 |
|
AN GAEL-BREISE!
AN GAEL-EXTRA! |
Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge Ó 1881
Official
Magazine of The Philo-Celtic Society since 1881 |
Anois
Díreach! |
|
Right
Now! |
Tá breis agus 500 scoláire anois i Scoil Chumann Carad
na Gaeilge!
Chun teacht isteach mar scoláire nó mar
mhúinteoir, téigh go
Scoil Chumann Carad na Gaeilge. Inis dúinn
má's maith leat múineadh, le do thoil. Beidh
fáilte romhat. Tá ranganna na scoile seo ar fáil
saor in aisce, ar líne, timpeall na cruinne!
|
|
There are now more than 500 students in The Philo-Celtic
Society School!
To join as a student or as a teacher, go to
The Philo-Celtic Society School. Please be
sure tell us if you want to teach. You'll be very
welcome. This school's classes are available for
free, on-line, around the globe!
|
Fís Ghaeilge
Mheiriceá Thuaidh
Tugann Glór na nGael, Cumann
Carad na Gaeilge, Cumann na
Gaeltachta,
agus An Claidheamh
Soluis cuireadh duit teacht chuig a gcéad
chomhdháil idirnáisiúnta
"Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh" a
bheidh ar siúl ag an Óstán Affinia i Manhattan,
Nua-Eabhrac, 16 - 18 Bealtaine 2008.
Tabharfaidh an chomhdháil seo seans do ghrúpaí Gaeilge i
Meiriceá Thuaidh castáil ar a chéile agus a dtodhchaí a
phlé le heagraíochtaí Gaeilge as Éirinn. I measc na
gceisteanna a bheidh faoi scrúdú ag an gcomhdháil ná
oifig lárnach don Ghaeilge a bhunú i Meiriceá Thuaidh
agus gréasán oifigiúil oibre a thosnú do na grúpaí uile
atá ag plé le forbairt na teanga. Más mian leat áit a
chur in áirithe sa chomhdháil nó má tá ceist ar bith
agat, déan teagmháil le Daragh Ó Tuama ag
daragh@glornangael.ie,
nó le hElaine Ní Bhraonáin i Nua-Eabhrac ag
irishlanguage@gmail.com, nó le hAralt Mac Giolla
Chainnigh i gCeanada ag
kenny-h@rmc.ca, nó le Gearóid Ó Ceallaigh i
Nua-Eabhrac ag
jerrykelly@att.net. Tá podchraoladh d'ócáid
seolta na comhdhála seo ar fáil ag
Podchraoladh.
Taifeadadh an
seoladh seo 16 Feabhra 2008 ag An Claidheamh Soluis i Manhattan.
  
|
|
  
A Vision for the Irish Language in North America
Glór na nGael, The
Philo-Celtic Society, Cumann na
Gaeltachta,
and The Irish Arts Center invite you to attend their
first international Irish language conference
"Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh" (A
Vision for the Irish Language in North America) which
will be held at the Affinia Hotel in Manhattan,
New York, May 16 - 18, 2008.
This conference will give an opportunity to Irish
language groups in North America to meet and discuss
their future with Irish language organizations from
Ireland. Amongst the questions to be examined at the
conference will be the establishment of a central office
for the Irish language in North America and an official
working network for all groups dealing with the
development of the language. If you want to reserve a
place in the conference or if you have any question, contact
Daragh Ó Tuama at daragh@glornangael.ie,
or Elaine Ní Bhraonáin in New York at
irishlanguage@gmail.com, or Aralt Mac Giolla
Chainnigh in Canada at
kenny-h@rmc.ca, or Gearóid Ó Ceallaigh in New York
at
jerrykelly@att.net. For a
podcast recorded at the launch for this conference on
February 16, 2008 at The Irish Arts Center in Manhattan,
go to
Podchraoladh.
|
Naíscoil Ghaeilge le bunú i Londain
Tá coiste eagartha cheana féin chun naíscoil
Ghaeilge a chur ar bun i Londain. Chun tuilleadh eolais
faoi seo a fháil, téigh go
Naíscoil
Londain .
|
|
Irish Language Preschool to be set up in London
A committee has already been organized to
establish an Irish language preschool in London.
For more information about this, go to
Naíscoil
Londain .
|
60,000 buille ar shuíomh Chumann Carad na Gaeilge ó 1
Samhain 2004!
Shroicheamar an uimhir sin ar 15 Feabhra 2008. Chun
breis a fhoghlaim faoinár gcuspóirí, ngníomhaíochtaí,
agus n-eagraíocht, féach ar
Cumann Carad na
Gaeilge .
|
|
60,000 hits on The Philo-Celtic Society website since
November 1, 2004!
We reached that number on February 15, 2008. To
learn more about our goals, activities, and
organization, see
Cumann Carad na
Gaeilge .
|
Seolann an tAire Éamon Ó Cuív Staidéar
Teangeolaíoch na Gaeltachta
Sheol an tAire Éamonn Ó Cuív T.D. le
déanaí an leagan leictreonach den
Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa
Ghaeltacht. Rinne an
Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus
Gaeltachta
coimisiniú ar an staidéar seo i 2004.
