An Gael - Bealtaine 2008   /   An Gael - May 2008

Bealtaine 2008  /  May 2008

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge ó 1881        
Official Magazine of The Philo-Celtic Society Since 1881            

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

SCÉALA! / NEWS!

Anois Díreach!

 

Right Now!

 

FÍS GHAEILGE MHEIRICEÁ THUAIDH

16 - 18 Bealtaine 2008

Ar Siúl:             Comhdháil Idirnáisiúnta na Gaeilge
Ré:                   Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh
Áit:                   Manhattan, Nua-Eabhrac
Cathain:            Oíche Aoine go dtí Dé Domhnaigh
Dátaí:               16 - 18 Bealtaine 2008
Teanga:            Gaeilge
Táille:               $50       (le híoc Dé Sathairn)
Faisnéis chláir:  Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh
Suíomhanna Áitiúla:
Oíche Aoine     7:00 i.n. - Consúlacht na hÉireann, 345 Park Ave.
An Satharn       9:30 r.n. - Óstán Affinia, 371 Seventh Avenue
An Domhnach  11:00 r.n. - Irish Arts Center, 553 W. 51st St.)
RSVP:             Daragh Ó Tuama ag daragh@glornangael.ie

Cuspóir & Deis:  Tabharfaidh an chomhdháil seo seans do ghrúpaí Gaeilge i Meiriceá Thuaidh castáil ar a chéile agus a dtodhchaí a phlé le heagraíochtaí Gaeilge as Éirinn. 

Ba chóir duit clárú roimh ré!

Mar is féidir leat feiceáil ón suíomh idirlín Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, beidh comhdháil feidhmiúil tábhachtach ar siúl agus tá fáilte roimh chách.  Ach ní mór duit clárú roimh ré.  Mar sin, chun d'áit a choimeád ag an gcomhdháil, ba chóir duit dul i dteagmháil go láithreach le Daragh Ó Tuama ag daragh@glornangael.ie .

  
 

 

 

A VISION FOR THE IRISH LANGUAGE IN NORTH AMERICA

16 - 18 May 2008

Event:             International Irish language Convention
Re:                 A Vision for the Irish Language in North America
Where:            Manhattan, New York
When:             Friday night to Sunday
Dates:             16 - 18 May 2008
Language:       Irish
Cost:              $50       (to be paid Saturday)
Program info:   Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh
Local venues:
Friday night     7:00 pm - Irish Consulate, 345 Park Ave.
Saturday         9:30 am - Affinia Hotel, 371 Seventh Avenue
Sunday           11:00 am - Irish Arts Center, 553 W. 51st St.)
RSVP:            Daragh Ó Tuama ag daragh@glornangael.ie

Goal & Opportunity:  This convention will give an opportunity to Irish language groups in North America to meet each other and to discuss their future with Irish language groups from Ireland. 

You should register in advance!

As you can see by the website Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, this will be a useful and important convention, and all are welcome.  But you should register beforehand.  Therefore, to keep your place at the convention, you should immediately contact Daragh Ó Tuama at daragh@glornangael.ie .

 
 

Gaeilge ag Ollscoil Sao Paolo!

Tháinig sé seo isteach ó Dhaithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn.  Go raibh maith agat, a Dhaithí!

Tá bun-chúrsa na Gaeilge á thosú ag Ollscoil Sao Paolo anois díreach!  Rachaidh sé ar aghaidh go dtí 24 Meitheamh 2008.  Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí Tír Bhreasail. 
 

 

Gaeilge at the University of Sao Paolo!

This came in from Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn.  Thank you, Daithí!

A basic course in Irish is starting at the University of Sao Paolo right now!  It will go forward until June 24, 2008.  To get more information, go to Tír Bhreasail. 
 

Gaeilge ag Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic

Cláraigh anois dosna ranganna Gaeilge seo a leanas ag Institiúid an Léinn Ghael-Mheirceánaigh, Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic:

Samhradh:
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI104: Bun-Ghaeilge II - ar líne (TBA)
* IRI103&IRI104: Bun-Ghaeilge I & II - i nÉirinn (TBA)

Fómhar:

* IRI103: Bun-Ghaeilge I - ar líne (Thomas Ihde)
* IRI105: Bun-Ghaeilge III - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Meán-Ghramadach na Gaeilgear líne (Thomas Ihde)
* IRI202: Meán-Chumadóireacht na Gaeilgear líne (TBA)

Tá clárú ar siúl anois díreach!  Féach ar Gaeilge ag CUNY. 
     

 

Gaeilge at the City University of New York

Register now for the following Irish language classes at the Institute for Irish-American Studies, Lehman College, City University of New York:

Summer:
* IRI103: Beginning Irish I - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI104: Beginning Irish II - on-line (TBA)
* IRI103&IRI104: Beginning Irish I & II - in Ireland (TBA)

Fall:

* IRI103: Beginning Irish I - on-line (Thomas Ihde)
* IRI105: Beginning Irish III - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Intermediate Irish Grammar - on-line (Thomas Ihde)
* IRI202: Intermediate Irish Composition - on-line (TBA)

Registration is going on right now!  See Gaeilge at CUNY. 
    

