AS GAEILGE AMHÁIN! |
|
IN
IRISH ONLY! |
An
t-úrscéal Cogadh Dearg le Séamas Ó Neachtain
ar fáil anois ag Coiscéim
Achoimre. Thug an Gorta Mór ar Sheán Ó
Ceallaigh teacht go Meiriceá. Anois is saighdiúir é
in arm an Aontais agus an cogadh cathartha faoi
lánseoil. Troideann sé féin, a chara Willy Keane,
agus a chomrádaithe eile i gcathanna deacracha
fuilteacha, Gettysburg san áireamh. Is
iomaí duine nach bhfilleann ó mhachaire an áir agus
cinniúint na Stát Aontaithe á socrú.
Tugann Seán cuntas beo ar na heachtraí seo agus iad
ar siúl.
Nuair a thagann deireadh le tréimhse Sheáin san arm,
nil deireadh lena chuid fadhbanna. Maireann sé tri
bhlianta guagacha ina bheatha féin agus i stair na
Stát Aontaithe, agus trí athruithe móra ar shaol na
nGael-Mheiriceánach.
Ach ní dhéantar dearmad ar chúrsaí corracha na
hÉireann, ó fheachtais na bhFíníní go hÉirí Amach
1916. Scéal duine amháin agus a chairde a insítear
anseo, ach is scéal pobail freisin é agus scéal
tíre. Stair eipiceach a ríomhtar san úrscéal seo,
ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach, ó Réabhlóid
amháin go réabhlóid eile.
An t-Údar. Rugadh agus togadh Séamas Ó
Neachtain i Meiriceá. Tá leabhar leis foilsithe,
agus bíonn saothar leis ar Comhar, Feasta, Lá Nua
agus an National Hibernian Digest. Tá dlúthdhiosca
ceoil curtha amach aige freisin. Is ball gníomhach
de Chumann Carad na Gaeilge é, agus múinteoir
Gaeilge ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBablón,
Inis Fada, Nua-Eabhrac. Tá Cogadh Dearg
bunaithe ar shaol a shinsir William H. Keane.
Chun cóip den úrscéal seo a fháil, téigh go dtí Cogadh
Dearg ag Coiscéim.
|
|

William H. Keane |
 |
|
 |
An
bhfaca tú é seo? |
|
Did you
see this? |
Cuimhneacháin ar Nollaig Ó Gadhra i Nua Eabhrach
ar 16ú Samhain 2008

Údar Gaelach, tuairisceoir,
taighdeoir, léachtóir, agus iar-Uachtarán
Chonradh na Gaeilge ab ea Nollaig Ó Gadhra a
d'éag le gairid. Beidh lón chuimhneacháin
ina onóir ar 11 r.n. Dé Domhnaigh, 16 Samhain,
in Ó Lunney's i gCearnóg an Ama i Nua-Eabhrach
ag 145 Sráid 45 Thiar – díreach soir ón
tSlíleathan.
Is iad Cairde na Teanga atá ag cur an teacht le
chéile so ar fáil agus tá sé ath-ainmnithe Lón
Nollag Uí Ghadhra ina onóir. Is é fear an tí
Séamas Ó Neachtain ó Chumann Carad na Gaeilge.
Bronnfar Duais Eoghain Uí Ghramhna don té atá
gníomhach ag craobhscaoileadh na Teanga ar
Mháire Holtaig Bean Uí Mhórdha ó Chonartha na
Gaeilge an Bhronx as leath chéad bliain ag obair
ar son na Teanga. Beidh aoi faoi leith,
baintreach Nollag, Máirín Uí Ghadhra in éineacht
linn chomh maith agus a hiníon agus a cliamhain.
Breis...
|
|
Nollaig Ó Gadhra To Be
Remembered in New York November 16, 2008

Irish author, commentator, researcher, lecturer, and past
President of Conradh na Gaeilge (the Gaelic League), the
late Nollaig Ó Gadhra, will be remembered at a luncheon
in his honor at 11 AM on Sunday, November 16th at
O’Lunney’s Times Square Pub in New York City at 145 West
45th Street – just east of Broadway.
The event,
sponsored by Friends of the Irish
Language, has been re-named Lón Nollag Uí Ghadhra in
his honor. The Master of Ceremonies will be Séamas Ó Neachtain of
The Philo-Celtic
Society. The Eoghan O’Growney Award for the support and
propagation of the Irish language will be presented to
Mary Holt Moore of the Bronx Gaelic League, in
recognition of more than half-a-century of such work.
The special guest for this occasion will be Máirín Bean
Uí Ghadhra, Nollaig’s widow, who will be attending with
her daughter and son-in-law.
More...
|
Achainí chuig UNESCO faoi Theamhair
 
Tá achainí chuig UNESCO
ann anois faoi Theamhair agus a milleadh. Téigh go dtí
Teamhair chun í a fheiceáil.
|
|
Petition to UNESCO about Tara
 
There's now a petition to
UNESCO about Tara and its destruction. Go to
Teamhair to see it.
|

Ollscoil Arizona
- Saineolaí i dTeagasc - Clár Teangacha Criticiúla -
Gaeilge
Is mian le Clár Teangacha Criticiúla, Ollscoil Arizona,
teagascóir Gaeilge a fhostú don téarma ag tosú in Eanair
2009. Bheadh an t-iarrathóir is fearr ina c(h)ainteoir
líofa ó dhúchas agus céim triú leibhéil aige/aici.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil
go láithreach le Shirley McDowell, Comhordaitheoir
Cláir, ag mcdowels@email.arizona.edu .
|
|

University of Arizona - Instructional
Specialist - Critical Languages Program - Irish
The Critical Languages Program of the University of
Arizona is looking to hire an Irish language instructor
for the term beginning in January 2009. The best
applicant would be a fluent native speaker with a third
level degree. For additional information, you should
immediately contact Shirley McDowell, Program
Coordinator, at mcdowels@email.arizona.edu .
|
Ar fáil anois:
Filíocht Ghrá na Gaeilge
Eagartha le Ciarán Mac Murchaidh
Praghas: €20 (bog); €30 (crua)

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na
filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an
nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar
phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach
gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo -
meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an
ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá
gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.
Breis...
|
|
Now available:
Love Poems in Irish
Edited by Ciarán Mac Murchaidh
Price: €20 (soft); €30 (hard)

This is a
comprehensive anthology which tracks the tradition
of love poetry in Irish from the earliest to
modern times. Here is insight into the passion and power
of love. Every
aspect of love is discussed in these poems and songs
- the heady rush of first love; love's fun
and levity; sorrow
and heartbreak; unrequited
love; and the thin line between love and hate.
More...
|
Suíomh Nua:
Iora Rua

Tháinig sé seo isteach ónár gcairde ag Iora Rua,
ár mball Elke Watson ina measc. Go raibh
maith agaibh, a chairde!
Seo chugat láithreán gréasáin
nua:
www.iorarua.com.
Tá an togra seo á fhorbairt ag díograiseoirí
agus foghlaimeoirí Gaeilge. Is suíomh uathúil é
a chuireann síos ar ranganna/scoileanna agus
acmhainní timpeall an domhain. Ina theannta
sin, cuireann sé béim ar úsáid na Gaeilge le
hailt faoin chócaireacht agus gníomhaíochtaí
eile dá leithéid.
Breis...
|
|
A New Website: Red Squirrel
l
This came in from our friends at Iora Rua, including
our member Elke Watson. Go raibh maith agaibh,
a chairde!
A new website has been built: www.iorarua.com. This
initiative has been put together by Irish language
enthusiasts and learners. It is a unique site that
aims to show classes and events around the world as
well as resources. It also emphasizes the use of
the language with a cooking section and other
activities.
More...
|
Suíomh Nua ag
www.litriocht.com
 
Tá
na daoine ag
www.litriocht.com díreach tar éis a
suíomh a athdhearadh.
Ta sé
níos éasca leabhair a
aimsiú ag baint úsáide as a gcuardach téacs
tuarthach trí aon chuid den teideal.
Tá sé níos éasca leabhair a mholadh do
dhaoine eile. Agus
tá an suíomh go hiomlán dátheangach
anois.
Is féidir na leabhair ar fad a cheannach
díreach tríd an idirlíon, sa phost, le r-phost, ar
an nguthán nó le facs.
|
|
New Website at
www.litriocht.com

