An Gael - Meitheamh 2008 / An Gael - June 2008

Meitheamh 2008  /  June 2008

Ag céiliúradh 130 bliain do Chumann Carad na Gaeilge Nua-Eabhraic 2 Meitheamh 2008!

Celebrating 130 Years of The New York Philo-Celtic Society on June 2, 2008!

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge ó 1881        
Official Magazine of The Philo-Celtic Society Since 1881            

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

SCÉALA! / NEWS!

Cad a tharla i mBealtaine?
A lán.

 

What happened In May?
Plenty.

 

Cad a tharla ag an gcomhdháil idirnáisiúnta 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh'?

 

Ag tús na bliana seo, tháinig Daragh Ó Tuama go Nua-Eabhrac mar ionadaí Ghlór na nGael, chun tionscadal a phlé liomsa, mar chathaoirleach ar Chumann Carad na Gaeilge, agus le Gearóid Ó Ceallaigh, iar-chathaoirleach.  Comhdháil na Gaeilge i Nua-Eabhrac a bhí á pleanáil againn.  As comhráite ar an idirlíon agus an cruinniú sin a d’éirigh plean maith, agus rinne Glór na nGael na socruithe agus thosaíomar ar an bhfógraíocht.  Eachtra stairiúil a bheadh ann, cinnte, agus tús nua a chuirfeadh le comhoibriú fórsaí ar an dá thaobh den Atlantach.  >Breis> 
 

 

 

What happened at the international conference 'A Vision for the Irish Language in North America'?

 

At the beginning of this year, Daragh Ó Tuama, a representative of Glór na nGael, came to New York to discuss a project with me, as Chairperson of Cumann Carad na Gaeilge, and with Jerry Kelly as past Chairperson.  We planned to have an Irish language Conference in New York. As a result of this meeting and dialogue on the internet, a plan was developed.  Glór na nGael made the arrangements and we started publicizing it.  It would certainly be a historic event and a new beginning of co-operation between forces on both sides of the Atlantic. >More> 
 

 

'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh' ar Fhístéip

 

Is féidir leat físchraoltaí ón gcomhdháil idirnáisiúnta 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh' a fheiceáil anseo .  Rinne Séamas Ó Neachtain iad! 
 

 

 

'Vision for the Irish Language In North America' on Video

 

You can see videocasts from the international conference 'A Vision for the Irish Language in North America' here .  Séamas Ó Neachtain made them! 
 

 

An raibh tú ag 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh'?

 

B'fhéidir go raibh, b'fhéidir nach raibh.  Ar aon chaoi, an bhfuil tuairimí agat ar an mbealach ar aghaidh do Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh?  Scríobh do smaointe anseo ! 
 

 

 

Were you at 'A Vision for Irish in North America'?

 

Maybe you were, maybe you weren't.  Either way, do you have opinions about the way forward for the Irish language in North America?  Write your ideas here ! 
 

Stór Faighte - Caipéisí Chumann Carad na Gaeilge Nua-Eabhraic ó 1878!

An Bosca Mór!

Tá an-áthas orainn tuairisciú gur choimeád baill Chumann Carad na Gaeilge Nua Eabhraic (cuid de Chumann Carad na Gaeilge) na caipéisí seo slán sábhailte thar na bliana.  Tá siad anois i lámha ár gCathoirleach, Séamas Ó Neachtain, ar Inis Fad, Nua Eabhrac.  Tá cuid desna caipéisí seo ón naoú haois déag, le nóiméadaí den chéad chruinniú Chumann Carad na Gaeilge Nua Eabhraic ina measc.  Tharla an cruinniú sin ar 2 Meitheamh 2008, 130 bliana ón scríobh seo inniu!  Go raibh míle maith agaibh do Shóisir Mac Coinnigh agus a bhean chéile flaithiúil Mollaí a choimeád an stór seo dúinn chomh fada sin.

Chun níos mó a fheiceáil, téigh go dtí An Bosca Mór. 
 

 

A Treasure Found - New York Philo-Celtic Society Documents from 1878!

The first meeting of New York Philo-Celtic in 1878!

We are very pleased to report that members of The New York Philo-Celtic Society (part of The Philo-Celtic Society) kept these documents safe and sound over the years.  They are now in the hands of our Chairman, Séamas Ó Neachtain, on Long Island, New York.  Some of these documents are from the 19th century, including minutes of the very first meeting of The New York Philo-Celtic Society.  That happened on June 2, 2008, exactly 130 years before this writing today!  Many thanks to Junior McKinney and his generous wife Molly who kept this treasure for us for so long.

To see more, go to The Big Box.   
 

Cumann Carad na Gaeilge Nua-Eabhraic 130 bliain d'aois an mhí seo!

Bunaíodh Cumann Carad na Gaeilge Nua-Eabhraic 2 Meitheamh 1878 i Manhattan.  Is cuid de Chumann Carad na Gaeilge é, a thosaigh i mBrúiclinn i 1872 le múineadh na Gaeilge.  Agus cad a rinne ár gcairde i Nua-Eabhrac chun cothrom an lae a chéiliúradh an bhliain seo?  Bhuel, mar is nós dóibh, agus b'fhéidir nach ionadh é seo d'éinne, d'oibrigh siad ar  thacaíocht, neartú, chothú, chleachtadh, chraobhscaoileadh, fhairsingiú, agus mhúineadh na Gaeilge. 

Comhghairdeachas libh, a chairde!   
 

 

The New York Philo-Celtic Society is 130 years old this month!