Tá breis agus 540 scoláire anois i Scoil Chumann Carad na Gaeilge!

Tá ranganna na scoile seo ar fáil saor in aisce, ar líne, timpeall na cruinne!  Chun teacht isteach mar scoláire nó mar mhúinteoir, téigh go Scoil Chumann Carad na Gaeilge.  Inis dúinn má's maith leat múineadh, le do thoil.  Beidh fáilte romhat.   
 

 

There are now more than 540 students in The Philo-Celtic Society School!

This school's classes are available for free, on-line, around the globe!  To join as a student or as a teacher, go to The Philo-Celtic Society School.  Please be sure tell us if you want to teach.  You'll be very welcome.   
 

Poznañ, An Pholainn - Léachtóir le Nua-Ghaeilge á lorg

Tá sé seo istigh ó Ghearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg.  Go raibh maith agat, a Ghearóid!

Is mian le Roinn an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Adam Mickiewicz, Poznañ, An Pholainn, léachtóir Gaeilge a cheapadh don bhliain acadúil 2008-2009 dar tús an 1ú Deireadh Fómhair. Seo conradh a bhféadfaí síneadh a chur leis. Is é teagasc na Nua-Ghaeilge an príomhchúram a bheas ar an té a cheapfar, agus is ar Ghaeilge na Gaeltachta a bheas an bhéim. Ba mhór an cúnamh eolas cruinn ar an dara teanga Cheilteach a bheith ag na hiarrthóirí, agus níor bheag an buntáiste dóibh cur amach a bheith acu ar ghnéithe den stair agus den litríocht. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpost spéisiúiil seo, cuir scéal chuig an Ollamh Diarmuid Johnson ar diarmuidj@ifa.amu.edu.pl nó chuig an Ollamh Sabine Heinz sabine@ifa.amu.edu.pl.

 

Poznañ, Poland - Lecturer in Modern Irish being sought

This is in from Gearóid Ó hAnnaidh in Luxemburg.  Thank you, Gearóid!

The Department of Celtic Languages and Literature at the School of English Philology (IFA), Adam Mickiewicz University, Poznañ, Poland, wishes to recruit a lecturer in the Irish language for the academic year 2008-2009 starting on October 1st. The successful candidate will teach modern Irish with emphasis on traditional language. A sound knowledge of a second Celtic language would be an ideal qualification for this post, while an ability to deliver introductory courses on aspects of Gaelic literature and history would be advantageous. For further information please contact Prof. Diarmuid Johnson at diarmuidj@ifa.amu.edu.pl or Prof. Sabine Heinz sabine@ifa.amu.edu.pl.


Caith am ag gáire in éineacht le Des Bishop ar RTÉ1

Tháinig Des Bishop go Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac i Mí Eanáir agus anois is féidir leat an Scoil agus Des a fheiceáil i gclár a 5 de "In The Name of the Fada" ar RTÉ1.  Is baill de Chumann Carad na Gaeilge iad gach múinteoir ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín. 
    

 


Spend time laughing with Des Bishop on RTÉ1

Des Bishop came to the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York in mid-January 2008 and now you can see the School and Des in episode 5 of "In The Name of the Fada" on RTÉ1.  Each teacher in the Gerry Tobin Irish Language School is a member of The Philo-Celtic Society.

        
   

Free Web Site Counter

6,000 buille ar shuíomh Chumann Carad na Gaeilge i Mí Aibreáin!  
Fuaireamar breis agus 6,000 buille ar ár suíomh i mí Aibreáin.  Mar sin, tá breis agus 70,000 buille faighte againn ó thosaíomar ár suíomh 1 Samhain 2004!  Chun breis a fhoghlaim faoinár gcuspóirí, ngníomhaíochtaí, agus n-eagraíocht, féach ar Cumann Carad na Gaeilge .   

 

 

Free Web Site Counter

6,000 hits on The Philo-Celtic Society website in the month of April!  
We had more than 6,000 hits on our site in the month of April.  Therefore, we have more than 70,000 hits in total since we started our website on November 1, 2004!  To learn more about our goals, our activities, and our organization, see  Cumann Carad na Gaeilge .   

 

Gaeilge in Ollscoil Fordham!
Beidh Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Fordham sa Fómhar in Manhattan agus sa Bhronx ach níl sonraí ar fáil fós.  Inseoimid tuilleadh daoibh chomh luath agus is féidir. 

 

 

Gaeilge at Fordham University!
Irish will be taught at Fordham University in the Fall in Manhattan and in the Bronx but details are not available yet.  We'll tell you more as soon as possible. 

 

Breis agus 100 podchraoladh ó Chumann Carad na Gaeilge ar fáil timpeall na cruinne!
Tá breis agus 100 podchraoladh ar fáil anois ó Chumann Carad na Gaeilge, gach ceann acu léirithe ag Séamas Ó Neachtain.  Go raibh míle maith agat, a Shéamais! Sár-obair ar fad!  Chun éisteacht leis an bpodchraoladh is déanaí (ag fógairt Chomhdháil na Gaeilge "Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh"), téigh go Podchraoladh. 
 