The people at
www.litriocht.com
have just finished fully re-designing their
website.
It is now easier to find books you are looking
for by using the predictive text
searching feature and any part of the book's
title. It's easier to recommend books to
others. And the site is now fully
bi-lingual in Irish and English. All books can
be purchased directly via the internet, by post,
by email, by phone or by fax.
|
Cluichí do "Progress
In Irish"
Chuir ár mball Máire
Mhic an Phríora chugainn an nóta
seo: "Tá dhá shuíomh agam anois:
Cluichí 1
le haghaidh PII ceachtanna 1-15;
agus
Cluichí 2
le haghaidh PII 16-30."
Chruthaigh Máire í féin na cluichí
seo. Go raibh míle maith agat, a
Mháire!
|
|
Games for
"Progress In Irish"
Our member Máire Mhic an
Phríora sent this note to us: "I now have
two websites:
Cluichí 1
for PII lessons 1-15; and
Cluichí 2
for PII lessons 16-30. Go ahead and play!"
Máire created these
games herself. Go raibh míle maith agat, a
Mháire!
|
Fáilte roimh ár
mbaill nua!

Fáilte roimh Bearach
Parsons in St. Louis, Missouri, a tháinig isteach mar Bhall Idirnáisiúnta
inár gCumann i mí Dheireadh Fómhair. Chun
breis a fhoghlaim faoinár mballraíocht, téigh go dtí
Ballraíocht i gCumann Carad na
Gaeilge.
|
|
Welcome to our new
members!

Welcome to Barry Parsons of St. Louis, Missouri, who joined our
Society as an International
Member in the month of October. To learn more
about our membership, go to
Membership in The Philo-Celtic Society.
|
 |
|
 |
Am fós má bhrostaíonn tú! |
|
Still
time if you hurry! |
Cearta
Teanga do Ghaeilgeoirí !!!
|
|
Language
Rights for Irish Speakers !!!
|
Scoil
Chumann Carad na Gaeilge - Téarma Fómhair

Thosaigh téarma nua
de ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce 1 Meán Fómhair 2008 ag Scoil Chumann Carad na Gaeilge.
Tá ocht rang ag an gCumann an téarma seo: 4 ag an mbun-leibhéal, 3 mheánrang,
agus ard-cheardlann. Tá breis agus 700
scoláire timpeall an domhain sa scoil seo. Chun clárú,
nó má's maith leat fáil amach faoi mhúineadh mar
dheonaí, téigh go
Scoil Chumann Carad na Gaeilge agus buail ar
"Join This Group." Tá fáilte roimh chách.
|
|
The Philo-Celtic Society School - Fall
Term

The Philo-Celtic Society
School's new term of free, on-line, Irish language
classes started September 1, 2008. The Society has
eight
classes this term: four at the beginning level, three
intermediate classes, and an advanced workshops.
There are over 700
students around the world in this school. To register,
or if you'd like to find out about teaching as a
volunteer, go to
The Philo-Celtic Society School and hit "Join
This Group." All are welcome.
|
 |
|
 |
Samhain |
|
November |
Ceolchoirm le Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar 7
Samhain 2008 in Ollscoil Nua-Eabhraic

Beidh ceolchoirm le Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag Áras
Glucksman na hÉireann, Ollscoil Nua-Eabhraic, ar an
Aoine, an 7ú lá de mhí na Samhna ar 7:00 i.n.
Tá clú ar Sheosaimhín mar amhránaí sean-nóis agus bhí sí
ina ball den ghrúpa traidisiúnta Macalla sna h-ochtaidí.
Rugadh agus tógadh í i gCorca Dhuibhne i nGaeltacht
Chiarraí agus tá clú agus cáil ar chlann Uí Bheaglaoich
uilig mar cheoltóirí traidisiúnta agus amhránaithe.
Chun ticéadaí a chur in áirithe, cuir glao ar
212-998-3950 (rogha 3) nó cuir r-phost go
ireland.house@nyu.edu.
|
|
A Concert by Seosaimhín Ní Bheaglaoich on 7
November 2008 at New York University

Seosaimhín Ní Bheaglaoich will have a concert at
Glucksman Ireland House, New York University, on
Friday, the 7th of November, at 7:00PM.
Seosaimhín is renowned as a sean-nós singer and she was
a member of the traditional group Macalla in the
Eighties. She was born and raised in Corca Dhuibhne in
the Kerry Gaeltacht where all the Clann Uí Bheaglaoich
are famed as traditional musicians and singers.
To reserve tickets, call 212-998-3950 (option 3) or send
an email to ireland.house@nyu.edu.
|
Deireadh
Seachtaine Gaeilge, Daltaí na Gaeilge,
7 - 9 Samhain 2008

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge a
nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 7ú - 9ú de Shamhain 2008,
in Jamison, Coill Phenn. Is féidir leat clarú agus
íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na
daoine atá cláraithe roimh an 17ú de Dheireadh Fómhair
(tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an
Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo:
Eachtraí ag Daltaí.
|
|
Irish Language
Weekend, Daltaí na Gaeilge,
7 - 9 November 2008

Daltaí na Gaeilge will hold their
Irish Language Immersion Weekend, November 7th - 9th,
2008 in Jamison, Pennsylvania. Online registration and
payment are available. Attendees who register by October
17th (either by mail or online) will receive a $10
discount.
General Information, Directions
and a Registration Form are available through this link:
Events at Daltaí.
|

Deireadh Seachtaine
Tumoideachais ag Comhrá sna Sléibhte Laurentian
(Ceanada) 7 - 9 Samhain 2008
Beidh deireadh seachtaine tumoideachais ag Comhrá (ciorcal
staidéir na Gaeilge i Montréal) 7, 8, agus 9 Samhain sna
Sléibhte Laurentian. Beidh an file cáiliúil Louis de
Paor i láthair. Is é Stiúrthóir don Ionad an Léinn
Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é freisin.
Chun eolas sa bhreis a fháil, téigh go dtí
Comhrá.
|
|

Comhrá Immersion Weekend in
the Laurentian Mountains (Canada) November 7 - 9, 2008
Comhrá (the Montréal Irish Language Study Circle)
will have an immersion weekend the 7, 8, and 9th of
November in the Laurentian Mountains. The famous poet
Louis de Paor will be in attendance. He is also
Director of the Center for Irish Studies, National
University of Ireland, Galway. To get more information,
go to Comhrá.
|
 |
|
 |
Nollaig |
|
December |

Ceardlann na Gaeilge in Phoenix, Arizona, 5-7
Nollaig 2008
Beidh ceardlann Ghaeilge
ag Walter agus Maureen Stock i Lárionad Chultúr na
hÉireann in Phoenix, Arizona ó 7:00 i.n. Dé hAoine go
dtí 4:30 i.n. Dé Domhnaigh, 5-7 Nollaig 2008. Praghas:
$110 nó $100 má chláraíonn tú roimh 15 Samhain. Praghas
do lá amháin: $65. Chun clárú nó chun breis eolais a
fháil, téigh i dteagmháil le Vicki Champion ag (623)
680-1711 nó kelticwish7@yahoo.com.
|
|

Ceardlann na Gaeilge in Phoenix, Arizona, 5-7
Nollaig 2008
Walter Stock and Maureen
Stock will have an Irish language workshop at The Irish
Cultural Center in Phoenix, Arizona from 7:00 PM Friday
to 4:30 PM Sunday, 5-7 December 2008. Price: $110
or $100 if you register before November 15. The price
for one day is $65. To register or to obtain more
information, contact Vicki Champion at (623) 680-1711 or
kelticwish7@yahoo.com.
|
 |
|
 |
Eanáir |
|
January |
Ranganna
Gaeilge in
Ollscoil Dhún Éideann
Ag Tosú 12 Eanáir 2009

Beidh téarma nua de
ranganna Gaeilge ag
tosú 12 Eanáir 2009 in Ollscoil Dhún Éideann
mar chuid den 'Lifelong Learning Program' s'acu.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach téigh
chuig:
Gaeilge ag Ollscoil Dhún
Éideann.
|
|
Irish
Language Classes at
the University of Edinburgh Starting 12 January 2009