Scríobhadh le Conchúr Ó Giollagáin, Seosamh Mac
Donnacha, agus a bhfoireann é, agus is
féidir teacht ar chóipeanna
den Tuarascáil
as Gaeilge agus Sacsbhéarla anseo.
|
|
Minister Éamon Ó Cuív
presents The Linguistic Study of the Gaeltacht
The Minister Éamon Ó Cuív T.D
has lately
launched the electronic version of the
Linguistic Report on the use of Irish in the
Gaeltacht. The study was commissioned
by the Department of Community, Rural, and
Gaeltacht Affairs in 2004. It
was written by Conchúr Ó Giollagáin,
Seosamh Mac Donnacha, and
their team, and copies
of the Report can be accessed in
Irish and English here.
|
Breis agus 100 podchraoladh ó Chumann Carad na Gaeilge
ar fáil timpeall na cruinne!
Tá breis agus 100
podchraoladh ar fáil anois ó Chumann Carad na Gaeilge,
gach ceann acu léirithe ag Séamas Ó Neachtain. Go
raibh míle maith agat, a Shéamais! Sár-obair ar fad!
Chun éisteacht leis an bpodchraoladh is déanaí (ag
fógairt Chomhdháil na Gaeilge "Fís Ghaeilge Mheiriceá
Thuaidh"), téigh go
Podchraoladh.
|
|
More than 100 podcasts from The Philo-Celtic Society
available around the world!
There are now more than 100
podcasts available from The Philo-Celtic Society, each
one of them produced by Séamas Ó Neachtain. Many
thanks, Séamas! A wonderful job entirely!
To listen to the latest podcast (announcing the Irish
Language Convention "A Vision For The Irish Language In
North America"), go to
Podcasting.
|
Foghlaim Gaeilge an samhradh seo ar an gCeathrú Rua le
hOllscoil Chathair Nua-Eabhraic!
Chun áis a bhaint as an deis seo, caithfidh tú
iarraidh anois díreach agus caithfidh tú éarlais a chur
air seo roimh 1 Aibreán 2008. Téigh go
CUNY i gConamara chun breis eolais a fháil.
|
|
Learn Irish this summer in An Cheathrú Rua with the City
University of New York!
To take advantage of this opportunity, you need
to fill out an application right now and put
down a deposit before
April 1, 2008. Go to
CUNY in Conamara for additional information.
|
I
ndilchuimhne ar an mBráthair Tomás M. Ó Catháin
Tá sé seo istigh ó Tom Keane. Ár mbuíochas leat, a
Thom!
Fógra speisialta do chách a bhí tráth ina dhalta scoile
ag Bráthair Tomás Ó Catháin. Rugadh an Bráthair Ó
Catháin i 1908 agus d'éag sé i 1989. Bhí sé ina
Bhráthair Críostaí dil uasal, shár-mhúinteoir, chomhairleoir,
Ghaeilgeoir agus thionscnóir iománaíochta sna scoileanna
ina raibh sé ag freastal tríd a shaol, i. Marino, Áth
Cliath (1938-44); Cnoc Síon, Port Láirge (1937,
1944-1950, 1957-1966); Dún Garbháin (1950-1956);
Teampail Mhór (1967-1972); agus Ard Scoil Rís, Luimneach
(1972-1984). Ba mhaith leis An Choiste Chomórtha
poiblíocht a fháil ar eachtra speisialta a bheidh ar
siúl acu ina áit dhúchais, Cill na Móna, Co an Chláir,
áit ina dtógfaidh an Choiste plaic i ndílchuimhne air i Mí Iúil seo chugainn. I láthair na
huaire, tá cabhair airgid á lorg ó iar-scoláirí an
Bhráthar timpeall na cruinne. Más mian leat bheith
páirteach, seol r-phost chuig Tom ag
keanet@indigo.ie
agus tabharfaidh sé sonraí duit.
|
|
In memory of Brother Tomás M. Ó Catháin
This has come in from Tom Keane in Ireland. Thanks, Tom!
This is a special notice for all who were once students
of Brother Thomas Munchin Keane, or Bráthair Tomás M. Ó
Catháin. Br. Ó Catháin was born in 1908 and died in
1989. He was a beloved and noble Christian Brother, an
excellent
teacher, mentor, Irish speaker and promoter of hurling
in the schools in which he taught throughout his life, i.e., Marino, Áth
Cliath (1938-44); Cnoc Síon, Port Láirge (1937,
1944-1950, 1957-1966); Dún Garbháin (1950-1956); Teampail
Mhór (1967-1972); agus Ard Scoil Rís, Luimneach
(1972-1984). The Commemoration Committee would like to
obtain publicity for a special event which is to take
place where he was born, Kilnamona, Co. Clare, where the
Committee intends to erect a plaque in his memory this
July. Right now, financial help is being sought from
former students of the Brother around the world. If you
want to participate, send an email to Tom at
keanet@indigo.ie
and he will respond with further details.
|
 |
|
 |
Márta |
|
March |
Ceardlann amhránaíochta
ag Ollscoil Nua-Eabhraic 1 Márta 2008, 1-6IN
Múinfidh Pádraig
Ó Cearúill agus Ashley Davis amhráin thraidisiúnta agus
amhráin ar an tsean-nós. Beidh ceolchoirm ar siúl tar
éis na ceardlainne ar a cúig a chlog.
