chruthaigh Máire í féin na cluichí seo.  Go raibh míle maith agat, a Mháire! 
 
 

Games for "Progress In Irish"

 
Our member Máire Mhic an Phríora writes to us that "various games are available by going to the internet site Games for Progress In Irish .  Go ahead and play!"
 
Máire created these games herself.  Go raibh míle maith agat, a Mháire! 
  

Cnuasach
Conallach

Cnuasach Conallach - Foclóir Ríomhairithe Ghaeilge Thír Chonaill

 
Ár mbuíochas le Gearóid Ó hAnnaidh as an bhfaisnéis shár-shuimiúil seo.
 
Tá foclóir sonraíoch curtha ar fáil ar an idirlíon le déanaí ag an Dochtúir Diarmuid Ó hAirt.  Chnuasaigh sé a bhfocail ó bhéaloideas Thír Chonaill, go háirithe ón mbéaloideas bailithe ag Seán Ó hEochaidh agus Seán Mac Meanman sna 1930í agus 1940í don Choimisiún Béaloideasa Éireann.  Bhailigh Seán Ó hEochaidh níos mó béaloideasa Éireannaigh ná aon duine eile riamh.  Is féidir teacht ar an bhfoclóir iontach seo ag Cnuasach Conallach .  Ar an suíomh céanna, feicfidh tú litreacha scríofa le Tomás Ó Criomthain ('an t-Oileánach') agus Seán Ó Caoimh. 
  
 

Cnuasach Conallach - A Computerized Dictionary of the Irish of Donegal

 
Our thanks to Gearóid Ó hAnnaidh for this exceedingly interesting information.
 
A remarkable dictionary has recently been made available on the internet by Dr. Diarmuid Ó hAirt.  He collected his words from the folklore of Tír Chonaill ('Donegal'), especially the folklore gathered by Seán Ó hEochaidh and Seán Mac Meanman in the 1930s and 1940s for the Irish Folklore Commission.  Seán Ó hEochaidh collected more Irish folklore than any other person ever.  You can find this wonderful dictionary at Cnuasach Conallach .  On the same site, you'll also see letters written by Tomás Ó Criomthain ('the Islandman') and Seán Ó Caoimh.

Cnuasach
 Conallach
 
 

Foclóir Uí Dhuinnín Ar fáil Ar Líne

 
Fuaireamar an fhaisnéis tábhachtach seo ó Ghearóid Ó Néill ar an liosta Gaeilge-B agus ónar mball Máire Mhic an Phríora.  Go raibh míle maith agaibh, a chairde!
 
Tá ceann de na foclóirí is fearr dár foilsíodh riamh ar fáil anois ar an idirlíon Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín .  Ni gá ach clárú chun an focal atá uait a aimsiú. Tá griangraf de gach leathanach ann.  Is féidir zómáil isteach ar na focail nó is féidir focal a líonadh isteach i mbosca cuardaigh.  Tá sé go deas an seanchló agus an seanlitriú a fheiceáíl arís.  Éacht ar dóigh déanta ag na daoine in Ollscoil Luimnigh!  Comhghairdeas libh!   - Máire Mhic an Phríora   
 
 

Dineen's Dictionary Available On Line

 
We received this important information from Ghearóid Ó Néill on the list Gaeilge-B and from our member Máire Mhic an Phríora.  Many thanks, a chairde!
 
One of the best dictionaries which has ever been published is now available on the internet Dineen's Irish English Dictionary .  You can find any word you want simply by registering.  Every page has been photographed.  You can zoom in on the words or you can find them by filling in a search box.  It's nice to see the old typeface and letters again.  A beautiful accomplishment done by the people at Limerick University!  Congratulations to you!      - Máire Mhic an Phríora   
 

TG4 ar You Tube

 
Thug ár mball Máire Mhic an Phríora dúinn an fhaisnéis seo.  Go raibh maith agat, a Mháire!
 
Tá a lán amhránaíochta as Gaeilge curtha ag TG4 ar You Tube.  Féach air seo:  TG4 ar You Tube .
 
 

TG4 on You Tube

 
Our member Máire Mhic an Phríora gave us this information.  Thank you, a Mháire!
 
TG4 has put plenty of singing in Irish on You Tube.  Take a look at this:  TG4 on You Tube .

 


Caith am ag gáire in éineacht le Des Bishop ar RTÉ1

Tháinig Des Bishop go Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac i Mí Eanáir agus anois is féidir leat an Scoil agus Des a fheiceáil i gclár a 5 de "In The Name of the Fada" ar RTÉ1.  Is baill de Chumann Carad na Gaeilge iad gach múinteoir ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín.