A new term of Irish
language classes will be starting
January 12, 2009
at the University of Edinburgh as part of
their Lifelong Learning Program. Additional
information is available by going to
Gaeilge at the
University of Edinburgh.
|
Ranganna
Gaeilge ag
Queens College, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic
(CUNY)
Beidh téarma nua de
ranganna Gaeilge ag
tosú 29
Eanáir 2009 in Queens
College, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic (CUNY).
Beidh an Fullbright Scholar Eimear Ní Cheallaigh
ina múinteoir don rang seo. Chun breis eolais a
fháil, coimeád do shúil ar
www.irishamericanstudies.com nó téigh i dteagmháil le Clare Carroll ag
clare.carroll@qc.edu.
|
|
Irish Language Classes at
Queens College,
City University of New York
(CUNY)
A new term of Irish language classes will begin
29 January 2009 at Queens
College, City University of New York (CUNY).
The Fullbright Scholar Eimear Ní Cheallaigh
will be the teacher for the class. For
more information, keep you eye on
www.irishamericanstudies.com or
contact Clare Carroll ag
clare.carroll@qc.edu.
|
 |
|
 |
Ar Feadh
na Bliana |
|
Year
Round |
An Iris
Idirnáisiúnta "An Lúibín" as an Astráil
Tá iris
idirnáisiúnta á cur amach saor in aisce le roinnt
mhaith blianta anois
le Colin Ryan san Astráil. Gaeilgeoir as Melbourne
na hAstráile is ea é, agus foilsítear a scéalta agus
ábhar eile sna hirisí Gaeilge. Creideann sé gur teanga
idirnáisiúnta í an Ghaeilge, agus mar bheart de réir
a bhriathair, foilsíonn sé "An Lúibín"
freisin.
Pléitear cúrsaí teanga agus cultúir san iris,
agus ní dhéantar faillí i gcúrsaí an domhain trí
chéile. Dá mba
mhaith leat triall a bhaint as "An Lúibín,"
cuir r-phost chuig
Colin ag
ColinG.Ryan@ato.gov.au
.
|
|
The
international magazine "An Lúibín" from Australia
An international magazine has been published for
free for a good number of years now by Colin Ryan in
Australia. He's an Irish speaker from
Melbourne, Australia, and his stories and more are
published in the Irish language magazines. He
believes that Irish is an international language,
and as proof of his word, he also publishes "An
Lúibín." Language and culture are discussed in
the magazine, and the
world's affairs are not ignored either. If
you'd like to try "An Lúibín," send an email to
Colin at
ColinG.Ryan@ato.gov.au
.
|

Foram Nua do
Fhoghlaimeoirí ag TALKIRISH!
Tá foram nua, tír ar
thír, do fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fáil
anseo. Go raibh maith agaibh, a
chairde ag
www.talkirish.com !
|
|
A New Forum for
Learners at TALKIRISH!
There's a new forum,
country by country, for Irish language learners
here. Go raibh maith agaibh, a chairde
ag
www.talkirish.com !
|
Teagasc Dátheangach ar an Idirlíon ag an Ionad Buail
Isteach!
Sheol Seán Mac Suibhne
faisnéis faoi seo chuig an liosta Gaeilge-A.
Go raibh míle maith agat, a Sheáin!
Is féidir leat teagasc
dátheangach a fháil ar fhíschraoltaí ag
An tIonad Buail
Isteach mar seo a leanas:
Gaeilge - Pólainnis
Gaeilge - Spáinnis
Gaeilge - Rúisis
Gaeilge - Sínis
Nach smaoineamh iontach é seo?
Bain sult as!
|
|
Bilingual
Instruction on the Internet at An tIonad Buail
Isteach!
Seán Mac Suibhne sent
information about this to the Gaeilge-A list.
Go raibh míle maith agat, a Sheáin!
You can get bilingual instruction
on videocasts at
An tIonad Buail
Isteach as follows:
Irish-Polish
Irish-Spanish
Irish-Russian
Irish-Chinese
Isn't this a great idea?
Enjoy!
|
Daoine
Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge

Scéala tábhachtach istigh
ónár gcairde i gConradh na Gaeilge is ea é seo.
"Níor fhreagair ach 2% de na daoine óga a ghlac
páirt i gceardlanna cumasú Chonradh na Gaeilge
an choicís seo caite go bhfógraíonn ranna agus
comhlachtaí poiblí na seirbhísí Gaeilge atá ar
fáil acu minic a dhóthain.
Dúirt 81% go lorgóidís seirbhís trí
Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i
gcónaí amach anseo tar éis páirt a ghlacadh i
gceardlanna an Chonartha.
Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis
go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge
agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a
léiriú. Má tá aon fhadhb agus seirbhís Gaeilge á
lorg agat, is féidir an Conradh a chur ar an
eolas trí ríomhphost a chur chuig
glacleis@cnag.ie nó trí ghlaoch ar an
Ard-Oifig ar 01 4757401 agus déanfaidh an
fhoireann gach iarracht an scéal a chur ina
cheart." Chun eolas sa bhreis a fháil, téigh go
dtí
Daoine Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge.
|
|
Young People Want
Services In Irish

This is important
news in from our friends at Conradh na Gaeilge.
"Only 2% of the young people surveyed as part of
Conradh na Gaeilge’s educational workshops a
fortnight ago believe public bodies and
departments advertise the services they provide
in Irish enough. 81% also said that after
participating in the Conradh’s workshops, they
would sometimes, often, very often or always
request services through Irish in future.
Conradh na Gaeilge is advising people to assume
that every service is available through Irish
and to illustrate the demand for services in
Irish. If you have any problem getting services
through Irish, you can inform the Conradh by
sending an email to
glacleis@cnag.ie or by calling the head
office on 01 4757401 and staff will do all they
can to resolve the situation." For more
information, go to
Young People Want Services In Irish.
|

An Pota Focal -
foclóir nua saor in aisce ar líne
Tá foclóir nua saor in aisce ar líne cruthaithe
ag Ivanka Varguličová agus Michal Boleslav Měchura.
Soláthraíonn an foclóir seo cuardach tapa agus cuardach
casta ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge,
liostaí aibítreacha, liostaí de réir ábhair, agus liosta
minicíochta. Chun áis a bhaint as,
téigh go
www.potafocal.com , agus comhghairdeachas libh a
Ivanka agus a Mhichal ! |
|

An Pota Focal - a
new, free, on-line dictionary
There's a new, free, on-line dictionary created
by Ivanka Varguličová and Michal Boleslav Měchura. This
dictionary provides a quick search and an advanced
search from Irish to English and English to Irish,
alphabetical lists, lists by subject, and a frequency
list. To use this, go to
www.potafocal.com ,
and congratulations to you both, Ivanka and Michal
! |
Gearrscannáin ó
Bhord Scannán na hÉireann
Tá Oideas Gael tar éis socrú a
dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann le DVD de
ghearrscannáin a chur ar fáil leis na scannáin seo ina
measc: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir,
Filleann an Feall, Iníon an Fhiaclóra, Lipservice,
Tubberware, agus Yu Ming is Ainm Dom. Chun an diosca seo
a fháil, téigh go dtí an Siopa
Gaeilge ag Oideas Gael .

|
|
Short films
from the Irish Film Board and Oideas Gael
Oideas Gael has just made an
agreement with the Irish Film Board to make available a
DVD of short Irish language films including the
following: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa
Spéir, Filleann an Feall, Iníon na Fiaclóira, Lipservice,
Tubberware, and Yu Ming is Ainm Dom. To get this
disk, go to the
Irish Language Shop at Oideas Gael .

|
Fógra maith as
Gaeilge - Ól Barry's Tea!
Más maith leat fógra maith as
Gaeilge a fheiceáil, téigh go
Barry's Tea.
|
|
A good
commercial in Irish - Drink Barry's Tea!
If you'd like to see a good
commercial in Irish, go to
Barry's Tea.
|