Áit: Glucksman Ireland House, New York University, 1
Washington Mews, Manhattan, New York. Faisnéis
sa bhreis: déan teagmháil le hAnne Solari ag (212) 998-3952
nó
anne.solari@nyu.edu .
|
|
Irish
singing workshop at New
York University on March 1, 2008, 1-6PM
Pádraig Ó Cearúill and Ashley Davis will teach
amhráin thraidisiúnta (traditional songs) and amhráin ar
an tsean-nós (sean-nós songs) with a concert
at five
o'clock. Place: Glucksman Ireland House, New
York University, 1 Washington Mews, Manhattan, NY.
For additional information, contact Anne Solari at (212)
998-3952 or
anne.solari@nyu.edu .
|
Seachtain na Gaeilge 2008
i San Francisco
Tá sé seo istigh ó Nikki
Ragsdale. Buíochas leat, a Nikki!
Glacfaidh Ceantar Bhá Naoimh Phrionsias, California,
páirt i Seachtain na Gaeilge don 6ú uair i mbliana, agus
tá 4 imeacht cláraithe ag SnaG.ie againn --- seo é an
líosta:
5 Márta, 19:30. Oíche Áirneáil
Oíche Áirneáil - Ceol, scéalaíocht, amhránaíocht,
spraoi & craic. Abair do phíosa speisialta fhéin linn!
Tí Imelda. 275 Lassen Ave, Mountain View. Tuilleadh
eolais:
imelda_white@yahoo.com
9 Márta: Aifreann Gaeilge
Le cór Gaeilge, rinceoirí agus ceoltóirí. St.
Joseph's Church, 582 Hope Street, Mountain View. 11.30
am. Tuilleadh eolais:
Gaeilge@onesourcegraphics.com
11 Márta: "Croí folláin, gob fliuch, saol fada, agus
bás in Éireann"
Sin é an scéal ar an mblaiseadh fíonta seo, fara le seal scléipe, agus
an scannán "Scéal Ernie O'Malley (Bás in Éirinn)" ó TG4. Grúpa: An Chuallacht.
Ionad: Beckett's Irish
Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Am: 19.00pm.
Tuilleadh
eolais: Tadx4@aol.com
16 Márta: Feis Scannán Gaeilge & Ceol Traidisiúnta
Curtha i láthair ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann
craobhacha Cooley-Keegan & Clifford-Hoban. Togha
scannán agus gearrscannán clúiteacha as Gaeilge, agus
seisiún ceoil tráidisiúinta 's amhránaíochta. Tae, caife
& gréim bia ar fáíl ann. Fáilte roimh chách! Saor in
aisce, ach glacfar bronntanais in aghaidh costais.
United Irish Cultural Center, 2700 45th Avenue, San
Francisco. 3.30PM.
|
|
Irish Language Week 2008
in San Francisco
This is in from Nikki
Ragsdale. Thank you, Nikki!
The San Francisco Bay District will take part in Seachtain na Gaeilge
for the 6th time this year, and we have 4 events
scheduled at SnaG.ie --- Here's the list:
5 March, 19:30. Oíche Áirneáil
Oíche Áirneáil - Music, storytelling, traditional singing, fun,
and craic. Recite your own special party piece for us! Tí Imelda. 275 Lassen Ave, Mountain View.
More information:
imelda_white@yahoo.com
9 March, Irish Language Mass
With Irish language choir, dancers, and musicians. St.
Joseph's Church, 582 Hope Street, Mountain View. 11.30
am. More information:
Gaeilge@onesourcegraphics.com
11 March: "A healthy heart, a wet mouth, long
life, and death in Ireland"
That's the story on this wine tasting, along with a fun time, and
the film "The Story of Ernie O'Malley (Death in
Ireland)" from TG4. Group: An Chuallacht. Place: Beckett's Irish
Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Time: 19.00pm. More
information:
Tadx4@aol.com
16 March: Irish Language Film Festival &
Traditional Music
Presented by the Cooley-Keegan and Clifford-Hoban
branches of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, this is a
selection of well-known films in Irish, and a seisiún of
traditional music and singing.
Tea, coffee, and a bite to eat will be available.
Welcome to all! Free, but donations will be
accepted to help with the cost. Place: United Irish
Cultural Center, 2700 45th Avenue, San Francisco.