The New York Philo-Celtic Society was founded in Manhattan on June 2, 1878.  It's part of The Philo-Celtic Society, which began in Brooklyn in 1872 with teaching of the Irish language.  And what did our friends in New York do to celebrate the anniversary this year?  Well, as is their custom, and maybe this isn't a surprise to anyone, they worked on supporting, strengthening, encouraging, using, broadcasting, expanding, and teaching the Irish language. 

Congratulations, a chairde! 
 

Cruinnithe na Gaeilge Timpeall an Domhain

Tá sé seo istigh ó Chaoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

Más maith leat cruinniú chun Gaeilge a labhairt nó a fhoghlaim, is féidir leat cruinnithe a fháil i n-aice leat trí irish.meetup.com. 
 

 

Irish Language Meetups Around the World

This is in from Kevin Boyce in Baile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

If you want to meet to speak or learn Irish, you can find meetups near you through irish.meetup.com. 
 

Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Cuireann ár mball Éamon Jeffers an cuireadh seo chugaibh:

Má tá cónaí ort in aice le Londain, Sasana, ar mhaith leat comhrá as Gaeilge?  Dá mba, b'fhéidir go mbeadh suim agat i seo: 
irish.meetup.com/119/ .  Mura bhfuil ach cúpla focal agat beidh spórt againn ar aon chor. Tá conaí ar go leor againn anseo i Londain agus ba cheart dhúinn bualadh le chéile lenár gcuid Gaeilge a chleachtadh.  Ná bímis cúthail!  Tá an Pholainnis, an Fhraincis is 'chuile shórt le cloisteáil i Londain gach uile lá, bíodh an Ghaeilge ina measc.
   
 

 

Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Our member Éamon Jeffers sends this invitation to all of you:

If you live near to London, England ... would you like to practice your Irish?  If so, maybe you'd be interested in this: 
irish.meetup.com/119/ .  Even if you've only got the 'cúpla focal' we'll have some fun anyway.  There are plenty of us living here in London and we should get together to practice our Irish.  Let's not be shy!  Polish, French and all sorts of other languages are to be heard in London every single day, let's add Irish to the mix.
   
 

An Líonra Ar Líne

Tá teachtaireacht againn istigh ó Sheoirse Rath i mBaile Átha Cliath faoi líonra nua ar líne do Ghaeilgeoirí.  Go raibh maith agat, a Sheoirse! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil." 
 

 

An Líonra (The Network) On Line

We have a message in from George Rath in Baile Átha Cliath about a new on-line network for Irish speakers.  Many thanks, George! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil." 
 

Seoda ón nGaeltacht

 
Chuir Tomás Mac Gearailt ar an liosta Gaeilge-B é seo.  Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
Tá scéalta, dánta agus seoda cluas eile ón nGaeltacht le fail anois, saor in aisce ag Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt 
 
 

Jewels from the Gaeltacht

 
Tomás Mac Gearailt put this on the list Gaeilge-B.   Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
There are free audios with stories, poems and other jewels from the Gaeltacht to be found at Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt 
 

Highland Airways

Sheol ár mball Daithí Mac Lochlainn isteach chugainn é seo.  Go raibh maith agat, a Dhaithí!

Tá aerlíne ag maoímh gurb iad an chéad aerlíne sa domhain suíomh idirlín trítheangach a sheoladh as Sacsbhéarla, Gaeilge na hAlban, agus Breatnais.  Dúirt Highland Airways go dtugann a suíomh nua deis do chustaiméirí breise a chlárú ar líne ina dteangacha féin.  (Nach ndéanann sé sin ciall ó thaobh gnó?)  Téigh go www.highlandairways.co.uk chun feidhm a bhaint as a suíomh. 
 

 

Highland Airways

Our member Daithí Mac Lochlainn sent this in to us.  Thank you, Daithí!

An airline is claiming that they are the first in the world to launch  a tri-lingual internet website in English, Scottish Gaelic and Welsh.  Highland Airways said that their new site gives additional customers the opportunity to register on line in their own languages.  (Doesn't that make sense from a business point of view?)  Go to www.highlandairways.co.uk to use their website. 
 

Acmhainní do "Progress In Irish"

 
Tá suíomh gréasáin nua cruthaithe ag ár mball Gearóid Ó hAnnaidh agus a mhac Seán LaBastille chun acmhainní i dtaobh an ghraiméir choitianta Progress In Irish le Máiréad Ní Ghráda a bhailiú in áit amháin.  Is féidir libh feiceáil gur suíomh an-fheidhmiúil é ag www.gaeilge-resources.eu , le comhaid fhuaime, freagraí, nótaí gramadaigh sa bhreis caibidil ar chaibidil, agus a thuilleadh.  Bhí cuid desna hacmhainní seo cruthaithe ag Gearóid é féin agus ár mbaill Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, & Séamas Ó Neachtain! 
 
 

Resources for "Progress In Irish"

 
A new website has been created by our member Gearóid Ó hAnnaidh and his son Seán LaBastille to collect in one place resources related to the popular grammar book Progress In Irish by Máiréad Ní Ghráda.  You can see that it's a very effective site at www.gaeilge-resources.eu , with sound files, answers, additional notes on grammar chapter by chapter, and more, with some of these resources created by Gearóid himself and our membersl Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, and Séamas Ó Neachtain! 
 

Cluichí do "Progress In Irish"

 
Scríobhann ár mball Máire Mhic an Phríora chugainn go bhfuil "cluichí éagsúla ar fáil ach téigí go dtí an suíomh idirlíon Cluichí do Progress In Irish .  Bígí ag imirt!"
 
Chruthaigh Máire í féin na cluichí seo.  Go raibh míle maith agat, a Mháire! 
 