Téacs-go-hUrlabhra
Ríomhairithe ag Coláiste na Trionóide:
www.abair.ie
Is féidir leat Gaeilge a
scríobh sa bhosca
anseo
agus déarfaidh do ríomhaire é le blas Gaeilge Uladh
mar bhean as Gaoth Dobhair. Nó is féidir leat
feidhm a bhaint as an sintéiseoir seo chun éisteacht
le téacs ar shuíomhanna idirlín Gaeilge. Tá an
tionscadal seo á stiúradh ag an Ollamh Ailbhe Ní
Chasaide agus a foireann iontach den tSaotharlann
Foghraíochta agus Urlabhra atá mar chuid d'Ionad an
Léinn Teangacha agus Chumarsáide i Scoil na
nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus
Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha
Cliath.
|
|
Computerized
Text-to-Speech at
Trinity College:
www.abair.ie
You can type Irish into
the box here
and your computer will speak it with an Ulster Irish
accent like a woman from Gaoth Dobhair. Or you
can use this synthesizer to listen to text on Irish
language websites. This project is being
steered by Professor Ailbhe Ní Chasaide and her
wonderful team from the Phonetics and Speech
Laboratory which is part of the Centre for Language
and Communications Studies in the School of
Linguistic, Speech, and Communication Sciences,
Trinity College, Baile Átha Cliath.

|
WinGléacht:
Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí
Dhónaill
É seo ó
Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.
Go raibh maith agat, a Mháire!
Tá leagan leictreonach
de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil
anois: WinGléacht. Tá na ceannfhocail go léir san
fhoclóir agus nótaí gramadaí ag baint leo. Deireann
ár gcairde go bhfuil sé ar fheabhas. An-áisiúil é
a bheith ar an ríomhaire agus gan iallach orainn a
bheith ag cuardach
leabhair chun an focal cuí a aimsiú! Ach níl sé saor in aisce. Tá sé ar fáil
i siopaí Gaeilge agus gnáthphraghas de thimpeall
€25.00 air. Téigh go dtí
WinGléacht Uí Dhónaill chun breis eolais a fháil.
|
|
WinGléacht:
Electronic version of Foclóir Gaeilge-Béarla Uí
Dhónaill
This comes to us from Máire
Mhic an Phríora in Dublin. Thank you, Máire!
An electronic version of
Ó Dónaill's Irish-English Dictionary is now
available: WinGléacht. All the headwords are
available and the grammar related to them. Our
friends say this is excellent. It's very
convenient
to be on the computer and not compelled to go
searching through a
book to find the right answer! But it's not free. It's available
in Irish language shops with a typical price of
about €25.00. Go to
WinGléacht Uí Dhónaill for more information.
|
"Foghlaim Gaeilge in éineacht le Liam Ó Maonlaí"
Tá an clár iontach seo ar fáil ar líne saor in
aisce anois ó Liam Ó Maonlaí agus an Irish Independent
ag
Foghlaim Gaeilge . Go raibh maith agaibh,
a chairde!
Chun éisteacht lena cheol as Gaeilge agus Sacsbhéarla,
téigh go dtí a leathanach myspace ag
Liam
Ó Maonlaí.
|
|
"Learn Irish with Liam Ó Maonlaí"
This wonderful program is now available on-line
and for free from Liam Ó Maonlaí and the Irish
Independent newspaper at
Learn Irish . Thank you, a chairde!
To listen to his music in
Irish and English, go to his myspace page at
Liam
Ó Maonlaí.
|
Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce
ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Tá sé seo istigh ó Shanti
Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i
mBÁC. Buíochas libh, a
chairde!
"Chonaic mé an nasc a
leanas san Irish Times.... Tá ceachtanna Gaeilge ar
shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir
nuachta ó TG4. I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le
feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.
Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil... Ag deireadh gach
ceachta bíonn téacs an scéil... (i nGaeilge
amháin). Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as
an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."
Féach ar
Má
Nuad .
|
|
Irish
language lessons on video, on line, and free from
University of Ireland, Maynooth
This report is in from Shanti
Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin. Thank you
both, a chairde!
"I saw the following link in this month's Irish Times. There are Irish
language lessons on
the website of the University of Ireland, Maynooth, based on
news programs from TG4. In every lesson, there is
a news report to watch and questions to answer about the report.
The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of
the story is written out (in Irish only). I think that you
can make great use of this new resource in order to improve your
Irish." See
Maynooth .
|
Podchraoladh as Gaeilge ó iTunes!
Insíonn Liz Haren dúinn go bhfuil podchraoladh
as Gaeilge ar fáil anois ó iTunes. Chun a rogha a
fheiceáil, féach ar
Gaeilge ó iTunes .
|
|
Podcasting in Irish from iTunes!
Liz Haren tells us that podcasting in the Irish
language is now available from iTunes. To see
their selection, take a look at
Gaeilge ó iTunes .
|
Fuair Tom Hollingsworth,
ceann desnár mbaill, na ceachtanna seo ar YouTube! agus
d'inis sé dúinn fúthu. Feictear go bhfuil siad
an-fheidhmiúil. Go raibh maith agat, a Thomáis!

Ceachtanna ar YouTube!
|
|
Tom Hollingsworth, one of
our members, found these lessons on YouTube! and told us
about them. It looks like they're very effective.
Go raibh maith agat, a Thomáis!

Irish Lessons on YouTube!
|
Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag
Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge !
|
|
And don't forget our own broadcasting on
YouTube! at
Broadcasting By The Philo-Celtic Society
!
|

Gaeilge i
Manchain, Sasana!
Tá ranganna, ciorcail
chomhrá, Club Cuideachta, agus gníomhaíochtaí eile
le fáil in Manchester ag the
Manchester Irish
Language Group. Maith sibh, a chairde!
|
|

Gaeilge in
Manchester, England!
Classes, conversation
circles, Club Cuideachta, and other activities are
to be found in Manchester at the
Manchester Irish
Language Group. Maith sibh, a chairde!
|
|
|

Coiscéim's New Catalogue!
|
Gaeilge ar
fud na hAstráile ar feadh na bliana!
Is í ár mball Elke Watson a tharraing ár n-aird ar an bhfíric
go mbailíonn Cumann Gaeilge na hAstráile eolas ar
ranganna na Gaeilge ar fud na hAstráile, agus go
múineann siad ranganna freisin. Chun tuilleadh
faisnéise a fháil, féach ar
Gaeilge ar fud na hAstráile. Go raibh
maith agat, a Elke!

|
|

Gaeilge
throughout Australia all year long!
Our member Elke Watson is the person who called our attention
to the fact that Cumann Gaeilge na hAstráile collects
information on Irish language classes throughout
Australia, and that they teach classes also. To
get more information, see
Gaeilge ar fud na hAstráile. Thank you,
Elke! |
Léirmheas: Féin-teagasc go hÉasca Péasca ar líne
Tá a
lán suíomhanna ar an idirlíon anois ag tabhairt cabhrach d'fhoghlaimeoirí.
Is ceann acu é Éasca Péasca. Bíonn a
dhéanmhas soiléir agus furasta a leanúint. Bíonn a
chomhaid fuaime glan agus so-chloiste. Aon am nach
n-oibríonn cnap "Seinn/Play," is féidir leat an comhad a
íoslódáil chuig do ríomhaire chun é a chloisteáil ar aon
chuma ar do thoil. I mo bharúil féin, áfach, sílim go bhfuil an suíomh oiriúnach do
mheánfhoghlaimeoirí agus daoine ag teacht ar ais chuig
an teanga, ach nach bhfuil sé oiriúnach d'fhoghlaimeoirí den
bhunleibhéal. Leis sin ráite, sílim gur uirlis den
scoth é. Chun úsáid a bhaint as an suíomh seo, téigh
go dtí
Éasca Péasca.
|
|
Review: Easy Peasy Self-Teaching on-line
There are lots of
websites now on the internet giving help to beginners.
Éasca Péasca ('Easy Peasy') is one of them. Its
structure is completely clear and easy to follow. Its sound
files are clean and easy to hear. Any time that a
"Play" button doesn't work, you can download the file to
your computer to hear it anyway whenever you want. In
my own opinion,
however, I think that the site is suitable for intermediate
learners and people who are coming back to the language,
but it is not suitable for learners who are at the beginning level.
With that said, I think that this is an excellent tool.
To use this website, go
to
Éasca Péasca.
|
Nós nua ar fáil!
É seo istigh ó Fhélim
Borland a chuir an t-eolas seo chuig an liosta ar líne
Gaeilge-A. Go raibh maith agat, a Fhélim!
Tá iris
nua Ghaeilge ar fáil anois ag
www.nosmag.com , agus is fiú na línte seo óna
heagarthóirí a ath-chló anseo: "Ba
í an sprioc ...nuair a bheartaigh muid ar
iris
bhríomhar nua-aoiseach
a chur ar fáil do phobal
domhanda ár dteanga ná
tionchar dearfach splancúil
a imirt ar an saol thart
orainn - seirbhís shiamsúil a sholáthar a spreagfadh ár
léitheoirí agus a
chuirfeadh in iúl go bhfuil an Ghaeilge
beo beathach
sa 21ú aois."
Fosta, ná bíodh ionadh ort
má fheiceann tú alt
ar scríobh ár mball Séamas Ó
Neachtain san eagrán seo de Nós.
Déanta go maith, a chairde. Maith sibh! |
|
A
new Nós is available!