  More than 100 podcasts from The Philo-Celtic Society available around the world!
There are now more than 100 podcasts available from The Philo-Celtic Society, each one of them produced by Séamas Ó Neachtain.  Many thanks, Séamas!  A wonderful job entirely!  To listen to the latest podcast (announcing the Irish Language Convention "A Vision For The Irish Language In North America"), go to Podcasting. 
 

lch tosaigh

Nós nua ar fáil!

É seo istigh ó Fhélim Borland a chuir an t-eolas seo chuig an liosta ar líne Gaeilge-A.  Go raibh maith agat, a Fhélim!

Tá iris nua Ghaeilge ar fáil anois ag www.nosmag.com , agus is fiú na línte seo óna heagarthóirí a ath-chló anseo: "Ba í an sprioc a leagadh síos nuair a bheartaigh muid ar iris bhríomhar nua-aoiseach a chur ar fáil do phobal domhanda ár dteanga ná tionchar dearfach splancúil a imirt ar an saol thart orainn - seirbhís shiamsúil a sholáthar a spreagfadh ár léitheoirí agus a chuirfeadh in iúl go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa 21ú aois."

Fosta, ná bíodh ionadh ort má fheiceann tú alt ar scríobh ár mball Séamas Ó Neachtain san eagrán seo de Nós.

Déanta go maith, a chairde.  Maith sibh!
 

 

ceoltóiríA new Nós is available!

This is in from Félim Borland who sent the information to the on-line list Gaeilge-A.  Thank you, Félim!

A new Irish language magazine is now available at www.nosmag.com , and it's worthwhile to reprint these lines from its editors here: "When we decided to make available a lively, modern magazine for our language's worldwide community, the objective which was laid down was to have a positive, lightning effect on the world around us - to provide an entertaining service which would inspire our readers and confirm that the Irish language is alive and lively in the 21st century."

Also, don't be surprised if you see an article from our member Séamas Ó Neachtain in this issue of Nós.

Well done, a chairde.  Congratulations!
 

Fáilte roimh ár mbaill nua!

Fáilte roimh Thomás Priondargás in Richmond, Virginia;  Síle Ní Uallacháin in Manhattan, New York; James Pope in Sydney, New South Wales, Australia; agus Labhras Wilson in Arnold, Maryland a tháinig isteach mar Bhaill Idirnáisiúnta inár gCumann i mí Aibreáin.  Chun breis a fhoghlaim faoinár mballraíocht, téigh go dtí Ballraíocht i gCumann Carad na Gaeilge
 

 

Welcome to our new members!

Welcome to Tom Pendergast in Richmond, Virginia; Síle Ní Uallacháin in Manhattan, New York; James Pope in Sydney, New South Wales, Australia; and Larry Wilson in Arnold, Maryland, who joined our Society as International Members in the month of April.  To learn more about our membership, go to Membership in The Philo-Celtic Society
 

 

Bealtaine

 

May

usa, new york, 
new york city, 
city skyline, 
night. fotosearch 
- search stock 
photos, pictures, 
images, and photo 
clipart

Gaeilge ag Ollscoil Nua-Eabhraic

Déardaoin, Lá Bealtaine, 7in
Airneál na Bealtaine
Beidh amhránaí agus ceoltoirí na hOllscoile páirteach chomh máith le ceoltóirí as pobal Nua-Eabhraic.  Saor in aisce. 
Áit: Glucksman Ireland House, New York University, 1 Washington Mews, Manhattan, New York.  Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hAnne Solari ag (212) 998-3952 nó anne.solari@nyu.edu . 
 

 

Gaeilge at New York University

Thursday, May 1st, 7pm
Airneál na Bealtaine
An evening of traditional music and Irish language song performed by NYU students and musicians from the New York community.  Free. 
Place:  Glucksman Ireland House, New York University, 1 Washington Mews, Manhattan, NY.  For additional information, contact Anne Solari at (212) 998-3952 or anne.solari@nyu.edu . 

usa,  new york, 
 new york city, 
 brooklyn bridge, 
 east river and. 
fotosearch - search 
stock photos, 
pictures, images, 
and photo clipart

Lá Gaeilge in Fairfield, Connecticut

É seo istigh ó Dhaithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn.  Go raibh maith agat, a Dhaithí!

Dé Sathairn, 3 Bealtaine 2008, 8rn - 5in
Beidh Lá Gaeilge ag An Rang Gaeilge agus Féile Inc. ag an gClub Gaelach Meiriceánach in Fairfield.  Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go Féile. 
 

 

Irish Language Day in Fairfield, Connecticut

This is in from Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn.  Go raibh maith agat, a Dhaithí!

Saturday, May 3, 2008, 8am - 5pm
The Irish Language Class and Féile Inc. will have an Irish Language Day at the Gaelic American Club in Fairfield.  For more information, go to Féile. 
 

Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Esopus, Nua-Eabhrac

Tháinig sé seo isteach ó Dhaltaí na Gaeilge.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

9-11 Bealtaine 2008
"Tionólfaidh muid ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 9ú - 11ú de Bhealtaine 2008 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clárú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo: 
Deireadh Seachtaine Dhaltaí." - Daltaí na Gaeilge 
 
 

Irish Language Weekend in Esopus, Nua-Eabhrac

This came in from Daltaí na Gaeilge.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

9-11 May 2008
"
We will hold our next Irish Language Immersion Weekend, May 9th - 11th, 2008 in Esopus, New York. Online registration and payment are available. We hope to see you there. General Information, Directions and a Registration Form are available through this link:  Daltaí na Gaeilge Immersion Weekend." - Daltaí na Gaeilge 

 

Ranganna Gaeilge ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic

Ag tosú 13 Bealtaine 2008

Beidh ranganna Gaeilge á dtairiscint gach Máirt do pháistí (6 bliana d'aois agus níos sine) agus do dhaoine fásta ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic (Long Island City, Queens) ag tosú 13 Bealtaine 2008.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ón múinteoir Máire Ní Mhaolagáin ag
201-869-6717mauramulligan@aol.com .
 

 

Irish Language Classes at the New York Irish Center

Starting May 13, 2008

Irish language classes will be offered every Tuesday for children (6 years of age and older) and for adults at the New York Irish Center (Long Island City, Queens) beginning May 13, 2008.  Additional information is available from the teacher Maura Mulligan at mauramulligan@aol.com or (201) 869-6717.
 
 

Cúrsa in Königswinter, An Ghearmáin

Tá an fhaisnéis seo istigh ó Mharcus Metz in Königswinter.  Go raibh maith agat, a Mharcuis!

 

17 - 18 Bealtaine 2008
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine
Am:  10 r.n. - 5 i.n.
Áit:   SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, An Ghearmáin
Leibhéal foghlama:  Léamh
Táille: EUR 77.00
Eagraíocht:  SKSK (Scoil Theangacha agus Cultúir Cheilteacha)
Suíomh idirlín agus clárú:  www.sksk.de
Teagmháil:  Marcus Metz ag Déan teagmháil le SKSK. 

 

 

Course in Königswinter, Germany

This information is in from Marcus Metz in Königswinter.  Thank you,  Marcus!

 

17 - 18 May 2008
Weekend Irish Language Course
Time:   10 AM - 5PM
Place:  SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, Germany
Level:   Reading
Cost:   EUR 77.00
Organization:  SKSK (School of Celtic Languages and Culture)
Internet site and registration:  www.sksk.de
Contact:  Marcus Metz at Contact SKSK.   

 

Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

16 - 18 Bealtaine 2008, Manhattan, Nua-Eabhrac

Tugann Glór na nGaelCumann Carad na Gaeilge, Cumann na Gaeltachta, agus An Claidheamh Soluis cuireadh duit teacht chuig comhdháil idirnáisiúnta "Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh" a bheidh ar siúl ag an Óstán Affinia i Manhattan, Nua-Eabhrac, 16 - 18 Bealtaine 2008.  Tabharfaidh an chomhdháil seo seans do ghrúpaí Gaeilge i Meiriceá Thuaidh castáil ar a chéile agus a dtodhchaí a phlé le heagraíochtaí Gaeilge as Éirinn.  Chun d'áit a chur in áirithe ag an gcomhdháil, déan teagmháil go láithreach le Daragh Ó Tuama ag daragh@glornangael.ie.  Tá podchraoladh d'ócáid seolta na comhdhála seo ar fáil ag Podchraoladh.  Taifeadadh an seoladh seo 16 Feabhra 2008 ag An Claidheamh Soluis i Manhattan

 
 

 

A Vision for the Irish Language in North America

16 - 18 May 2008, Manhattan, New York

Glór na nGael, The Philo-Celtic Society, Cumann na Gaeltachta, and The Irish Arts Center invite you to attend an international Irish language conference "Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh" (A Vision for the Irish Language in North America) which will be held at the Affinia Hotel in Manhattan, New York, May 16 - 18, 2008.  This conference will give an opportunity to Irish language groups in North America to meet and discuss their future with Irish language organizations from Ireland.  To reserve your place at the conference, immediately contact Daragh Ó Tuama at daragh@glornangael.ie.  For a podcast recorded at the launch for this conference on February 16, 2008 at The Irish Arts Center in Manhattan, go to Podchraoladh. 
 