 

Games for "Progress In Irish"

 
Our member Máire Mhic an Phríora writes to us that "various games are available by going to the internet site Games for Progress In Irish .  Go ahead and play!"
 
Máire created these games herself.  Go raibh míle maith agat, a Mháire! 
  

Gaeilge ag Ollscoil Sao Paolo!

Tháinig sé seo isteach ó Dhaithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn.  Go raibh maith agat, a Dhaithí!

Tá bun-chúrsa na Gaeilge á thosú ag Ollscoil Sao Paolo anois díreach!  Rachaidh sé ar aghaidh go dtí 24 Meitheamh 2008.  Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí Tír Bhreasail. 
 

 

Gaeilge at the University of Sao Paolo!

This came in from Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn.  Thank you, Daithí!

A basic course in Irish is starting at the University of Sao Paolo right now!  It will go forward until June 24, 2008.  To get more information, go to Tír Bhreasail. 
 

Gaeilge in Ollscoil Fordham!

Tá sé cinntithe anois go mbeidh Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Fordham sa Fómhar, agus go mbeidh na ranganna seo ar oscailt do chách! 

Is ranganna do thosaitheoirí iad, agus cuid díobh i Manhattan ag Lincoln Center gach Luan ag tosú 8 Meán Fómhair ó 6 i.n. go 8:45 i.n. (ar fáil agus oiriúnach do dhaoine ag oibriú), agus an chuid eile díobh i Rose Hill, an Bhronx, gach Máirt agus Déardaoin ag tosú Déardaoin, 4 Meán Fómhair, ó 5:30 i.n. go 6:45 i.n.

Is é Gearóid Ó Ceallaigh an múinteoir, de Chumann Carad na Gaeilge!  Chun clárú, glaoigh ar Eoin O'Connell, Stiúrthóir Bainisteoireachta, Institiúid  an Léinn Éireannaigh Ollscoil Fordham, ag 718-817-4634 nó cuir rphost chuige ag eoconnell@fordham.edu
 

 

Gaeilge at Fordham University!

It's now been confirmed that the Irish language will be taught at Fordham University in the Fall, and that the classes will be open to all!

These are classes for beginners, with a section in Manhattan at  Lincoln Center every Monday starting September 8 from 6PM to 8:45PM (available and suitable for working people), and the other section in Rose Hill, The Bronx, every Tuesday and Thursday starting Thursday, September 4, from 5:30PM to 6:45PM.

The teacher is Jerry Kelly, from The Philo-Celtic Society!  To register for your choice of classes, call Eoin O'Connell, Administrative Director, Institute of Irish Studies, Fordham University, at 718-817-4634 or contact him by email at eoconnell@fordham.edu.   
 

Seolann Samsung an chéad ghuthán póca as Gaeilge. 

Tuairiscíonn Gearóid Ó hAnnaidh go dtiocfaidh an fón póca seo le ceamara, lán-idirlíon, ceol, raidió FM, téacs tuarthach le haghaidh cumarsáide ordóige, agus breis agus 44,000 focal Gaeilge ina chuimhne.  Beidh sé i siopaí O2, Vodafone, Meteor agus Carphone Warehouse ar fud na hÉireann 1 Iúil. 
 

 

Samsung launches the first Irish language pocket phone. 

Our member Gearóid Ó hAnnaidh reports that this pocket phone will come with camera, full internet, music, FM radio, predictive text for text messaging, and more than 44,000 Irish words in its memory.  It will be in O2, Vodafone, Meteor and Carphone Warehouse shops throughout Ireland on July 1. 
 

Cnuasach Conallach - Foclóir Ríomhairithe Ghaeilge Thír Chonaill

 
Ár mbuíochas le Gearóid Ó hAnnaidh as an bhfaisnéis shár-shuimiúil seo.
 
Tá foclóir sonraíoch curtha ar fáil ar an idirlíon le déanaí ag an Dochtúir Diarmuid Ó hAirt.  Chnuasaigh sé a bhfocail ó bhéaloideas Thír Chonaill, go háirithe ón mbéaloideas bailithe ag Seán Ó hEochaidh agus Seán Mac Meanman sna 1930í agus 1940í don Choimisiún Béaloideasa Éireann.  Bhailigh Seán Ó hEochaidh níos mó béaloideasa Éireannaigh ná aon duine eile riamh.  Is féidir teacht ar an bhfoclóir iontach seo ag Cnuasach Conallach .  Ar an suíomh céanna, feicfidh tú litreacha scríofa le Tomás Ó Criomthain ('an t-Oileánach') agus Seán Ó Caoimh. 
  
 

Cnuasach Conallach - A Computerized Dictionary of the Irish of Donegal

 
Our thanks to Gearóid Ó hAnnaidh for this exceedingly interesting information.
 
A remarkable dictionary has recently been made available on the internet by Dr. Diarmuid Ó hAirt.  He collected his words from the folklore of Tír Chonaill ('Donegal'), especially the folklore gathered by Seán Ó hEochaidh and Seán Mac Meanman in the 1930s and 1940s for the Irish Folklore Commission.  Seán Ó hEochaidh collected more Irish folklore than any other person ever.  You can find this wonderful dictionary at Cnuasach Conallach .  On the same site, you'll also see letters written by Tomás Ó Criomthain ('the Islandman') and Seán Ó Caoimh. 
 

Foclóir Uí Dhuinnín Ar fáil Ar Líne

 
Fuaireamar an fhaisnéis tábhachtach seo ó Ghearóid Ó Néill ar an liosta Gaeilge-B agus ónar mball Máire Mhic an Phríora.  Go raibh míle maith agaibh, a chairde!
 