Agus anois, is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim ar shuíomh Dhes.  Féach suas ar an dtaobh clé ag  www.desbishop.com .
    

 


Spend time laughing with Des Bishop on RTÉ1

Des Bishop came to the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York in mid-January 2008 and now you can see the School and Des in episode 5 of "In The Name of the Fada" on RTÉ1.  Each teacher in the Gerry Tobin Irish Language School is a member of The Philo-Celtic Society.

And now, you can learn Irish on Des' website.  Look up on the right side at  www.desbishop.com .

        
   

Tá breis agus 560 scoláire anois i Scoil Chumann Carad na Gaeilge!

Tá ranganna na scoile seo ar fáil saor in aisce, ar líne, timpeall na cruinne!  Chun teacht isteach mar scoláire nó mar mhúinteoir, téigh go Scoil Chumann Carad na Gaeilge.  Inis dúinn má's maith leat múineadh, le do thoil.  Beidh fáilte romhat.   
 

 

There are now more than 560 students in The Philo-Celtic Society School!

This school's classes are available for free, on-line, around the globe!  To join as a student or as a teacher, go to The Philo-Celtic Society School.  Please be sure tell us if you want to teach.  You'll be very welcome.   
 

 

Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair gach lá d'athbheochan domhanda na Gaeilge!

Fógraí do AN GAEL-BREISE!

Má's maith leat fógraí faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach inár gcomhphobal ar líne ANSEO agus inis dúinn fúthu.  Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú donár bhfoireann bheag.  Mar sin, le do thoil, scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair dúinn do nuachta ar aon chuma! 

Ní neart go cur le chéile!

Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
 

  The Philo-Celtic Society Society
Working daily for the worldwide Irish language renaissance!

Announcements for AN GAEL-EXTRA!

If you want to send us announcements about your Irish language events for publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line community HERE and tell us about hem.  As you can see, there's already too much to translate for our little team.  Therefore, please do write to us in Irish with English translation if you're able.  If not, give us your Irish
language news anyway!

Ní neart go cur le chéile!

What other news from South America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
 

 

Focal ó An Gael

Mionteanga?
 
Bhí mé ag léamh caipéisí éagsúla as Gaeilge ón Eoraip le déanaí agus thug mé faoi deara go dtugtar an teideal 'mionteanga' ar Ghaeilge.   Mion?  Mionsamhail?  Beag bídeach?  Cúpla focal, cúpla leabhar, agus sin é?    Cathain a tharla sé sin?
 
Is fíor donár mball Labhras Wilson go n-aistrítear 'mionteanga' go Sacsbhéarla mar 'minority language,' agus mar sin ní dhéanann an teidil sin aon dochar i measc na ngall.  Ach fós, mar ár mball Marelyn Maille, "Níl mé sásta leis an lipéad sin do Ghaeilge."  Agus mar Shéamas Ó Neachtain, aontaím lenár mball Muiris Mac Ualghairg nuair a scríobhann sé "Is fearr liom féin 'teanga neamhfhorleathan' mar ní 'mionteanga' teanga ar bith!"
 
Mar ár gcara Proinsias 'an Cláiríneach,' breathnaím ar mhílte bliain de Gaeilge lán le filidheacht agus filíocht, ard-scéalaidheacht agus scéalaíocht, bárdaidheacht agus crosántacht, seanchas, dinnseanchas, fiannaidheacht, stair, ginealach, dlí, amhránaíocht, caoineadh, léann eaglasta, béaloideas, agus gach chaoi eile chun ealaín labhartha nó scríofa a dhéanamh, agus caithfidh mé a rá nach bhfuil 'mionteanga' maith go leor do Ghaeilge.
 
Molann ár gcara Proinsias an Cláiríneach "Teanga mhór, faoi cheilt, ag na Ceiltigh!!!"  Nach fíor do Phroinsias faoi sin?  Agus nach é "faoi cheilt" an rud díreach a bhfuilimid ag athrú gach lá? 
 
Agus do chaipéisí i rialtas na hEorpa agus na Gaeil á scríobh, b'fhéidir gur féidir leo scríobh rud éigin mar 'mórtheanga neamhfhorleathan.'   Nó, má tá sé sin ró-bhláthach, ba chóir dóibh ar a laghad glacadh le moladh beacht Shéamais Uí Neachtain:  'teanga mhionlaigh.'  (Leis sin a chuirfeadh Proinsias an Cláiríneach "ar a slí ar ais.")
 
-  An Gael
 
 

A Word from An Gael

 
A Mini-language?
 
I was reading some documents in Irish from Europe recently and I noticed that the title 'mionteanga' is given to Irish.  Mini-? Miniature? Small tiny?  A couple of words, a couple of books, and that's it.  When did that happen? 