Satharn na nGael i gConshohocken, Coill Phenn

Fuaireamar an t-alt seo ó Dhaltaí na Gaeilge freisin.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

31 Bealtaine 2008
"
Beidh ár Lá na Gaeilge againn (Satharn na nGael) ar an 31ú de Bhealtaine 2008 i gConshohocken, Coill Phenn. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh an 17ú d'Bhealtaine (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $5. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo:
Satharn na nGael ."  - Daltaí na Gaeilge 
 
 

Saturday of the Gaeil in Conshohocken, Pennsylania

We received this article from Daltaí na Gaeilge also.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

31 May 2008
"
Daltaí na Gaeilge will hold our One-day Irish Language Immersion Program (Satharn na nGael) on Saturday the 31st of May 2008, in Conshohocken, Pennsylvania. Online registration and payment are available.  Attendees who register by May 17th (either by mail or online) will receive a $5 discount. We hope to see you there. General Information, Directions and a Registration Form are available through this link: 
Saturday of the Gaeil ." - Daltaí na Gaeilge  
 

 

Meitheamh

 

June

Cúrsa in Königswinter, An Ghearmáin

Tá an fhaisnéis seo istigh ó Mharcus Metz in Königswinter.  Go raibh maith agat, a Mharcuis!

14 - 15 Meitheamh 2008
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine
Am:  10 r.n. - 5 i.n.
Áit:   SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, An Ghearmáin
Leibhéal foghlama:  Ardleibhéal
Táille: EUR 77.00
Eagraíocht:  SKSK (Scoil Theangacha agus Cultúir Cheilteacha)
Suíomh idirlín agus clárú:  www.sksk.de
Teagmháil:  Marcus Metz ag Déan teagmháil le SKSK. 

 

 

Course in Königswinter, Germany

This information is in from Marcus Metz in Königswinter.  Thank you,  Marcus!

14 - 15 June 2008
Weekend Irish Language Course
Time:   10 AM - 5PM
Place:  SKSK, Grabenstrasse 62, Königswinter, Germany
Level:   Advanced Level
Cost:   EUR 77.00
Organization:  SKSK (School of Celtic Languages and Culture)
Internet site and registration:  www.sksk.de
Contact:  Marcus Metz at Contact SKSK. 

 

 

Iúil

 

July

Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Shepherdstown, West Virginia

Tá sé seo istigh ó Chóilín Owens agus Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

11 - 13 Iúil 2008
Deireadh Seachtaine na Gaeilge
Am:  Oíche Aoine go dtí Dé Domhnaigh
Áit:   Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Leibhéal foghlama:  gach leibhéal
Táille: $125
Eagraíocht:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Teagmháil:  Cóilín Owens ag cowens7@gmu.edu

 

 

Conradh na Gaeilge Irish Language Weekend in Shepherdstown, West Virginia

This is in from Cóilín Owens and The Gaelic League / Washington, D.C.  Thank you, a chairde!

11 - 13 July 2008
Irish Language Weekend
Time:   Friday night to Sunday
Place:  Shepherd University, Shepherdstown, West Virginia
Level:   All levels
Cost:  $125
Organization:  Conradh na Gaeilge / Washington, D.C.
Contact:  Cóilín Owens at cowens7@gmu.edu

 

 

Fómhar

 

Fall

Tumranganna i Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana
Tharraing Tomás Stock ár n-aird ar thumranganna Gaeilge a bheidh ar siúl i mButte, Montana ó 8 go 10 Lúnasa 2008 ag Cumann Gaelach Cultúrtha na Montana.  Go raibh maith agat, a Thomáis!   Breis eolais:  cliogáil ar Tumranganna . 
 
  Immersion classes in August 2008 at the Montana Gaelic Cultural Society
Tom Stock called our attention to the Irish language immersion classes which will be offered by the Montana Gaelic Cultural Society from August 8 to August 10, 2008 in Butte, Montana.  Thank you, Tom!  For information, click on Tumranganna . 
 

Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal, Ag Leanúint i nDeireadh Fómhair 2008
Tá Gaeilge á múineadh ag Centre d'études Canado-Irlandaises, Ollscoil Concordia i Montréal, Québec, Ceanada. Thosaigh na ranganna cheana féin don bhliain scoile 2007-2008, ach beidh clár eile ag tosú san Fhómhar don bhliain scoile 2008-2009. Tuilleadh eolais:  téigh go Gaeilge ag Concordia. 
 

 

Irish language classes at Concordia University, Montréal, continuing in September,  2008
Irish is being taught at the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia University, in Montréal, Canada. These classes have already started for the 2007-2008 school year, but another program will begin in the Fall for the 2008-2009 school year.  For more information, go to
Gaeilge ag Concordia. 
 

Deireadh Fómhair 2008 - Rabhadh sláinte dátheangach
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2008, caithfidh rabhadh sláinte ar phacaí tobac a bheith dátheangach in Éirinn. Thug múinteoir Gaeltachta, Caitríona Úí Riain, an cás in éadan an Aire sláinte. Bhí an bua aici agus ordaíodh don stát a costais a íoc. 

 
  October 2008 - A bilingual health warning
Beginning in October 2008, health warnings on packs of tobacco in Ireland must be bilingual.  A Gaeltacht teacher, Caitríona Úí Riain, brought the case against the Minister of Health.  She won and the state was ordered to pay her costs. 