Tá ceann de na foclóirí is fearr dár foilsíodh riamh ar fáil anois ar an idirlíon Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín .  Ni gá ach clárú chun an focal atá uait a aimsiú. Tá griangraf de gach leathanach ann.  Is féidir zómáil isteach ar na focail nó is féidir focal a líonadh isteach i mbosca cuardaigh.  Tá sé go deas an seanchló agus an seanlitriú a fheiceáíl arís.  Éacht ar dóigh déanta ag na daoine in Ollscoil Luimnigh!  Comhghairdeas libh!   - Máire Mhic an Phríora   
 
 

Dineen's Dictionary Available On Line

 
We received this important information from Ghearóid Ó Néill on the list Gaeilge-B and from our member Máire Mhic an Phríora.  Many thanks, a chairde!
 
One of the best dictionaries which has ever been published is now available on the internet Dineen's Irish English Dictionary .  You can find any word you want simply by registering.  Every page has been photographed.  You can zoom in on the words or you can find them by filling in a search box.  It's nice to see the old typeface and letters again.  A beautiful accomplishment done by the people at Limerick University!  Congratulations to you!      - Máire Mhic an Phríora   
 

Anailís ar 'Tá an samhradh imithe'

 
Déanann ár mball Máiréad Perron a lán taighde ar ár litríocht scríofa sa Sean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge.  Beidh a hanailís ar an dán 'Tá an samhradh imithe' (curtha i leith Fhinn Mhic Chumhail go traidisiúnta) le foilsiú ag an ngrúpa pobail ar líne Shliabh Echtghe ag www.aughty.org .  Sonraí le teacht.  Comhghairdeachas leat, a Mháiréad!   
 
 

Analysis of 'The summer is gone'

 
Our member Máiréad Perron does a lot of research on our literature written in Old Irish and Middle Irish.  Her analysis on the poem 'Tá an samhradh imithe' (ascribed traditionally to Fionn Mac Cumhail) to be published by the on-line Sliabh Aughty community at www.aughty.org .  Details to follow.  Congratulations, a Mháiréad!   
 

Stáisiún Raidió Nua as Gaeilge - Raidió X!

 
Seoladh stáisiún raidió nua i mí na Bealtaine ar a dtugtar Raidió X i láthair na huaire.  Seineann siad 'cnaga' (an chuid is mó díobh as Sacsbhéarla) ach bíonn aon tráchtaireacht as Gaeilge.  Is féidir leat éisteacht ag www.raidiox.com .   
 
 

A New Radio Station in Irish - Raidió X!

 
A new radio station was launched in May which is being called Raidió X for now.  They play hits (most of them in English) but any commentary is done in Irish.  You can listen at  www.raidiox.com .   
 

TG4 ar You Tube

 
Thug ár mball Máire Mhic an Phríora dúinn an fhaisnéis seo.  Go raibh maith agat, a Mháire!
 
Tá a lán amhránaíochta as Gaeilge curtha ag TG4 ar You Tube.  Féach air seo:  TG4 ar You Tube .
 
 

TG4 on You Tube

 
Our member Máire Mhic an Phríora gave us this information.  Thank you, a Mháire!
 
TG4 has put plenty of singing in Irish on You Tube.  Take a look at this:  TG4 on You Tube .
 

Free Web Site Counter

5,000 buille ar shuíomh Chumann Carad na Gaeilge i Mí na Bealtaine!  
Fuaireamar breis agus 5,000 buille ar ár suíomh i mí na Bealtaine.  Mar sin, tá breis agus 75,000 buille faighte againn ó thosaíomar ár suíomh 1 Samhain 2004!  Chun breis a fhoghlaim faoinár gcuspóirí, ngníomhaíochtaí, agus n-eagraíocht, féach ar Cumann Carad na Gaeilge .   

 

 

Free Web Site Counter

5,000 hits on The Philo-Celtic Society website in the month of May!  
We had more than 5,000 hits on our site in the month of May.  Therefore, we have more than 75,000 hits in total since we started our website on November 1, 2004!  To learn more about our goals, our activities, and our organization, see  Cumann Carad na Gaeilge .   

 

Fáilte roimh ár mbaill nua!

Fáilte roimh Elke Watson in Katoomba, Sléibhte Gorma, New South Wales, an Ástráil;  Eric Funston in Ohio; Michelle Thompson in Maryland; Sheila Anderson-Lewis in North Carolina; agus Doug Mitchell in State Road, North Carolina; a tháinig isteach mar Bhaill Idirnáisiúnta inár gCumann i mí na Bealtaine.  Chun breis a fhoghlaim faoinár mballraíocht, téigh go dtí Ballraíocht i gCumann Carad na Gaeilge
 

 

Welcome to our new members!

Welcome to Elke Watson in Katoomba, Blue Mountains, New South Wales, Australia; Eric Funston in Ohio, U.S.A.; Michelle Thompson in Maryland; Sheila Anderson-Lewis in North Carolina; and Doug Mitchell in State Road, North Carolina, who joined our Society as International Members in the month of May.  To learn more about our membership, go to Membership in The Philo-Celtic Society
 

 

AS GAEILGE AMHÁIN!

 

IN IRISH ONLY!

An bhfuil Gaeilge marbh i nGaeltacht Mhaigh Eó?

Cuireann Máirtín Mac Donnchadha an cheist seo.  Léigh an t-alt tábhachtach le hÉamon Jeffers anseo.  
 

 

An bhfuil Gaeilge marbh i nGaeltacht Mhaigh Eó?

Cuireann Máirtín Mac Donnchadha an cheist seo.  Léigh an t-alt tábhachtach le hÉamon Jeffers anseo.  
 