This is in from Félim
Borland who sent the information to the on-line list
Gaeilge-A. Thank you, Félim!
A new
Irish language magazine is now available at
www.nosmag.com , and it's worthwhile to reprint
these lines from the magazine's editors right here: "When we decided to
make available a lively, modern magazine for our
language's worldwide community, the objective which was
laid down was to have a positive, lightning
effect on the world around us - to provide an
entertaining service which would inspire our readers and
confirm that the Irish language is alive and lively in
the 21st century."
Also, don't be surprised
if you see an article from our member
Séamas Ó Neachtain in this
issue of Nós.
Well done, a chairde. Congratulations!
|

Cruinnithe na Gaeilge Timpeall an Domhain
Tá sé
seo istigh ónár mball Chaoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath.
Go raibh maith agat, a Chaoimhín!
Más maith leat cruinniú
chun Gaeilge a labhairt nó a fhoghlaim, is féidir cruinnithe a fháil i n-aice leat trí
irish.meetup.com.
|
|

Irish Language Meetups Around the World
This is
in from our member Kevin Boyce in Baile Átha Cliath. Go raibh
maith agat, a Chaoimhín!
If you want to meet to
speak or learn Irish, you can find meetups near you
through
irish.meetup.com.
|

Ar
an Drabhlás -The London Irish Language Meetup
Cuireann
ár mball Éamon Jeffers an cuireadh seo chugaibh:
Má tá cónaí ort in aice le Londain, Sasana, ar mhaith
leat comhrá as Gaeilge? Dá mba, b'fhéidir go mbeadh
suim agat i seo:
irish.meetup.com/119/
. Mura bhfuil ach cúpla focal agat beidh spórt againn
ar aon chor. Tá conaí ar go leor againn anseo i Londain
agus ba cheart dhúinn bualadh le chéile lenár gcuid
Gaeilge a chleachtadh. Ná bímis cúthail! Tá an
Pholainnis, an Fhraincis is 'chuile shórt le cloisteáil
i Londain gach uile lá, bíodh an Ghaeilge ina measc.
|
|
Ar
an Drabhlás -The London Irish Language Meetup
Our member Éamon
Jeffers sends this invitation to all of you:
If you live near to London, England ... would you like
to practice your Irish? If so, maybe you'd be
interested in this:
irish.meetup.com/119/
. Even if you've only got the 'cúpla focal' we'll have
some fun anyway. There are plenty of us living here in
London and we should get together to practice our
Irish. Let's not be shy! Polish, French and all sorts
of other languages are to be heard in London every
single day, let's add Irish to the mix
.
|

An Líonra Ar
Líne
Tá teachtaireacht againn
istigh ó Sheoirse Rath i mBaile Átha Cliath faoi
líonra nua ar líne do Ghaeilgeoirí. Go raibh maith
agat, a Sheoirse!
"An bhfaca sibh
www.anlionra.net ? Is
saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra
sóisialta. Tá fáilte roimh gach duine. Is mise
grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú
againn. Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile
chun sinn a fháil."
|
|

An Líonra (The
Network) On Line
We have a message in
from George Rath in Baile Átha Cliath about a new
on-line network for Irish speakers. Many
thanks, George!
"An bhfaca sibh
www.anlionra.net ? Is
saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra
sóisialta. Tá fáilte roimh gach duine. Is mise
grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú
againn. Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile
chun sinn a fháil."
|

Seoda
ón nGaeltacht
Chuir Tomás Mac Gearailt
ar an liosta Gaeilge-B é seo. Go raibh maith agat,
a Thomáis!
Tá scéalta, dánta agus
seoda cluas eile ón nGaeltacht le fail anois, saor
in aisce ag
Gaeltalk .
- Tomás Mac Gearailt
|
|
Jewels from the
Gaeltacht
Tomás Mac Gearailt put
this on the list Gaeilge-B. Go raibh maith agat, a
Thomáis!
There are free audios
with stories, poems and other jewels from the
Gaeltacht to be found at
Gaeltalk .
- Tomás Mac
Gearailt
|

Acmhainní do
"Progress In Irish"
Tá suíomh gréasáin nua
cruthaithe ag ár mball Gearóid Ó hAnnaidh
agus a mhac Seán
LaBastille
chun acmhainní i dtaobh an ghraiméir choitianta
Progress In Irish le Máiréad Ní Ghráda a bhailiú
in áit amháin. Is féidir libh feiceáil gur suíomh
an-fheidhmiúil é ag
www.gaeilge-resources.eu ,
le comhaid fhuaime, freagraí, nótaí gramadaigh sa
bhreis caibidil ar chaibidil, agus a thuilleadh.
Bhí cuid desna hacmhainní seo cruthaithe ag Gearóid
é féin agus ár mbaill Máire Mhic an Phríora, Réamonn
Ó Cléirigh, & Séamas Ó Neachtain!
|
|

Resources for
"Progress In Irish"
A new website
has been created by our member Gearóid Ó
hAnnaidh and his son Seán LaBastille to collect in one place resources
related to the popular grammar book
Progress In Irish by Máiréad Ní Ghráda.
You can see that it's a very effective site
at
www.gaeilge-resources.eu ,
with sound files, answers, additional notes
on grammar chapter by chapter, and more,
with some of these resources created by
Gearóid himself and our membersl Máire Mhic
an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, and Séamas Ó
Neachtain!
|
Cnuasach
Conallach
Cnuasach
Conallach - Foclóir Ríomhairithe Ghaeilge
Thír Chonaill
Ár mbuíochas lenár mball Gearóid
Ó hAnnaidh as an bhfaisnéis shár-shuimiúil seo.
Tá foclóir sonraíoch
curtha ar fáil ar an idirlíon le déanaí ag an
Dochtúir Diarmuid Ó hAirt. Chnuasaigh sé a
bhfocail ó bhéaloideas Thír Chonaill, go háirithe ón
mbéaloideas bailithe ag Seán Ó hEochaidh agus Seán
Mac Meanman sna 1930í agus 1940í don Choimisiún
Béaloideasa Éireann. Bhailigh Seán Ó hEochaidh níos
mó béaloideasa Éireannaigh ná aon duine eile
riamh. Is féidir teacht ar an bhfoclóir iontach seo
ag Cnuasach
Conallach .
Ar an suíomh céanna, feicfidh tú litreacha scríofa
le Tomás Ó Criomthain ('an t-Oileánach') agus Seán Ó
Caoimh.
|
|
Cnuasach
Conallach - A Computerized Dictionary of the
Irish of Donegal
Our thanks to our member Gearóid Ó
hAnnaidh for this exceedingly interesting
information.
A remarkable dictionary
has recently been made available on the internet by
Dr. Diarmuid Ó hAirt. He collected his words
from the folklore of Tír Chonaill ('Donegal'),
especially the folklore gathered by Seán Ó hEochaidh
and Seán Mac Meanman in the 1930s and 1940s for the
Irish Folklore Commission. Seán Ó hEochaidh
collected more Irish folklore than any other person
ever. You can find this wonderful dictionary at
Cnuasach Conallach .
On the same site, you'll also see letters written by
Tomás Ó Criomthain ('the Islandman') and Seán Ó
Caoimh.
Cnuasach
Conallach
|