Time: 3.30PM.
|
Céiliúrann Scoil
Ghaeilge Ghearóid Tóibín fiche bliain ag fás ar 8 Márta
2008 i mBabylon, Nua-Eabhrac
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge,
agus mar cheiliúradh ar 20 bliain ó bunaíodh Scoil
Ghaeilge Ghearóid Tóibín, beidh an Scoil ag reachtáil Lá
Gaeilge Dé Sathairn, an 8ú Márta, 2008, an tráthnóna
ar fad. Is féidir clárú anois ag
Clárú . Beidh lá breá againn. Bígí linn!
|
|
The Gerry Tobin
Irish Language School celebrates 20 years of growth on
March 8, 2008 in Babylon, New York
As part of Irish Language Week, and
as a celebration of 20 years since the founding of the Gerry
Tobin Irish Language School, the School will be hosting an Irish
Language Day on Saturday, March 8th, 2008. You can register at
Clárú . We'll have a fine day. Join us!
|
Beidh Des
Bishop ar RTÉ1 13 Márta lena shraith ghrinn nua "In Ainm
an Fada."
 |
Tháinig Des Bishop go Scoil Ghaeilge Ghearóid
Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac i Mí Eanáir agus anois
beidh sé ar RTÉ1 ina shraith féin ag tosnú 13 Márta 2008
ag 10:15in. D'fhoghlaim an Gael-Mheiriceánach seo
as Nua-Eabhrac Gaeilge i 11 mí i gConamara chun scéalta
grinn a insint agus rap a chanadh as Gaeilge! An
bhfuil tú ullamh do Dhes? Faigh amach
inár bpodchraoladh féin agus
san alt seo.
Dia leat, a Des! |
|

Des Bishop will
be on RTÉ1 March 13 with his new series "In The Name of
the Fada." |
Des Bishop came to the Gerry Tobin Irish
Language School in Babylon, New York in mid-January 2008 and
now he'll be on RTÉ1 with his own comedy series starting
March 13, 2008 at 10:15PM. This American Gael from
New York learned Irish in eleven months in Conamara so
that he can
tell jokes and sing rap in Irish! Are you ready
for Des? Find out
in our own podcast and
in this article. All the best, Des!
|
Aifreann
Gaeilge i Sean-Ardeaglais Naomh Pádraig i
Nua-Eabhrac 14 Márta 2008
Tá sé seo istigh ó Shéamus
Mag Oireachtaigh. Beidh aifreann as
Gaeilge agus Sacsbhéarla ar siúl Dé hAoine, 14
Márta 2008, ag 1IN i Sean-Ardeaglais Naomh Pádraig ar Mott
Street i Manhattan
idir sráideanna Prince agus
Houston.
Léifidh an tAthair Andrew M. O'Connor as
Sacsbhéarla agus Pádraig Ó
Cearúill
as Gaeilge. Beidh ceol liotúirgeach á
sholáthar le Mick Moloney agus The
Washington Square Harp & Shamrock Orchestra, agus
amhránaíocht as Gaeilge le Dawn
Doherty. I
ndiaidh an Aifrinn, beidh cóisir ós comhair na
hardeaglaise le sóláistí agus ceol traidisiúnta.
Breis eolais:
Aifreann ar 14 Márta 2008.
|
|
Irish language mass in
Old St. Patrick's Cathedral in New York on March 14, 2008
This is in from Jim Garrity.
There will be a mass in Irish and English on Friday,
March 14, 2008, at 1PM at St. Patrick's Old Cathedral on
Mott
Street in Manhattan
between Prince and
Houston Streets.
Father Andrew M. O'Connor will
read in English and Pádraig Ó
Cearúill
will read in Irish. Liturgical music will be
provided by Mick Moloney and The Washington Square Harp and
Shamrock Orchestra, and
singing in Irish will be provided by Dawn Doherty. After
the mass, a party celebrating the Feast of St. Patrick
will be held in front of the cathedral with refreshments
and traditional music. For more information, go to
Mass on March 14, 2008.
|
Lá Gaeilge ar 15 Márta i nOrange County, California
Tá sé seo
istigh ó Sue Kocsis. Go raibh maith agat, a Sue!
Beidh Lá Gaeilge i dTustin, California, Dé Sathairn, 15
Márta 2008, ó 9AM go 5PM le Walter Stock mar mhúinteoir. Tá
aithne ag daoine i Nua-Eabhrac ar Walter mar mhúinteoir
den chéad scoth! Chun tuilleadh faisnéise a fháil, teagmhaigh
le Sue ag 714-356-7300 nó
sdkocsis@mindspring.com .
|
|
Irish Language Day 3/15/08 in Orange County, California
This is
in from Sue Kocsis. Thank you, Sue! There
will be an Irish Language Day in Tustin, California,
Saturday, March 15, 2008, from 9AM to 5PM with Walter Stock as a
teacher. People in New York know Walter as a first-rate
Irish language teacher. For additional
information, contact Sue at 714-356-7300 or
sdkocsis@mindspring.com .
|
Aifreann na Gaeilge i
Nua-Eabhrac Lá Fhéile Pádraig 2008
Beidh an tAthair Mícheál Ó Sé ag léamh an Aifrinn as Gaeilge
ar 9:30 r.n., Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta 2008, in
eaglais Naomh Agnéis atá suite ag 143 E. 43rd Street,
idir Lexington agus Abhinne a Trí. Chun breis eolais
a fháil, déan teagmháil
le hAnna Megan ag 212-682-5722. Má tá Gaeilge líofa
agat, cuir glaoch ar Anna. Tá gá acu le léitheoirí agus
hamhránaithe.