 

Am fós má bhrostaíonn tú!

 

Still time if you hurry!

 

Tá Paisean Faisean ag cuardú Iomaitheoirí

Fuaireamar é seo ón gclár teilifíse “Paisean Faisean”.

“I láthair na huaire táimid ag lorg daoine don 5ú sraith de 'Paisean Faisean' ar TG4.  Tugtar €250 dosna buachaillí agus tugtar 'outfit' dosna cailíní.  Beimid ag taifead i rith an tsamhraidh, Meitheamh, lúil agus Lúnasa….   Slán agus beannacht, - Sinéad”

Chun páirt a ghlacadh ní gá ach foirm iarratais a fháil ó Shinéad, é a líonadh agus é a sheoladh thar n-ais le grianghraf.  Is féidir dul i dteagmháil le Sinéad in Éirinn ag 091-569-142 nó ag 
paiseanfaisean@hotmail.com .
 
 
 

Paisean Faisean is Looking for Contestants

We received this from the television show “Paisean Faisean”.

“At the present time we're looking for people for the 5th season of 'Paisean Faisean' on TG4.  €250 is given to the boys and an 'outfit' to the girls.  We're be recording through the summer, June, July, and August….   Slán agus beannacht, - Sinéad”

To take part, it's only necessary to get a request form from Sinéad, to fill it out and send it back with a photograph.  It's possible to reach Sinéad in Ireland at 091-569-142 or at 
paiseanfaisean@hotmail.com .
 

Ranganna Gaeilge ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic

Tá ranganna Gaeilge á dtairiscint gach Máirt do pháistí (6 bliana d'aois agus níos sine) agus do dhaoine fásta ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic (Long Island City, Queens).  Is féidir leat teacht isteach fós!  Tá tuilleadh eolais ar fáil ón múinteoir Máire Ní Mhaolagáin ag  mauramulligan@aol.com nó 201-869-6717  Ach ná fan níos faide!
 

 

Irish Language Classes at the New York Irish Center

Irish language classes are being offered every Tuesday for children (6 years of age and older) and for adults at the New York Irish Center (Long Island City, Queens).  You can still join!  Additional information is available from the teacher Maura Mulligan at mauramulligan@aol.com or (201) 869-6717.  But don't wait any longer! 
 

Oideas Gael - Samhradh 2008

 
Tá cúrsaí teanga agus cultúir ar fáil fós an samhradh seo do dhaoine fásta ag Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall, Éire.  Téigh go www.oideas-gael.com .
 
 

Oideas Gael - Summer 2008

 
Summer language and culture courses for adults are still available at Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, County Donegal, Ireland.  Téigh go www.oideas-gael.com .
 

Ollscoil Arizona - Saineolaí i dTeagasc - Clár Teangacha Criticiúla - Gaeilge

Is mian le Clár Teangacha Criticiúla, Ollscoil Arizona, teagascóir Gaeilge a fhostú don téarma ag tosú 11 Lúnasa 2008.  Bheadh an t-iarrathóir is fearr ina c(h)ainteoir líofa ó dhúchas agus céim triú leibhéil aige/aici.  Chun tuilleadh eolais a fháil, ba chóir duit dul i dteagmháil go láithreach le Shirley McDowell, Comhordaitheoir Cláir, ag mcdowels@email.arizona.edu .

 

University of Arizona - Instructional Specialist - Critical Languages Program - Irish

The Critical Languages Program of the University of Arizona is looking to hire an Irish language instructor for the term beginning August 11, 2008.  The best applicant would be a fluent native speaker with a third level degree.  For additional information, you should immediately contact Shirley McDowell, Program Coordinator, at mcdowels@email.arizona.edu .  

Cearta Teanga do Ghaeilgeoirí !!!

 
Más maith leat tacú le cearta teanga sa Tuaisceart, téigh go Cearta Teanga nó Language Rights  agus scríobh!
 
 

Language Rights for Irish Speakers !!!

 
If you'd like to support language rights in the North, go to  Cearta Teanga or Language Rights  and write!
 

 

Ag Teacht i Meitheamh

 

Coming Up in June

Cuideachta i Londain, Sasana, 13 Meitheamh

 
Beidh fáilte romhaibh ag Cuideachta san Ionad Gaelach, Hammersmith, Blacks Road, Londain W6 9DT Dé hAoine 13 Meitheamh.  Deis comhrá as Gaeilge, éisteacht le hamhráin agus le scéalta nó, má tá ceol ar bith agat féin, stéibh a thabhairt dhúinn!  Níl an t-Ionad ach céad slat ón stáisiún metreo, líne Piccadilly / District / Hammersmith & City.  Tosóidh an chraic thart ar a hocht.  Beidh seisiún Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa mbeár ina dhiaidh.     -  Éamon Jeffers
 
 

Cuideachta in London, England, on June 13

 
You'll be welcome at Cuideachta in the Irish Centre, Hammersmith, Blacks Road, London W6 9DT on Friday 13th June.  This is an opportunity to make conversation in Irish, listen to songs and stories or, if you got any voice yourself, give us a song!  The Centre is only a hundred yards from the tube-station, Piccadilly / District / Hammersmith & City lines.  The fun starts around eight.  There'll be a Comhaltas Ceoltóirí Éireann session in the bar afterwards.     - Éamon Jeffers
 

Cúrsa in Königswinter, An Ghearmáin

Tá an fhaisnéis seo istigh ó Mharcus Metz in Königswinter.  Go raibh maith agat, a Mharcuis!