Our member Larry Wilson is right when he says that 'mionteanga' is translated to English as 'minority language,' and so it doesn't do any harm amongst foreign language-speakers.  And yet, like our member Marelyn Maille, "I'm not satisfied with that label for Irish."  And like Séamas Ó Neachtain, I agree with our member Muiris Mac Ualghairg when he writes "I myself prefer 'a language not widely used' since a 'miniature language' is no language at all!"

Like our friend Proinsias 'an Cláiríneach,' I look at thousands of years of the Irish language full of prophet-poetry and modern poetry, epic storytelling and modern storytelling, praise-poetry and satire, traditional lore, chanted geography, Fenian lays, history, genealogy, law, our song tradition, laments, ecclesiastical learning, folklore, and every other way spoken and written art can be made, and I have to say that 'miniature language' just isn't good enough for Irish.

Our friend Proinsias an Cláiríneach suggests "A great language, hidden, belonging to the Celts."  Isn't Proinsias right about that?  And isn't "hidden" exactly the thing we're changing every day?

And for documents in the European government, and the Gaeil who are writing them, perhaps they can write something like 'a great language not widely used.'  Or, if that's too flowery, they should at least accept Séamas Ó Neachtain's suggestion:  'a language of a minority.'  (To which Proinsias an Cláiríneach would add "on its way back.")

- An Gael
 

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan Éireannach.
Gan Éireannach, gan Éire.
                                  - An Gael
 
 

 

 

Triad
Without the Irish language, nothing Gaelic.
Without anything Gaelic, nothing Irish.
Without anything Irish, no Ireland.
                                                   - An Gael
 

 

CUIDITHEOIRÍ AN EAGRÁIN SEO

Eagarthóirí:  Séamas Ó Neachtain i Nua-Eabhrac, Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, Éamon Jeffers i Londain, agus Gearóid Ó Ceallaigh i Nua-Eabhrac.

Breis-scríbhneoireacht as Gaeilge:  Félim Borland ar an liosta ar líne Gaeilge-A, Elaine Ní Bhraonáin i Nua-Eabhrac, Caoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath, Proinsias 'an Cláiríneach' ar an idirlíon, Aralt Mac Giolla Chainnigh i nOntario, Tomás Mac Gearailt (timpeall an domhain!), Shanti Hofshi i San Diego,  Éamon Jeffers i Londain, Daithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn, Marelyn Maille i New Hampshire, Marcus Metz in Königswinter,  an Ghearmáin, Máiréad Perron ar Oileán Fada, Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Seoirse Rath i mBaile Átha Cliath, Traolach Ó Ríordáin i mButte, Montana, Colin Ryan i Melbourne, an Astráil, Seán Mac Suibhne agus Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, agus Gearóid Ó Ceallaigh. 

Buíochas sa bhreis do Elke Watson i Sydney, Gearóid Ó Néill ar an liosta Gaeilge-B, Cóilín Owens in Washington D.C., Tomás Stock i Montana, agus Liz Haren in Arizona. 

Fáiscín-ealaín:  Aon Celtic Art & Illumination agus Fotosearch.

Coipcheart (c) 2008.  Gach ceart faoi choimeád.
  

 

THIS ISSUE'S CONTRIBUTORS

Editors:  Séamas Ó Neachtain in New York, Gearóid Ó hAnnaidh i Luxemburg, Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg in Wales, Éamon Jeffers in London, England,  and Gearóid Ó Ceallaigh in New York. 

Additional writing in Irish:  Félim Borland on the on-line list Gaeilge-A, Elaine Ní Bhraonáin in New York, Kevin Boyce in Baile Átha Cliath, Proinsias 'an Cláiríneach' on the internet, Aralt Mac Giolla Chainnigh in Ontario, Canada, Shanti Hofshi in San Diego, California, Tom Fitzgerald (around the world!), Éamon Jeffers in London, Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn, Marelyn Maille in New Hampshire, Marcus Metz in Königswinter, Germany, Máiréad Perron on Long Island, Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath, George Rath in Baile Átha Cliath, Traolach Ó Ríordáin in Butte, Montana, Colin Ryan in Melbourne, Australia, Seán Mac Suibhne and Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg in Wales, and Gearóid Ó Ceallaigh in New York. 

Additional thanks to Elke Watson in Sydney, Gearóid Ó Néill on the list Gaeilge-B, Cóilín Owens in Washington D.C., Tomás Stock in Montana, and Liz Haren in Arizona. 

Clip art by:  Aon Celtic Art & Illumination and Fotosearch. 

Copyright (c) 2008.  All Rights Reserved.
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004