|
|
Irish Mass in
New York on the Feast of St. Patrick 2008
Fr. Michael O'Shea will be reading the Mass in Irish at
9:30AM on St. Patrick's Day in St. Agnes Church which is
located at 143
East 43rd Street, New York (between Lexington Avenue
and Third Avenue). To obtain more Information, please contact Anna
Megan at (212) 682-5722. If you are fluent in the
Irish language, please give Anna a call. Readers and
Singers are needed.
|
Lá na Gaeilge ag
Coláiste Í i
Westchester, Nua-Eabhrac 29 Márta 2008
Beidh Lá na Gaeilge faoi
choimirce An Scoil Chois Claí ag Coláiste Í i New Rochelle, 29 Márta
2008 idir 9:30AM agus 5:30PM. Beidh fáilte roimh
chách. Le
sonraí agus bileog
a fháil, seol teachtaireacht chuig
an.scoil.chois.clai@gmail.com nó cuir glaoch ar
Hilary ag 914 276-0412.
|
|
Irish Language
Day at Iona College in Westchester, NY, March 29, 2008
There will be an Irish
Language Day under the auspices of An Scoil Chois
Claí at Iona College in New Rochelle, Westchester
County, New York, March 29, 2008 between 9:30AM and
5:30PM. All are welcome. For
details and a handbill, send a message to
an.scoil.chois.clai@gmail.com or call Hilary at
914 276-0412.
|
 |
|
 |
Aibreán |
|
April |
GAEILGE AG OLLSCOIL NUA-EABHRAIC
Tá an
fhaisnéis seo a leanas istigh ó Anne Solari ag Ollscoil
Nua-Eabhraic. Chun faisnéis
sa bhreis a fháil, féach ar
Gaeilge ag Ollscoil Nua-Eabhraic agus déan
teagmháil le hAnne ag 212-998-3952 nó
anne.solari@nyu.edu.
Beidh na himeachtaí seo ar siúl ag Glucksman
Ireland House, New York University, 1 Washington Mews,
Manhattan, New York.
Déardaoin, 3ú Aibreán, 7in
Léacht Bharra Uí Dhonnabháin:
"An Ghaeilge san 21ú haois "
Beidh Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,
Éamon Ó Cuiv, ag tabhairt an triú léacht bhliantúil i
ndilchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, scríbhneoir, múinteoir,
agus gníomhaí na Gaeilge. Beidh Súil Siar, Cnuasach
Aistí le Barra Ó Donnabháin á sheoladh an oíche seo.
Chun breis eolais a fháil, féach ar
Léacht i ndilchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin.
As Gaeilge agus Sacsbhéarla. Saor in aisce.
Dé hAoine, 4ú
Aibreán, 7in
"Seán Ó Tuama agus An Ghaeilge sa 20ú hAois"
Beidh an Dr. Séamus de Bláca ag plé thionchar an fhile
Sheáin Uí Thuama ar litríocht agus ar athbheochan na
Gaeilge. Craolann Séamus de Bláca gach Satharn ar WFUV-Fordham
University Radio, 90.7FM, lena chlár "Míle Fáilte" ag
8r.n.
Beidh an plé seo as Gaeilge agus Sacsbhéarla. Saor in
aisce.
Dé Céadaoin, 9ú
Aibreán, 7in
"Mairéad McKendry: Filí Bheál Feirste"
Beidh Mairéad McKendry ag plé a cuid taighde ar fhilí
comhaimseartha Bhéal Feirste, Ciarán Carson agus Gearóid
Mac Lochlainn. Cuirfear béim ar an dóigh a théann na
filí seo i ngleic le toradh na dtrioblóidí ar an
chathair. Beidh an léacht as Gaeilge. Saor in aisce.
Déardaoin, 17ú,
Aibreán, 7in
Séamas Mac Annaidh Scríbhneoir
Beidh an scríbhneoir Gaeilge ag caint faoina mhodh
cruthaitheach agus faoin dúshlán a bhaineann le bheith
ag scríobh i mionteanga. As Gaeilge agus Sacsbhéarla.
Saor in aisce.
Dé Sathairn, 19ú
Aibreán, 1 - 6in
Foghlaim Gaeilge!
Lá na Gaeilge le Pádraig Ó Cearúill, Hilary Mhic Suibhne,
agus Mairéad McKendry. Saor in aisce. |
|
GAEILGE AT NEW YORK UNIVERSITY
The
following information is in from Anne Solari at New York
University. For additional information, see
Irish Language at New York University and
contact Anne at (212) 998-3952 or
anne.solari@nyu.edu.
These events will be held at Glucksman Ireland House,
New York University, 1 Washington Mews, Manhattan, New
York.
Thursday, April 3rd, 7pm
Barra Ó Donnabháin Lecture:
“The Future of the Irish Language in the 21st Century”
Éamon Ó Cuív, T.D., Minister for Community, Rural and
Gaeltacht Affairs, delivers this annual lecture to
commemorate a beloved local teacher and Irish language
advocate. This evening will also mark the release of
Súil Siar: Cnuasach Aistí le Barra Ó Donnabháin, a
collection of Irish language essays written by Barra Ó
Donnabháin, with translations to English. Presentation
in English and Irish. Free.