14 - 15 Meitheamh 2008
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine
Am:  10 r.n. - 5 i.n.
Áit:   SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, An Ghearmáin
Leibhéal foghlama:  Ardleibhéal
Táille: EUR 77.00
Eagraíocht:  SKSK (Scoil Theangacha agus Cultúir Cheilteacha)
Suíomh idirlín agus clárú:  www.sksk.de
Teagmháil:  Marcus Metz ag Déan teagmháil le SKSK. 

 

 

Course in Königswinter, Germany

This information is in from Marcus Metz in Königswinter.  Thank you,  Marcus!

14 - 15 June 2008
Weekend Irish Language Course
Time:   10 AM - 5PM
Place:  SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, Germany
Level:   Advanced Level
Cost:   EUR 77.00
Organization:  SKSK (School of Celtic Languages and Culture)
Internet site and registration:  www.sksk.de
Contact:  Marcus Metz at Contact SKSK. 

 

Ar an Drabhlás - 19 Meitheamh 2008
 

Tá Ciorcal Comhrá nua thar éis a bheith bunaithe i Londain, Shasana.  Beidh an dara bualadh le chéile againn 19 Meitheamh 2008 san White Horse, gar do Piccadilly Circus, i gceartlár na cathrach.  Tá tuilleadh eolais le fáil ag Cruinnithe na Gaeilge i Londain Grúpa beag neamhfhoirmiúil muide agus seo seans dhuit tabhairt faoin nGaeilge labhartha gan strus, gan bhrú.  Mura bhfuil ach cúpla focal agat beidh spórt againn ar aon chor.   - Éamon Jeffers 
 
 

Out on the Razzle - June 19, 2008
 

A new Conversation Circle has just been set up in London (England).  We'll be having our second get-together on the 19th of June, in the White Horse, near Piccadilly Circus, right in the city-centre.  For more information click here:  London Irish Meetup We're a small, informal group and this is a chance for you to make a start on spoken Irish with no pressure and no stress.  Even if you've only got the 'cúpla focal' we'll have some fun anyway.  - Éamon Jeffers 
 

 

Iúil

 

July

Ranganna sa Chultúrlann Éireannach in Phoenix, Arizona, S.A.M.

Chuir Vicki Champion an fhaisnéis seo chugainn.  Go raibh maith agat, a Vicki!

Ag tosú 7 Iúil 2008 
Ranganna Gaeilge

Am:  6:30 i.n. gach Máirt
Leibhéal foghlama:  Bun-leibhéal 1 & 2 (Buntús Cainte)
Suíomh idirlín:  Cultúrlann Éireannach .
Teagmháil:  Pat McCrossan ag academy@azirish.org 

 

 

Irish Language Classes at the Irish Cultural Center in Phoenix, Arizona

Vicki Champion sent this information in to us.  Go raibh maith agat, a Vicki!

Starting July 7, 2008 
Irish Language Classes

Time:  6:30PM every Tuesday
Level:  Beginner 1 & 2 (Buntús Cainte)
Website:  Irish Cultural Center .
Contact:  Pat McCrossan at academy@azirish.org 

   

Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Shepherdstown, West Virginia

Tá sé seo istigh ó Chóilín Owens agus Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

11 - 13 Iúil 2008
Deireadh Seachtaine na Gaeilge
Am:  Oíche Aoine go dtí Dé Domhnaigh
Áit:   Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Leibhéal foghlama:  gach leibhéal
Táille: $125
Eagraíocht:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Teagmháil:  Cóilín Owens ag cowens7@gmu.edu

 

 

Conradh na Gaeilge Irish Language Weekend in Shepherdstown, West Virginia

This is in from Cóilín Owens and The Gaelic League / Washington, D.C.  Thank you, a chairde!

11 - 13 July 2008
Irish Language Weekend
Time:   Friday night to Sunday
Place:  Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Level:   All levels
Cost:  $125
Organization:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Contact:  Cóilín Owens at cowens7@gmu.edu

 

Seachtain Thumoideachais na Gaeilge i mButte, Montana

Chuir Traolach Ó Ríordáin chugainn an fógra seo ó Irish Montana.  Go raibh míle maith agat, a Thraolaigh!

19 Iúil – 26 Iúil 2008

Reachtálfar cúrsa tumoideachais i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge an samhradh so i mButte, Montana.  Is cúrsa neamhchreidiúnaithe é seo a fháiltíonn roimh gach aos is a dhíríonn ar labhairt na Gaeilge is ar bhunchéimeanna na rincí Gaelacha is mó le rá a thaispeáint don bhfoghlaimeoir.

Múinteoirí cáilithe proifisiúnta as Éirinn a bheidh i bhfeighil an teagaisc, le cabhair ó chúntóirí teagaisc Ghaeilge as Clár Léinn na hÉireann in Ollscoil Montana.  Tá na teagascóirí óga seo ag foghlaim na Gaeilge agus na modhanna is éifeachtaí chun a múinte le tamall de bhlianta anuas mar chuid dá gcúrsa léinn.

Más spéis leat páirt a ghlacadh san ócáid taitneamhach so, téigh chuig www.irishmontana.com mar a bhféadtar tuilleadh eolais a fháil is clárú ar líne don gcúrsa, nó is féidir leat glaoch ar Thraolach Ó Ríordáin ag .(406) 544-0311.
 

 

Irish Immersion Week in Butte, Montana

Traolach Ó Ríordáin sent this announcement to us from Irish Montana.  Many thanks, Traolach!

July 19 - July 26 2008

An immersion course in the Irish language and culture will be held this summer in Butte, Montana.  This course is a non-credit course for all ages and focuses on imparting a conversational knowledge of Irish along with traditional music and the basic steps of the most popular Irish Céilí and set dances.