Foclóir Uí
Dhuinnín Ar fáil Ar Líne
Fuaireamar an
fhaisnéis tábhachtach seo ó Ghearóid Ó Néill
ar an liosta Gaeilge-B agus ónar mball Máire
Mhic an Phríora. Go raibh míle maith
agaibh, a chairde!
Tá ceann de na foclóirí is fearr dár
foilsíodh riamh ar fáil anois ar an
idirlíon :
Foclóir
Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín .
Ni gá ach clárú chun an focal atá uait a
aimsiú. Tá griangraf de gach leathanach
ann. Is féidir zómáil isteach ar na
focail nó is féidir focal a líonadh
isteach i mbosca cuardaigh.
Tá sé go deas an seanchló agus an
seanlitriú a fheiceáíl arís. Éacht ar
dóig h
déanta ag na daoine in Ollscoil Luimnigh!
Comhghairdeas libh! -
Máire Mhic an Phríora
|
|

Dineen's Dictionary Available On Line
We received this
important information from Ghearóid Ó Néill on the
list Gaeilge-B and from our member Máire Mhic an
Phríora. Many thanks, a chairde!
One of the best dictionaries which has ever been
published is now available on the internet :
Dineen's Irish
English Dictionary .
You can find any word you want simply by
registering. Every page has been
photographed. You can zoom in on the words or
you can find them by filling in a search box.
It's nice to see the old typeface and letters
again. A beautiful accomplishment done by the
people at Limerick University!
Congratulations to you!
- Máire Mhic an Phríora
|

TG4 ar
You Tube
Thug ár mball Máire
Mhic an Phríora dúinn an fhaisnéis seo. Go
raibh maith agat, a Mháire!
Tá a lán amhránaíochta as Gaeilge curtha ag
TG4 ar You Tube. Féach air seo:
TG4 ar You Tube .
|
|
Our member Máire Mhic an
Phríora gave us this information. Thank you, a
Mháire!
TG4 has put plenty of singing in Irish on You
Tube. Take a look at this:
TG4 on You Tube .

|
Caith am ag
gáire in éineacht le Des Bishop ar RTÉ1

Tháinig Des Bishop go Scoil Ghaeilge Ghearóid
Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac i Mí Eanáir agus anois
is féidir leat an Scoil agus Des a fheiceáil i gclár a 5
de
"In
The Name of the Fada" ar RTÉ1. Is
baill de Chumann Carad na Gaeilge iad gach múinteoir ag
Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín.
Agus anois, is féidir leat
Gaeilge a fhoghlaim ar shuíomh Dhes. Féach suas ar
an dtaobh clé ag
www.desbishop.com
.
|
|
Spend time
laughing with Des Bishop on RTÉ1
Des Bishop came to the Gerry Tobin Irish
Language School in Babylon, New York in mid-January 2008 and
now you can see the School and Des in episode 5 of
"In
The Name of the Fada" on RTÉ1. Each
teacher in the Gerry Tobin Irish Language School is a
member of The Philo-Celtic Society.
And now, you can learn Irish
on Des' website. Look up on the right side at
www.desbishop.com
.
|
Tá Anam Beo agus Gaeilge san AE ag dul
chun cinn!

É seo istigh ónár mball Pádraig Ó Clúmháin. Go
raibh maith agat, a Phádraig! Tá úsáid na Gaeilge á méadú
sa Choimisiún Eorpach, san AE, agus
sa Bhruiséil .
Anois, tá an chéad nuachtán as Gaeilge sa
Bhruiséil ar fáil anseo:
Anam Beo. Beidh an nuachtán seo ag tuairisciú "ó
thaobh na teanga agus an chultúir Ghaelaigh." Deireann
an Dr. Seán Ó Riain, saineolaí i roinn aistriúcháin don
Choimisiúin, go gcuirfidh "foilseachán i nGaeilge an
teanga chun cinn i measc 15,000 Éireannach beag nó mór
sa Bhruiséil ag an am seo." Agus deireann Donnchadh Ó
Buachalla, Eagarthóir Bainistíochta, "Le teacht na
nuatheicneolaíochta, ba chóir go sroichfeadh Anam Beo
200,000 cainteoir Gaeilge ó chian agus ó chóngar." Is
féidir leat a fhocail a léamh anseo:
Nóta Cumhdaigh Dhonnchadha. Maith sibh, a chairde!
|
|
Anam Beo and Irish in the EU are
advancing!

This is in from our member Pádraig Ó Clúmháin.
Go raibh maith agat, a Phádraig! The use of Irish is
increasing in the European 'Commission, in the European
Union, and in Brussels.
Now, the first newspaper in Irish in Brussels is
available here:
Anam Beo. This newspaper will be reporting
"about the language and Gaelic cuilture." Dr. Seán Ó
Riain, an expert in the Commission's translations
department, says "having a publication in Irish will
help promote the language among the 15,000 or so Irish
people living in Brussels." And Donnchadh Ó Buachalla,
Managing Editor, says "With
the advent of modern technology, Anam Beo should
reach 200,000 Irish speakers on every highway and byway." You
can read his words here:
Donnchadh's Cover Notes. Well done, a
chairde!
|
Aisling Ghéar
Tuairiscíonn
Aisling Ghéar gurb í "an t-aon chompántas
proifisiúnta amharclainne in Éirinn a
shaothraíonn go lánaimseartha chun scoth na
léirithe a chur ar fail i nGaeilge." Tá a
lán ar siúl acu idir phatrúnacht nua ó Ghabriel
Byrne (a labhraíonn Gaeilge gach uair a mbíonn
deis aige) agus léirithe as Gaeilge mar An
Triail le Máiréad Ní Ghráda, Aistriúcháin le
Brian Ó Frighil, Damhsa ag Lunasa le Brian Ó
Frighil, Scáil an Ghunnadóra le Seán Ó
Cathasaigh, agus a lán eile. Téigh go dtí
Aisling
Ghéar chun breis a fhoghlaim. Ár
mbuíochas lenár mball Daithí Mac Lochlainn a
chuir faisnéis chugainn faoin eagraíocht iontach
seo.
|
|
 
 
|
Ceol Álainn ó
Dhún na nGall

Más maith leat amhránaíocht
traidisiúnta Thír Chonaill, molann ár mball Máire Mhic
an Phríora an suíomh seo duit:
SportyMike. Bain sult as!
|
|
Beautiful Music from Donegal

If you like the traditional music of
Tír Chonaill, our member Máire Mhic an Phríora
recommends this site to you:
SportyMike. Bain sult as!
|
Turasóireacht
as Gaeilge i mBaile Átha Cliath!

Sa ghrianghraf thuas,
seolann dalta áitiúla agus an peileadóir mór le rá Jason
Sherlock bus nua ar a bhfuil Gaeilge le fáil do chuairteoirí intíre, thurais scoile, agus éinne eile le
suim sa Ghaeilge. Thosaigh The Dualway Group / City
Sightseeing Dublin busanna mar seo a sholáthar i
Meitheamh dona dTuras Ilteangach Bhaile Átha Cliath.
Chun breis fhaisnéise a fháil,
Téigh ar an mBus!.. Ár mbuíochas lenár mball Gearóid Ó
hAnnaidh a chuir an t-eolas seo isteach chugainn.
Agus comhghairdeachas mór le Tony McConn agus David
McConn ag City Sightseeing Dublin!
|
|
Irish Language Tourism in Dublin!