Friday, April
4th, 7pm
“Sean Ó Tuama and Irish Gaelic in
the 20th Century”
Dr. Séamus Blake will discuss the
pioneering scholar and Irish literary figure Seán Ó
Tuama and his influence on the literature and revival of
the Irish language. Séamus Blake broadcasts every Saturday morning
on WFUV - Fordham University
Radio, 90.7FM, with his show "Míle Fáilte" at 8AM. This
presentation will be in English and
Irish. Free.
Wednesday, April
9th, 7pm
"Mairéad McKendry on contemporary Belfast poets"
Mairéad McKendry will discuss her research regarding two
contemporary Belfast poets, Ciarán Carson and Gearóid
Mac Lochlainn. Emphasis will be put on the way
that these poets come to terms with the legacy of their city’s
troubled past. The presentation will be in Irish.
Free.
Thursday, April
17th, 7pm
Writer Séamas Mac Annaidh
Séamas Mac Annaidh has written in many areas, both
fiction and non-fiction. In this talk he will explore
his creative process and the challenges of writing in a
minority language. Presentation in English and Irish.
Free.
Saturday, April
19th, 1 - 6pm
Learn Irish!
Pádraig Ó Cearúill, Hilary Mhic Shuibhne, and Fulbright
FLTA Mairéad McKendry lead an afternoon of Irish
instruction. Free. |
 |
|
 |
Bealtaine |
|
May |

GAEILGE AG OLLSCOIL NUA-EABHRAIC
Déardaoin, Lá Bealtaine, 7in
Airneál
na Bealtaine
Beidh amhránaí agus ceoltoirí na hOllscoile páirteach
chomh máith le ceoltóirí as pobal Nua-Eabhraic. Saor in
aisce. Áit:
Glucksman Ireland House, New York University, 1
Washington Mews, Manhattan, New York. Chun
tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hAnne Solari ag (212) 998-3952
nó
anne.solari@nyu.edu . |
|
GAEILGE AT NEW YORK UNIVERSITY
Thursday, May 1st, 7pm
Airneál na Bealtaine
An evening of traditional music and Irish language song
performed by NYU students and musicians from the New
York community. Free.
Place: Glucksman
Ireland House, New York University, 1 Washington Mews,
Manhattan, NY. For additional information, contact
Anne Solari at (212) 998-3952 or
anne.solari@nyu.edu .
 |
 |
|
 |
Fómhar |
|
Fall |
Tumranganna i Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na
Montana Tharraing
Tomás Stock ár n-aird ar thumranganna na Gaeilge a
bheidh ar siúl i mButte, Montana ó 8 go 10 Lúnasa 2008 ag
Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana. Go raibh
maith agat, a Thomáis! Breis eolais: cliogáil
ar
Tumranganna
.
|
|
Immersion classes in August 2008 at the Montana Gaelic
Cultural Society
Tom Stock called our attention to the Irish language
immersion classes which will be offered by the Montana
Gaelic Cultural Society from August 8 to August 10, 2008 in
Butte, Montana. Thank you, Tom! For
information, click on
Tumranganna
.
|
Gaeilge Ag
Ollscoil Concordia, Montréal, Ag Leanúint i nDeireadh
Fómhair 2008
Tá Gaeilge á múineadh ag
Centre d'études canado-irlandaises, Ollscoil Concordia i
Montréal, Québec, Ceanada. Thosaigh na ranganna cheana
féin don bhliain scoile 2007-2008, ach beidh clár eile ag
tosú san Fhómhar don bhliain scoile 2008-2009.
Tuilleadh eolais: téigh go
Gaeilge ag
Concordia.
|
|
Irish
language classes at Concordia University, Montréal, continuing in September,
2008
Irish is being taught at
the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia
University, in Montréal, Canada. These classes have already
started for the 2007-2008 school year, but another program will
begin in the Fall for the 2008-2009
school year. For more information, go to
Gaeilge ag
Concordia.
|
Deireadh Fómhair 2008 -
Rabhadh sláinte dátheangach
Ó mhí Dheireadh
Fómhair 2008, caithfidh rabhadh sláinte ar phacaí tobac
a bheith dátheangach in Éirinn. Thug múinteoir
Gaeltachta, Caitríona Úí Riain, an cás in éadan an Aire
sláinte. Bhí an bua aici agus ordaíodh don stát a
costais a íoc.
|
|
October 2008 - A
bilingual health warning
Beginning in October 2008, health warnings on
packs of tobacco in Ireland must be bilingual. A
Gaeltacht teacher, Caitríona Úí Riain, brought the case
against the Minister of Health. She won and the
state was ordered to pay her costs.
|
 |
|
 |
Ar Feadh
na Bliana |
|
Year
Round |
Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce
ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Tá sé seo istigh ó Shanti
Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i
mBÁC. Buíochas libh, a
chairde!