All classes will be taught by professional teachers from Ireland with the aid of Irish language teaching assistants from The University of Montana [UM] Irish Studies program.  These young students have been learning Irish and how to teach the language as part of their course at UM.

If you interested in participating in this fun event, please go to www.irishmontana.com where you can learn more and sign up online for the course, or you can call Terry O’Riordan at (406) 544-0311
 

 

Fómhar

 

Fall

Tumranganna i Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana

Tharraing Tomás Stock ár n-aird ar thumranganna Gaeilge a bheidh ar siúl i mButte, Montana ó 8 go 10 Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana.  Go raibh maith agat, a Thomáis!   Breis eolais:  cliogáil ar Tumranganna . 
 

 

Immersion classes in August 2008 at the Montana Gaelic Cultural Society

Tom Stock called our attention to the Irish language immersion classes which will be offered by the Montana Gaelic Cultural Society from August 8 to August 10, 2008 in Butte, Montana.  Thank you, Tom!  For information, click on Tumranganna . 
 

Gaeilge ag Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic

Cláraigh anois dosna ranganna Gaeilge seo a leanas ag Institiúid an Léinn Ghael-Mheirceánaigh, Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic:

Fómhar:
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - ar líne (Thomas Ihde)
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Bun-Ghaeilge II - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Bun-Ghaeilge III - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Meán-Ghramadach na Gaeilgear líne (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Intreoir don Ghearrscéal Gaeilge ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Tá clárú ar siúl anois díreach!  Féach ar Gaeilge ag CUNY. 
     

 

Gaeilge at the City University of New York

Register now for the following Irish language classes at the Institute for Irish-American Studies, Lehman College, City University of New York:

Fall:
* IRI103: Beginning Irish I - on-line (Thomas Ihde)
* IRI103: Beginning Irish I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Beginning Irish II - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Beginning Irish III - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Intermediate Irish Grammar - on-line (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Introduction to the Irish Short Story ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Registration is going on right now!  See Gaeilge at CUNY. 
    

Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal

Cláraigh anois do ranganna Gaeilge ag Centre d'Études Canado-Irlandaises, Ollscoil Concordia i Montréal, Québec, Ceanada. Tosóidh na ranganna seo i Meán Fómhair 2008 agus rachaidh ar aghaidh go Meitheamh 2009, mar seo:

Ag tosú i Meán Fómhair 2008
Nua-Ghaeilge 290
Lá:    gach Céadaoin
Am:  18:00 - 20:15
Áit:  
Concordia University, Sir George Williams Campus
Leibhéal foghlama:  tosaitheoir
Teagascóir:  Martina Branagan
Teagmháil:  cdnirish@alcor.concordia.ca .   

 

 

Irish language classes at Concordia University, Montréal

Register now for classes at the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia University, in Montréal, Canada. These classes will begin in September 2008 and continue until June 2009, as follows:

Starting in September 2008
Modern Irish 290
Day:    every Wednesday
Time:   18:00 - 20:15
Place:  Concordia University, Sir George Williams Campus
Level:   beginner
Instructor:  Martina Branagan
Contact:  cdnirish@alcor.concordia.ca .   
 
 

An 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta in San Francisco:  26-28 Meán Fómhair

 
Tá nuachta againn ónár gcara Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
Beidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta San Francisco ar siúil 26-28 Meán Fómhair i mbliana.  Tá sonraí agus foirm iarratais le fáil ar an leathanach seo:  Gaeilge i San Francisco .  Seo é an 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta, buíochas le Dia! Tá súil agam go mbeidh tú linn.    Beannachtaí,  - Nikki
 
Is í Treoraí na Gaeilge í Nikki do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ina ceantar.  Chun breis eolais a fháil faoi Nikki agus a hamhránaíocht thraidisiúnta, féach ar Nikki Ragsdale . 
 
 

The 10th Irish Language Immersion Weekend: San Francisco:  September 26-28

 
We have news from our friend Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
The San Francisco Irish Language Immersion Weekend will be held September 26-28 this year. Details and a registration form are to be found at this site:  Gaeilge in San Francisco .  This is our 10th Deireadh Seachtaine Gaeltachta! I hope you can join us!    Beannachtaí,   - Nikki
 
Nikki is the Irish language leader for Comhaltas Ceoltóirí Éireann in her area.  To find more information about Nikki and her traditional singing, see Nikki Ragsdale . 
 

 

Ar Feadh na Bliana

 

Year Round

An Iris Idirnáisiúnta "An Lúibín" as an Astráil

Tá iris idirnáisiúnta á cur amach saor in aisce le roinnt mhaith blianta anois le Colin Ryan san Astráil.  Gaeilgeoir as Melbourne na hAstráile is ea é, agus foilsítear a scéalta agus ábhar eile sna hirisí Gaeilge. Creideann sé gur teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge, agus mar bheart de réir a bhriathair, foilsíonn sé "An Lúibín" freisin.  Pléitear cúrsaí teanga agus cultúir san iris, agus ní dhéantar faillí i gcúrsaí an domhain trí chéile.  Dá mba mhaith leat triall a bhaint as "An Lúibín," cuir r-phost chuig Colin ag ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

 
The international magazine "An Lúibín" from Australia

An international magazine has been published for free for a good number of years now by Colin Ryan in Australia.  He's an Irish speaker from Melbourne, Australia, and his stories and more are published in the Irish language magazines.  He believes that Irish is an international language, and as proof of his word, he also publishes "An Lúibín."  Language and culture are discussed in the magazine, and the world's affairs are not ignored either.  If you'd like to try "An Lúibín," send an email to Colin at ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

The image “http://www.potafocal.com/About/Ivanka.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - foclóir nua saor in aisce ar líne
Tá foclóir nua saor in aisce ar líne cruthaithe ag Ivanka Varguličová agus Michal Boleslav Měchura.  Soláthraíonn an foclóir seo cuardach tapa agus cuardach casta ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge, liostaí aibítreacha, liostaí de réir ábhair, agus liosta minicíochta.  Chun áis a bhaint as, téigh go www.potafocal.com , agus comhghairdeachas libh a Ivanka agus a Mhichal ! 
 