In the above photo,
Tony McConn and David McConn of The Dualway Group / City
Sightseeing Tours launch a new bus on which Irish can be
found for domestic visitors, school tours, and anyone
else with an interest in Irish. They're joined by
local TD Mary Harney. City Sightseeing Tours began
to provide buses like this in June for their
Multi-Lingual Dublin City Tour. For additional
information, be sure to
Get on the Bus!.. Our thanks to our member Gearóid Ó
hAnnaidh who sent this in to us. And a big
congratulations to Tony McConn and David McConn at City
Sightseeing Dublin!
|
Géarghá
le Beartas Oideachais Nua, arsa Conradh na Gaeilge

Tháinig sé seo istigh ónár gcairde i gConradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge ag lorg
cruinniú leis an Aire Batt O’Keeffe chun moltaí an
Chonartha i dtaca le múineadh na Gaeilge sa chóras
oideachas a phlé sna sála ar thuairisc de chuid chigirí
na Ranna Oideachais agus Eolaíochta féin a foilsíodh
inné, 15 Iúil 2008, a thug le fios go raibh beagnach 25%
de mhúinteoirí bunscoile na tíre seo gan cumas sásúil
Gaeilge acu agus nach múintear a dhóthain Gaeilge do dhá
thrian de mhic léinn ag déanamh an Teastais Shóisearaigh
sa mheánscoil." Chun faisnéis sa bhreis a fháil,
cliogáil ar
Géarghá
.
|
|
Urgent Need for a
New Education Policy, says Conradh na Gaeilge

This came in from our friends at
Conradh na Gaeilge: "Conradh na Gaeilge is seeking a
meeting with Minister Batt O’Keeffe to discuss (its)
recommendations ...regarding the teaching of Irish in
the education system on the heels of a report from some
of the Education and Science Department's own inspectors
which was published ... 15 July 2008, which admitted
that almost 25% of primary school teachers in this
country are without satisfactory ability in Irish and
that enough Irish is not taught to two thirds of
students who are doing the Junior Certificate in middle
school." For additional information, click on
Géarghá
.
|
Liam Ó
Duibhghiolla agus "An Poc Ar Buile"
 
É seo istigh
ónár mball Máire Mhic an Phríora. Go raibh
maith agat, a Mháire! "Agus m é
ag scime áil
ar an idirlíon ar maidin ,
d'aimsigh m é
an su íomh
seo:
Liam Ó Duibhghilla. Guth
bre á
agus Gaeilge álainn! "
|
|
Liam
Devalley and "An Poc Ar Buile"

This is in from
our member Máire Mhic an Phríora. Go raibh
maith agat, a Mháire! "When I was
surfing on the internet this morning ,
I discovered this site:
Liam Devalley.
Fine voice and beautiful Irish! "
|

Gaeilge
ag Zú Bhéal Féirste
Chuir ár mball
Daithí Mac Lochlainn isteach chugainn é seo. Ár
mbuíochas leat, a Dhaithí!
Tairiscíonn Zú
Bhéal Féirste loirg fhéin-treoirithe as Fraincis
agus Gaeilge. Thug an comhlacht Gael-Linn
cabhair don Zú chun taifid a dhéanamh. Chun
faisnéis sa bhreis a fháil, téigh go dtí Zú
Bhéal Féirste.
|
|

Irish at the
Belfast Zoo
Our member Daithí Mac Lochlainn sent this in
to us. Ár mbuíochas leat, a Dhaithí!
The Belfast Zoo offers self-guided trails in
French and in Irish. The Gael-Linn company
helped the Zoo make recordings. To get
additional information, go to Belfast
Zoo.
|
Achoimre Laethúil Nuachta ó Ghaelport

Is féidir leat achoimre nuachta a fháil i do r-phost
gach lá ó Ghaelport. Deireann ár mball Gearóid Ó
hAnnaidh: "Ceapaim gur slí íontach é sin chun
léitheoirí a choinneáil suas chun dáta maidir le
cúrsaí reatha a bhfuil tionchar acu ar an nGaeilge."
Agus thaispeánn ár mball Paula Ní Shíocháin dúinn
gur féidir leat dul go dtí clé an leathanaigh seo a
chlárú don nuachtlitir:
Cláraigh ar
Ghaelport.
Go raibh maith agaibh, a chairde!
|
|
Daily News Summary from Gaelport

You can get a news summary in your email every day
from Gaelport.
Our member Gearóid Ó hAnnaidh says: "I think
that's a great way to keep readers up to date about
current events which have an effect on the Irish
language." And our member Paula Ní Shíocháin showed
us that you can go to the left side of this page to
register for the newsletter:
Register
for Gaelport.
Go raibh maith agaibh, a chairde!
|

Gaeilge ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier, Ceanada
Bíonn cúrsaí
Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier.
Chun faisnéis sa bhreis a fháil, téigh go dtí Ranganna
ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier.
|
|

Irish at St. Francis Xavier University, Canada
Irish language
courses are being taught at St. Francis Xavier
University.
To obtain additional information, go to
Classes at St. Francis Xavier
University.
|

Ranganna Gaeilge ag Ollscoil Mhontana Tuairiscíonn
Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar
fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula. Chun eolas sa
bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil
anseo .
Go raibh maith agat, a Thomáis!
|
|

The Irish Language at the University of Montana Tom Stock
reports that three semesters of Irish language
instruction are now available at
the University of Montana - Missoula. For
more information, contact the University
here . Thanks, Tom!
|
Ranganna Gaeilge ag Comhrá in Montréal
Bíonn
gach leibhéal de ranganna Gaeilge ag Comhrá (ciorcal
staidéir na Gaeilge i Montréal) ag Loyola High School,
7272 Sherbrook St. West, Montréal, Québec. Chun eolas
sa bhreis a fháil, téigh go dtí
www.comhra.org.
|
|
Irish Language Classes from Comhrá in Montréal
Comhrá
(the Montréal Irish Language Study Circle) has every
level of class at the Loyola High School, 7272 Sherbrook
St. West, Montréal, Québec, Canada. To get more
information, go to
www.comhra.org.
|

Ranganna in Worcester, Massachusetts
Bíonn ranganna Gaeilge ag Ár dTeanga
Féin in Worcester, Massachusetts ag gach leibhéal.
Chun eolas sa bhreis a fháil, féach ar an suíomh
www.adtf.org, nó téigh i dteagmháil
le Susan Gallivan ag 508-769-3641 agus gallivang@aol.com,
nó Mary ar 508-757-1723, nó Sue Ott ar 978-621-8390.
Bíonn na ranganna ar siúl ar St. Stephens School, 355
Grafton St., Worcester. Massachusetts.
|
|

Irish Language Classes in Worcester, Massachusetts
Ár dTeanga Féin has Irish language classes at every
level in Worcester, Massachusetts. To obtain
additional information, take a look at the website
www.adtf.org,
or contact Susan Gallivan at 508-769-3641 and gallivang@aol.com,
or Mary on 508-757-1723, or Sue Ott on 978-621-8390.
The classes are held at St. Stephens School, 355 Grafton
St., Worcester. Massachusetts.
|

Ranganna
ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBablón,
Nua-Eabhrac, S.A.M.
Bíonn ranganna
ag gach leibhéal ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i
mBablón, Oileán Fada, Nua-Eabhrach, gach Déardaoin
ag tosú ag 7:15 i.n. Chun eolas sa bhreis a
fháil, is féidir leat dul go dtí
www.scoilgaeilge.org
nó cuir glao ar Dianne Trautmann ag 631-521-1227.
|
|

Classes at
the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon,
New York, U.S.A.
The Gerry Tobin Irish Language School has classes at
every level in Babylon, Long Island, New York, every
Thursday at 7:15 PM. To obtain additional
information, you can go to
www.scoilgaeilge.org
or you can call Dianne Trautmann at 631-521-1227.
|

Ranganna ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic
Bíonn bun-ranganna,
meán-ranganna, agus ranganna do pháistí ag Lárionad
Éireannach Nua-Eabhraic gach Máirt agus Déardaoin.
Chun eolas sa bhreis a fháil, cuir glao ar Mháire Ní Mhaolagáin ag (201) 869-6717 nó
cuir r-phost go
mauramulligan@aol.com.
|
|

Irish Language Classes at the New York Irish Center
The New York Irish Center has beginning Irish
classes, intermediate Irish classes, and Irish classes
for children every Tuesday and Thursday. To obtain
additional information, call Maura Mulligan at (201) 869-6717
or email her at mauramulligan@aol.com.
|

Ranganna Gaeilge ag Ollscoil
Fordham
Tá bun-ranganna Gaeilge ag Fordham
anois. Chun
clárú nó chun breis eolais a fháil, téigh i dteagmháil
le Kirsti Norris, Stiúrthóir Bainisteoireachta, Institiúid an Léinn Éireannaigh, Fordham, ag 718-817-4634 nó
knorris@fordham.edu
.
|
|