"Chonaic mé an nasc a
leanas san Irish Times.... Tá ceachtanna Gaeilge ar
shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir
nuachta ó TG4. I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le
feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.
Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil... Ag deireadh gach
ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge
amháin). Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as
an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."
Féach ar
Má
Nuad .
|
|
Irish
language lessons on video, on line, and free from
University of Ireland, Maynooth
This report is in from Shanti
Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin. Thank you
both, a chairde!
"I saw the following link in this month's Irish Times. There are Irish
language lessons on
the website of the University of Ireland, Maynooth, based on
news programs from TG4. In every lesson, there is
a news report to watch and questions to answer about the report.
The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of
the story is written out (in Irish only). I think that you
can make great use of this new resource in order to improve your
Irish." See
Maynooth .
|
Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag
Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge !
|
|
And don't forget our own broadcasting on
YouTube! at
Broadcasting By The Philo-Celtic Society
!
|
Ranganna na Gaeilge ag Ollscoil Mhontana - Missoula Tuairiscíonn
Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar
fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula. Chun eolas sa
bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil
anseo .
Go raibh maith agat, a Thomáis!
|
|
The Irish Language at the University of Montana - Missoula Tom Stock
reports that three semesters of Irish language
instruction are now available at
the University of Montana - Missoula. For
more information, contact the University
here . Thanks, Tom!
|
Gaeilge ar
fud na hAstráile ar feadh na bliana!
Is í Elke Watson a tharraing ár n-aird ar an bhfíric
go mbailíonn Cumann Gaeilge na hAstráile eolas ar
ranganna na Gaeilge ar fud na hAstráile, agus go
múineann siad ranganna freisin. Chun tuilleadh
faisnéise a fháil, féach ar
Gaeilge ar fud na hAstráile. Go raibh
maith agat, a Elke!

|
|

Gaeilge
throughout Australia all year long!
Elke Watson is the person who called our attention
to the fact that Cumann Gaeilge na hAstráile collects
information on Irish language classes throughout
Australia, and that they teach classes also. To
get more information, see
Gaeilge ar fud na hAstráile. Thank you,
Elke!
|
Tá
úrscéal nua le hAnna Heussaff ar fáil anois.
Úrscéal éadrom is
ea Cúpla Focal, scéal grá
nua-aimseartha a thiteann amach le linn rang
comhrá Gaeilge! Ag an am céanna, tá
ceisteanna sóisialta fite fuaite sa scéal,
mar aon le ceisteanna faoi fhoghlaim na
Gaeilge. Tá an leabhar seo dírithe ar
fhoghlaimeoirí fásta le bunlíofacht
Ghaeilge. Insítear dúinn gur féidir áis a
bhaint as i ngrúpaí comhrá, ní amháin mar
ábhar léitheoireachta ach mar ábhar plé is
díospóireachta freisin. Tá an t-úrscéal seo
ar fáil (maille le beirt eile le hAnna
Heussaff, .i. Bás Tobann do dhaoine
fásta agus Vortex do pháistí) ag
www.litriocht.com nó ón
bhfoilsitheoir ag
www.coislife.ie.
|
|
A new novel By
Anna Heussaff is now available.
Cúpla Focal is
a light novel, a modern love story which unfolds during
an Irish language conversation class! At the same time,
social questions are woven into the story, along with
questions about learning Irish. This book is aimed
at adult learners with basic fluency in Irish.
We're told that it can be used in conversation groups,
not only as reading material but also as material for
discussion and debate. This novel is available
along with two others by Anna Heussaff (i.e., Bás
Tobann for adults and Vortex for children),
at
www.litriocht.com
or from the publisher at
www.coislife.ie.
|
Cumann Carad na
Gaeilge
Ag obair gach lá
d'athbheochan domhanda na Gaeilge!
Fógraí do AN GAEL-BREISE!
Má's maith leat fógraí
faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn
chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach
inár gcomhphobal ar líne
ANSEO
agus inis dúinn fúthu.
Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú
donár bhfoireann bheag. Mar sin, le do thoil,
scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go
Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair
dúinn do nuachta ar aon chuma!
Ní
neart go cur le chéile!
Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an
Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
|
|
The Philo-Celtic
Society Society
Working daily for the
worldwide Irish language renaissance!
Announcements for AN GAEL-EXTRA!
If you want to send us
announcements about your Irish language events for
publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line
community
HERE
and tell us about hem. As
you can see, there's already too much to translate for
our little team. Therefore, please do write to us
in
Irish with English translation if you're able. If
not, give us your Irish
language news anyway!
Ní
neart go cur le chéile!
What other news from South
America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
|
 |
|
 |
Focal ó
An Gael |
|
A Word
from An Gael |
Ceist:
Cén fáth go bhfuil Teamhair á milleadh?
Cén fáth go bhfuil Gleann Teamhrach á mhilleadh le
mótairbhealach? An millfeadh na hÉigiptigh Gleann na
Ríthe agus na Piramidí? An gcuirfeadh na Sínigh
mótairbhealach trí Fheart Qin Shi Huangdi? Nó ar an
mBalla Mór? Nach bhfuil aon áit eile don bhóthar seo?