  The image “http://www.potafocal.com/About/MBM.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - a new, free, on-line dictionary
There's a new, free, on-line dictionary created by Ivanka Varguličová and Michal Boleslav Měchura.  This dictionary provides a quick search and an advanced search from Irish to English and English to Irish, alphabetical lists, lists by subject, and a frequency list.  To use this, go to  www.potafocal.com , and congratulations to you both, Ivanka and  Michal ! 
 
Gearrscannáin ó Bhord Scannán na hÉireann
Tá Oideas Gael tar éis socrú a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann le DVD de ghearrscannáin a chur ar fáil leis na scannáin seo ina measc: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon an Fhiaclóra, Lipservice, Tubberware, agus Yu Ming is Ainm Dom. Chun an diosca seo a fháil, téigh go dtí an Siopa Gaeilge ag Oideas Gael .
 
  
  Short films from the Irish Film Board and Oideas Gael
Oideas Gael has just made an agreement with the Irish Film Board to make available a DVD of short Irish language films including the following:  An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon na Fiaclóira, Lipservice, Tubberware, and Yu Ming is Ainm Dom.  To get this disk, go to the Irish Language Shop at Oideas Gael 
. 
.
Fógra maith as Gaeilge - Ól Barry's Tea!
Más maith leat fógra maith as Gaeilge a fheiceáil, téigh go
Barry's Tea. 
 
  A good commercial in Irish - Drink Barry's Tea!
If you'd like to see a good commercial in Irish, go to
Barry's Tea. 
 
WinGléacht: Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

É seo ó Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Mháire!

Tá leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil anois: WinGléacht. Tá na ceannfhocail go léir san fhoclóir agus nótaí gramadaí ag baint leo. Deireann ár gcairde go bhfuil sé ar fheabhas.  An-áisiúil é a bheith ar an ríomhaire agus gan iallach orainn a bheith ag cuardach leabhair chun an focal cuí a aimsiú!  Ach níl sé saor in aisce.  Tá sé ar fáil i siopaí Gaeilge agus gnáthphraghas de thimpeall €25.00 air.  Téigh go dtí WinGléacht Uí Dhónaill chun breis eolais a fháil. 
 
 
WinGléacht: Electronic version of Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

This comes to us from Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you, Máire!

An electronic version of Ó Dónaill's Irish-English Dictionary is now available: WinGléacht. All the headwords are available and the grammar related to them.  Our friends say this is excellent.  It's very convenient to be on the computer and not compelled to go searching through a book to find the right answer!  But it's not free.  It's available in Irish language shops with a typical price of about €25.00.  Go to WinGléacht Uí Dhónaill for more information. 
 

"Foghlaim Gaeilge in éineacht le Liam Ó Maonlaí"
Tá an clár iontach seo ar fáil ar líne saor in aisce anois ó Liam Ó Maonlaí agus an Irish Independent ag Foghlaim Gaeilge .  Go raibh maith agaibh, a chairde! 

Chun éisteacht lena cheol as Gaeilge agus Sacsbhéarla, téigh go dtí a leathanach myspace ag Liam Ó Maonlaí. 
 

  "Learn Irish with Liam Ó Maonlaí"
This wonderful program is now available on-line and for free from Liam Ó Maonlaí and the Irish Independent newspaper at Learn Irish .  Thank you, a chairde!

To listen to his music in Irish and English, go to his myspace page at Liam Ó Maonlaí.  
 

Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Tá sé seo istigh ó Shanti Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i mBÁC.  Buíochas libh, a chairde!

"Chonaic mé an nasc a leanas san Irish Times....  Tá ceachtanna Gaeilge ar shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir nuachta ó TG4.  I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.  Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil...  Ag deireadh gach ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge amháin).  Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."  Féach ar Má Nuad
  

  Irish language lessons on video, on line, and free from University of Ireland, Maynooth

This report is in from Shanti Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you both, a chairde!

"I saw the following link in this month's Irish Times.  There are Irish language lessons on the website of the University of Ireland, Maynooth, based on news programs from TG4.  In every lesson, there is a news report to watch and questions to answer about the report. The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of the story is written out (in Irish only). I think that you can make great use of this new resource in order to improve your Irish."  See Maynooth .  
 

Podchraoladh as Gaeilge ó iTunes!
Insíonn Liz Haren dúinn go bhfuil podchraoladh as Gaeilge ar fáil anois ó iTunes.  Chun a rogha a fheiceáil, féach ar Gaeilge ó iTunes

 

 

Podcasting in Irish from iTunes!
Liz Haren tells us that podcasting in the Irish language is now available from iTunes.  To see their selection, take a look at Gaeilge ó iTunes

 

Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! 
 

 

And don't forget our own broadcasting on YouTube! at Broadcasting By The Philo-Celtic Society ! 
 

Ranganna na Gaeilge ag Ollscoil Mhontana - Missoula
Tuairiscíonn Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula.  Chun eolas sa bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo .  Go raibh maith agat, a Thomáis! 

 
  The Irish Language at the University of Montana - Missoula
Tom Stock reports that three semesters of Irish language instruction are now available at the University of Montana - Missoula.  For more information, contact the Univers