 

 

Ar Feadh na Bliana

 

Year Round

An Iris Idirnáisiúnta "An Lúibín" as an Astráil

Tá iris idirnáisiúnta á cur amach saor in aisce le roinnt mhaith blianta anois le Colin Ryan san Astráil.  Gaeilgeoir as Melbourne na hAstráile is ea é, agus foilsítear a scéalta agus ábhar eile sna hirisí Gaeilge. Creideann sé gur teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge, agus mar bheart de réir a bhriathair, foilsíonn sé "An Lúibín" freisin.  Pléitear cúrsaí teanga agus cultúir san iris, agus ní dhéantar faillí i gcúrsaí an domhain trí chéile.  Dá mba mhaith leat triall a bhaint as "An Lúibín," cuir r-phost chuig Colin ag ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

 
The international magazine "An Lúibín" from Australia

An international magazine has been published for free for a good number of years now by Colin Ryan in Australia.  He's an Irish speaker from Melbourne, Australia, and his stories and more are published in the Irish language magazines.  He believes that Irish is an international language, and as proof of his word, he also publishes "An Lúibín."  Language and culture are discussed in the magazine, and the world's affairs are not ignored either.  If you'd like to try "An Lúibín," send an email to Colin at ColinG.Ryan@ato.gov.au . 
 

The image “http://www.potafocal.com/About/Ivanka.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - foclóir nua saor in aisce ar líne
Tá foclóir nua saor in aisce ar líne cruthaithe ag Ivanka Varguličová agus Michal Boleslav Měchura.  Soláthraíonn an foclóir seo cuardach tapa agus cuardach casta ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge, liostaí aibítreacha, liostaí de réir ábhair, agus liosta minicíochta.  Chun áis a bhaint as, téigh go www.potafocal.com , agus comhghairdeachas libh a Ivanka agus a Mhichal ! 
 
  The image “http://www.potafocal.com/About/MBM.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.An Pota Focal - a new, free, on-line dictionary
There's a new, free, on-line dictionary created by Ivanka Varguličová and Michal Boleslav Měchura.  This dictionary provides a quick search and an advanced search from Irish to English and English to Irish, alphabetical lists, lists by subject, and a frequency list.  To use this, go to  www.potafocal.com , and congratulations to you both, Ivanka and  Michal ! 
 
Gearrscannáin ó Bhord Scannán na hÉireann
Tá Oideas Gael tar éis socrú a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann le DVD de ghearrscannáin a chur ar fáil leis na scannáin seo ina measc: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon an Fhiaclóra, Lipservice, Tubberware, agus Yu Ming is Ainm Dom. Chun an diosca seo a fháil, téigh go dtí an Siopa Gaeilge ag Oideas Gael .
 
  
  Short films from the Irish Film Board and Oideas Gael
Oideas Gael has just made an agreement with the Irish Film Board to make available a DVD of short Irish language films including the following:  An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon na Fiaclóira, Lipservice, Tubberware, and Yu Ming is Ainm Dom.  To get this disk, go to the Irish Language Shop at Oideas Gael 
. 
.
Fógra maith as Gaeilge - Ól Barry's Tea!
Más maith leat fógra maith as Gaeilge a fheiceáil, téigh go
Barry's Tea. 
 
  A good commercial in Irish - Drink Barry's Tea!
If you'd like to see a good commercial in Irish, go to
Barry's Tea. 
 
WinGléacht: Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

É seo ó Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Mháire!

Tá leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil anois: WinGléacht. Tá na ceannfhocail go léir san fhoclóir agus nótaí gramadaí ag baint leo. Deireann ár gcairde go bhfuil sé ar fheabhas.  An-áisiúil é a bheith ar an ríomhaire agus gan iallach orainn a bheith ag cuardach leabhair chun an focal cuí a aimsiú!  Ach níl sé saor in aisce.  Tá sé ar fáil i siopaí Gaeilge agus gnáthphraghas de thimpeall €25.00 air.  Téigh go dtí WinGléacht Uí Dhónaill chun breis eolais a fháil. 
 
 
WinGléacht: Electronic version of Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

This comes to us from Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you, Máire!

An electronic version of Ó Dónaill's Irish-English Dictionary is now available: WinGléacht. All the headwords are available and the grammar related to them.  Our friends say this is excellent.  It's very convenient to be on the computer and not compelled to go searching through a book to find the right answer!  But it's not free.  It's available in Irish language shops with a typical price of about €25.00.  Go to WinGléacht Uí Dhónaill for more information. 
 

"Foghlaim Gaeilge in éineacht le Liam Ó Maonlaí"
Tá an clár iontach seo ar fáil ar líne saor in aisce anois ó Liam Ó Maonlaí agus an Irish Independent ag Foghlaim Gaeilge .  Go raibh maith agaibh, a chairde! 

Chun éisteacht lena cheol as Gaeilge agus Sacsbhéarla, téigh go dtí a leathanach myspace ag Liam Ó Maonlaí. 
 

  "Learn Irish with Liam Ó Maonlaí"
This wonderful program is now available on-line and for free from Liam Ó Maonlaí and the Irish Independent newspaper at Learn Irish .  Thank you, a chairde!

To listen to his music in Irish and English, go to his myspace page at Liam Ó Maonlaí.  
 

Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Tá sé seo istigh ó Shanti Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i mBÁC.  Buíochas libh, a chairde!

"Chonaic mé an nasc a leanas san Irish Times....  Tá ceachtanna Gaeilge ar shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir nuachta ó TG4.  I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.  Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil...  Ag deireadh gach ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge amháin).  Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."  Féach ar Má Nuad
  

  Irish language lessons on video, on line, and free from University of Ireland, Maynooth

This report is in from Shanti Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you both, a chairde!

"I saw the following link in this month's Irish Times.  There are Irish language lessons on the website of the University of Ireland, Maynooth, based on news programs from TG4.  In every lesson, there is a news report to watch and questions to answer about the report. The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of the story is written out (in Irish only). I think that you can make great use of this new resource in order to improve your Irish."  See Maynooth .  
 

Podchraoladh as Gaeilge ó iTunes!
Insíonn Liz Haren dúinn go bhfuil podchraoladh as Gaeilge ar fáil anois ó iTunes.  Chun a rogha a fheiceáil, féach ar Gaeilge ó iTunes

 

 

Podcasting in Irish from iTunes!
Liz Haren tells us that podcasting in the Irish language is now available from iTunes.  To see their selection, take a look at Gaeilge ó iTunes

 

Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! 
 

 

And don't forget our own broadcasting on YouTube! at Broadcasting By The Philo-Celtic Society ! 
 

Ranganna na Gaeilge ag Ollscoil Mhontana - Missoula
Tuairiscíonn Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula.  Chun eolas sa bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo .  Go raibh maith agat, a Thomáis! 

 
  The Irish Language at the University of Montana - Missoula
Tom Stock reports that three semesters of Irish language instruction are now available at the University of Montana - Missoula.  For more information, contact the University here .  Thanks, Tom! 

 
Gaeilge ar fud na hAstráile ar feadh na bliana!
Is í Elke Watson a tharraing ár n-aird ar an bhfíric go mbailíonn Cumann Gaeilge na hAstráile eolas ar ranganna na Gaeilge ar fud na hAstráile, agus go múineann siad ranganna freisin.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar Gaeilge ar fud na hAstráile.  Go raibh maith agat, a Elke!


 

 

Gaeilge throughout Australia all year long!
Elke Watson is the person who called our attention to the fact that Cumann Gaeilge na hAstráile collects information on Irish language classes throughout Australia, and that they teach classes also.  To get more information, see  Gaeilge ar fud na hAstráile.  Thank you, Elke! 

 

Léirmheas:  Féin-teagasc go hÉasca Péasca ar líne
Tá  a lán suíomhanna ar an idirlíon anois ag tabhairt cabhrach d'fhoghlaimeoirí.  Is ceann acu é Éasca Péasca.  Bíonn a dhéanmhas soiléir agus furasta a leanúint.  Bíonn a chomhaid fuaime glan agus so-chloiste.  Aon am nach n-oibríonn cnap "Seinn/Play," is féidir leat an comhad a íoslódáil chuig do ríomhaire chun é a chloisteáil ar aon chuma ar do thoil.  I mo bharúil féin, áfach, sílim go bhfuil an suíomh oiriúnach do mheánfhoghlaimeoirí agus daoine ag teacht ar ais chuig an teanga, ach nach bhfuil sé oiriúnach d'fhoghlaimeoirí den bhunleibhéal.  Leis sin ráite, sílim gur uirlis den scoth é.  Chun úsáid a bhaint as an suíomh seo, téigh go dtí Éasca Péasca. 
 

 

Review:  Easy Peasy Self-Teaching on-line
There are lots of websites now on the internet giving help to beginners.  Éasca Péasca ('Easy Peasy') is one of them.  Its structure is completely clear and easy to follow.  Its sound files are clean and easy to hear.  Any time that a "Play" button doesn't work, you can download the file to your computer to hear it anyway whenever you want.   In my own opinion, however, I think that the site is suitable for intermediate learners and people who are coming back to the language, but it is not suitable for learners who are at the beginning level.  With that said, I think that this is an excellent tool.  To use this website, go to   Éasca Péasca. 
 

 

Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair gach lá d'athbheochan domhanda na Gaeilge!

Fógraí do AN GAEL-BREISE!

Má's maith leat fógraí faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach inár gcomhphobal ar líne ANSEO agus inis dúinn fúthu.  Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú donár bhfoireann bheag.  Mar sin, le do thoil, scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair dúinn do nuachta ar aon chuma! 

Ní neart go cur le chéile!

Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
 

  The Philo-Celtic Society Society
Working daily for the worldwide Irish language renaissance!

Announcements for AN GAEL-EXTRA!

If you want to send us announcements about your Irish language events for publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line community HERE and tell us about hem.  As you can see, there's already too much to translate for our little team.  Therefore, please do write to us in Irish with English translation if you're able.  If not, give us your Irish
language news anyway!

Ní neart go cur le chéile!

What other news from South America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
 

 

Focal ó An Gael

Mura bhfuil an Ghaeilge maith go leor do Aer Lingus, an bhfuil tusa maith go leor do Aer Lingus?