Cé hé an duine a dúirt go gcaithfidh sé dul anseo?
Le do thoil, léigh an t-alt go léir i National
Geographic
ANSEO. Is féidir leat achainí a
shíniú
anseo. Agus ansin, teagmhaigh le hoifig
Chonsúlacht na hÉireann in aice leat, le do
theachtaire, agus le do nuachtáin áitiúla a insint dóibh
do smaointe, le h-aghaidh nó in aghaidh an ruda seo. Domsa féin, tír gan stair, tír gan todhchaí. – An
Gael
|
|
Question:
Why is Tara being destroyed?
Why is the Valley of Tara being destroyed with a
motorway? Would the Egyptians destroy the Valley
of the Kings or the Pyramids? Would the Chinese
put an expressway through the tomb of their first
emperor Qin? Or on the Great Wall? Isn't there any
place else to put this road? Who is the person who said
it has to go here? Please, read the whole National
Geographic article
HERE. You can sign a petition
here. And then, contact the office of the
Irish Consulate closest to you, your representative, and
your local newspapers to tell them what you think, for
or against this thing. As for me, a country
without a history is a country without a future. –
An Gael
|
Naisc Thapaidhe:
Cumann Carad
na Gaeilge |
Scoil na Gaeilge |
Podchraoladh
Quick Links:
The
Philo-Celtic Society |
Free Irish Language School |
Podcasting |
Is iad seo
cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:
1.
tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na
Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na
nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;
2. athbheochan agus aththionscnamh na
Gaeilge mar theanga labhartha bheo na
hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.
Chun teacht isteach
inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor
in aisce ar an idirlíon, cliogáil
ANSEO .
|
|
These are the goals of The Philo-Celtic
Society:
1.
the support,
strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion,
teaching, and renaissance of the Irish language as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the
Gaeil, in America and throughout the world;
2.
the renaissance and re-establishment of Irish as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
To join our Community and to join our free on-line Philo-Celtic
Society School, click
HERE .
|
Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan
Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan
Éireannach.
Gan Éireannach,
gan Éire.
- An Gael
|
|
Triad
Without the Irish
language, nothing Gaelic.
Without anything
Gaelic, nothing Irish.
Without anything
Irish, no Ireland.
- An Gael
|
Eagarthóirí an eagráin seo:
Séamas Ó Neachtain i Nua-Eabhrac, Máire Mhic an Phríora agus
Éadaoin Nic an Phríora i mBaile
Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, Éamon
Jeffers i Londain, agus Gearóid Ó Ceallaigh
i Nua-Eabhrac.
Griangraif de Dhes Bishop ó
"Fáilte go desbishop.com!" Breis-scríbhneoireacht
as Gaeilge
le Shanti Hofshi i San Diego, Tomás Ó Catháin i mBaile Átha
Cliath, Daithí Mac Lochlainn i
Nua-Eabhrac, John Feeney i gConnecticut, Nikki Ragsdale i San Francisco,
agus Elaine Ní Bhraonáin i Nua-Eabhrac. Buíochas
sa bhreis do Mháirín
Grace-Miller i Vancouver, Elke
Watson i Sydney, Máire Ní Annracháin i Má Nuad, Tomás Stock i
Montana, Daragh Ó Tuama i nÉirinn, Kester Dyer i Montréal,
Lorcán Mac Gabhann i mBaile Átha Cliath, Anne Solari i
Nua-Eabhrac, Sue Kocsis i gCalifornia, agus Séamus Mag Oireachtaigh i
Nua-Eabhrac. Fáiscín-ealaín Cheilteach le
Aon Celtic Art &
Illumination .
Fáiscín-ealaín
eile le
Fotosearch.
|
|
This issue's
editors: Séamas Ó Neachtain in New York, Máire Mhic an Phríora
and Éadaoin Nic an Phríora in Baile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg in Wales, Éamon
Jeffers in London, and Gearóid Ó Ceallaigh
in New York. Photographs of Des Bishop from his website
"Welcome to desbishop.com!"
Additional writing in Irish by Shanti Hofshi in San Diego,
Tomás Ó Catháin in Baile Átha Cliath, Daithí Mac Lochlainn in New York, John Feeney in Connecticut, Nikki Ragsdale in San Francisco, and
Elaine Ní Bhraonáin in New York. Additional thanks to Máirín
Grace-Miller in Vancouver, Elke
Watson in Sydney, Máire Ní Annracháin in Má Nuad, Tomás Stock in
Montana, Daragh Ó Tuama (in every place in Ireland!), Kester
Dyer in Montréal, Lorcán Mac Gabhann in Baile Átha Cliath, Anne
Solari in New York, Sue Kocsis in the great state of California,
and Jim Garrity in New York. Celtic clip art by
Aon Celtic Art &
Illumination.
Additional clip art by
Fotosearch.
|
AN IRIS AN GAEL:
AN GHAEILGE TIMPEALL AN
DOMHAIN! |
|
AN GAEL
MAGAZINE: THE IRISH LANGUAGE
AROUND THE WORLD! |
|