Tuairiscíonn ár mBall Meithle Daithí Mac Lochlainn (agus a lán eile) dúinn go bhfuil Aer Lingus ag diúltú feidhm a  bhaint as an nGaeilge ar a mbealach nua ó Londain go Béal Feirste.  Mura bhfuil an Ghaeilge maith go leor do Bhéal Feirste, an bhfuil sí maith go leor do Bhaile Átha Cliath?  Agus mura bhfuil an Ghaeilge maith go leor dóibh, an bhfuil sliocht Éireannach ar fud na cruinne maith go leor mar chustaiméirí don chomhlacht seo?  B'fhéidir nach bhfuilimid uasal go leor dóibh.  Cad a smaoiníonn tusa? 

Is féidir leat an achainí a shíniú ag Gaeilge ar Aer Lingus, nó ceannaigh scair nó dó agus inis dóibh go díreach cad a smaoiníonn tú ag 

Aer Lingus Investor Relations
Fón: +353 1 886 3038
Fachs: +353-1-886-3851
Ríomhphost:   investor.relations@aerlingus.com
Aird:  John Sharman, Cathaoirleach 

 

 

A Word from An Gael

If the Irish Language isn't good enough for Aer Lingus, are you good enough for Aer Lingus?

Our Meitheal Member Daithí Mac Lochlainn (and many others) report to us that Ireland's national airline, Aer Lingus, is refusing to use the Irish language on their new London to Belfast route.  If Irish isn't good enough for Aer Lingus in Belfast, is it good enough for Aer Lingus in Dublin?  And if the Irish language isn't good enough for Aer Lingus, are Irish people and people of Irish descent around the world good enough to be customers of this company?  Maybe we're just not up to their standards.  What do you think? 

You can sign the petition at The Irish Language on Aer Lingus, or buy a share or two and tell them directly what you think at 

Aer Lingus Investor Relations
Phone: +353 1 886 3038
Fax: +353-1-886-3851
Email:   investor.relations@aerlingus.com
Attention:  John Sharman, Chairman   

 

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan Éireannach.
Gan Éireannach, gan Éire.
                                  - An Gael
 
 

 

 

Triad
Without the Irish language, nothing Gaelic.
Without anything Gaelic, nothing Irish.
Without anything Irish, no Ireland.
                                                   - An Gael
 

 

CUIDITHEOIRÍ AN EAGRÁIN SEO

Eagarthóirí:  Séamas Ó Neachtain i Nua-Eabhrac, Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Máire Mhic an Phríora agus Éadaoin Nic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, Éamon Jeffers i Londain, agus Gearóid Ó Ceallaigh i Nua-Eabhrac.

Breis-scríbhneoireacht as Gaeilge:  Colin Ryan i Melbourne, Daithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn, Aralt Mac Giolla Chainnigh i nOntario, Máiréad Perron ar Oileán Fada, Shanti Hofshi i San Diego, Elaine Ní Bhraonáin i Nua-Eabhrac, Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Marcus Metz in Königswinter,  an Ghearmáin, Éamon Jeffers i Londain, Félim Borland ar an liosta ar líne Gaeilge-A, agus Gearóid Ó Ceallaigh i Nua-Eabhrac. 

Buíochas sa bhreis do Mháirín Grace-Miller i Vancouver, Elke Watson i Sydney, Patricia Page in San Diego, Cóilín Owens in Washington D.C., Tomás Stock i Montana, Kester Dyer in Montréal, Anne Solari i Nua-Eabhrac, Sue Kocsis i gCalifornia, agus Liz Haren in Arizona. 

Fáiscín-ealaín:  Aon Celtic Art & Illumination agus Fotosearch.    
 

 

THIS ISSUE'S CONTRIBUTORS

Editors:  Séamas Ó Neachtain in New York, Gearóid Ó hAnnaidh i Luxemburg, Máire Mhic an Phríora and Éadaoin Nic an Phríora in Baile Átha Cliath, Muiris Mag Ualghairg in Wales, Éamon Jeffers in London, England,  and Gearóid Ó Ceallaigh in New York. 

Additional writing in Irish:  Colin Ryan in Melbourne, Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn, Aralt Mac Giolla Chainnigh in Ontario, Máiréad Perron on Long Island, Shanti Hofshi in San Diego, Elaine Ní Bhraonáin in New York, Gearóid Ó hAnnaidh in Luxemburg, Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath, Marcus Metz in Königswinter, Germany, Éamon Jeffers in London, Félim Borland on the on-line list Gaeilge-A, and Gearóid Ó Ceallaigh in New York. 

Additional thanks to Máirín Grace-Miller in Vancouver, Elke Watson in Sydney, Patricia Page in San Diego, Cóilín Owens in Washington D.C., Tomás Stock in Montana, Kester Dyer in Montréal, Anne Solari in New York, Sue Kocsis in California, and Liz Haren in Arizona. 

Clip art by:  Aon Celtic Art & Illumination and Fotosearch.   
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004