Irish language
classes at Fordham University
Fordham
University now has beginning Irish language classes.
To register or to learn more, call Kirsti
Norris, Administrative Director, Institute of
Irish Studies, Fordham University, at 718-817-4634
or send her an email at
knorris@fordham.edu .
|

Gaeilge ag Ollscoil
Chathair Nua-Eabhraic (CUNY)
Bíonn
bun-ranganna agus meán-ranganna Gaeilge ar
líne agus i bpearsa ag CUNY.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar
Gaeilge ag CUNY.
|
|

Gaeilge at the City
University of New York (CUNY)
CUNY has
beginning and intermediate Irish language
classes on-line and in person. For
additional information, see
Gaeilge ag CUNY.
|

Gaeilge Ag
Ollscoil Concordia, Montréal
Bíonn ranganna
Gaeilge tríd an bhliain ag Centre d'Études Canado-Irlandaises, Ollscoil Concordia i
Montréal, Québec, Ceanada. Eolas sa bhreis:
cdnirish@alcor.concordia.ca .
|
|

Irish
language classes at Concordia University, Montréal
The Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia
University, in Montréal, Canada has Irish classes
throughout the year. Additional information:
cdnirish@alcor.concordia.ca .
|

Tá ranganna
Gaeilge ar fáil arís an bhliain seo ag Ollscoil Harvard.
Tuilleadh eolais:
Harvard agus Nua-Ghaeilge, 1-617-495-4024, agus
extension@dcemail.harvard.edu .
|
|

Harvard University again has Irish
classes this year. Additional information:
Harvard agus Nua-Ghaeilge, 1-617-495-4024, and
extension@dcemail.harvard.edu .
|

Ranganna Gaeilge in Phoenix,
Arizona
Bíonn ranganna Gaeilge ag Lárionad Chultúr
na hÉireann in Phoenix, Arizona. Chun tuilleadh
faisnéise a fháil, téigh go dtí
Gaeilge in Phoenix.
|
|

Irish Language Classes in
Phoenix, Arizona
The Irish Cultural Center has Irish Language classes
in Phoenix, Arizona. To get additional
information, go to
Gaeilge in Phoenix.
|
Tá breis agus 700 scoláire anois i Scoil Chumann Carad
na Gaeilge!

Tá ár ranganna ar
fáil saor in aisce, ar líne, timpeall na cruinne! Chun teacht isteach mar scoláire nó mar
mhúinteoir, téigh go
Scoil Chumann Carad na Gaeilge. Inis dúinn
má's maith leat múineadh, le do thoil. Beidh
fáilte romhat.
|
|
There are now more than 700 students in The Philo-Celtic
Society School!

Our school's classes are
available for free, on-line, around the globe! To join as a student or as a teacher, go to
The Philo-Celtic Society School. Please be
sure tell us if you want to teach. You'll be very
welcome.
|
 |
|
 |
|
|
|
Cumann Carad na
Gaeilge
Ag obair gach lá
d'athbheochan domhanda na Gaeilge!
Fógraí do AN GAEL-BREISE!
Má's maith leat fógraí
faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn
chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach
inár gcomhphobal ar líne
ANSEO
agus inis dúinn fúthu.
Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú
donár bhfoireann bheag. Mar sin, le do thoil,
scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go
Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair
dúinn do nuachta ar aon chuma!
Ní
neart go cur le chéile!
Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an
Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
|
|
The Philo-Celtic
Society Society
Working daily for the
worldwide Irish language renaissance!
Announcements for AN GAEL-EXTRA!
If you want to send us
announcements about your Irish language events for
publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line
community
HERE
and tell us about hem. As
you can see, there's already too much to translate for
our little team. Therefore, please do write to us
in
Irish with English translation if you're able. If
not, give us your Irish
language news anyway!
Ní
neart go cur le chéile!
What other news from South
America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
|
 |
|
 |
Focal ó An Gael
Tábhacht na Gaeilge ag
Boston College
Is
deacair Léann Rúiseach ag ollscoil a
shamhlú gan Rúisis, nó Léann Síneach
gan Sínis, nó Léann Spáinneach gan
Spáinnis, cé go bhfuil teangacha eile á
labhairt sna tíortha sin. Is léir
go mbíonn Gaeilge á labhairt in Éirinn
breis agus 2500 bliana, á scríobh breis
agus 1500 bliana, agus go bhfuil Gaeilge
ag teacht ar ais i saol laethúil na
hÉireann gan aon stad riamh ar litríocht
bhríomhar chorraitheach as Gaeilge.
Chaithfinn tuairim nach bhfuil aon
amhras ar bith go bhfuil níos mó litríochta
scríofa againn as Gaeilge ná as
Sacsbhéarla in Éirinn thar na 1500
bliana seo. Mar sin, is deacair
tuiscint conas is féidir le daoine fíor-shaineolas
i litríocht agus gcultúr na hÉireann a
mhaíomh gan Ghaeilge a bheith ar a dtoil
acu.
Bhuel, faoi dheireadh, tá áthas
orainn a thuairisciú go bhfuil méadú
suntasach i líon na n-ollscoileanna i
Meiriceá Thuaidh a thuigeann an gaol
doscartha idir An Ghaeilge, na Gaeil,
agus Tír na nGael (i. Éire). Táimid ag
tagairt ollscoileanna mar St. Francis
Xavier University, Lehman College (City
University of New York), Notre Dame
University, Concordia University, New
York University, University of Montana,
Harvard University, Fordham University
agus a thuilleadh. Is ceann díobh
seo Boston College. Ag an ollscoil sin,
chun M.A. i Litríocht & Cultúr
Éireannach a bhaint amach, tá sé
riachtanach staidéar a dhéanamh ar an
nGaeilge ar feadh bliana ar a laghad.
Ina theannta sin, spreagtar scoláirí
chun freastal ar ranganna Gaeilge in
Éirinn le linn an tsamhraidh, chun cur
lena dtaithí ar an teanga. Luíonn sé
sin le ciall mhaith, ar ndóigh.
Comhghairdeachas leis na
hollscoileanna a thuigeann na fíricí seo.
Agus chun faisnéis sa
bhreis a fháil faoin gclár ag BC, téigh
go dtí
Céim Mháistir ag BC agus Ranganna
ag BC.
- An Gael
|
|
A Word
from An Gael
Importance of
the Irish Language at Boston College
It's difficult to imagine
Russian Studies at a university without the
Russian language, or Chinese Studies without
Chinese, or Hispanic Studies without
Spanish, although other languages are spoken
in those countries. It's apparent that
Irish has been spoken in Ireland more than
2500 years, written more than 1500 years,
and that Irish is coming back in Ireland's
daily life without there ever having been
any end to dynamic and exciting literature
in Irish. I would guess that there
isn't any doubt at all that we've had more
literature written in Irish than in English
in Ireland over these 1500 years.
Therefore, it's difficult to understand how
people can boast real expertise in the
literature and culture of Ireland without
being competent in Irish.
Well, finally, we are
pleased to report that there is a noticeable
increase in the number of universities in
North America which understand the
indivisible relationship among Gaeilge (the
Irish language), the Gaeil (the Irish
people) and the Country of the Gaeil (i.e.,
Ireland). Here we mean universities like
St. Francis Xavier University, Lehman
College (City University of New York), Notre
Dame University, Concordia University, New
York University, University of Montana,
Harvard University, Fordham University, and
more. Boston College is one of these.
At that university, a student must finish at
least a year of Irish language study in
order to claim a M.A. in Irish Literature &
Culture. Additionally, students are
encouraged to attend summer Irish language
schools in Ireland to increase their
practice of the language. That makes good
sense, of course.
Congratulations to the universities which
understand these facts. And for more
information about the program at BC, go to
Master's
Degree at BC and Classes
at BC.
-
An Gael
|
|
|
 |
|
 |
Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:
1. tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na
Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na
nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;
2. athbheochan agus aththionscnamh na
Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.
Chun teacht isteach
inár gComhphobal agus inár Scoil shaor
in aisce ar an idirlíon, cliogáil
ar
SCOIL
.
Chun teacht isteach
inár gCumann, cliogáil ar
CUMANN
.
|
|
The Goals
of the Philo-Celtic Society:
1.
the support,
strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion,
teaching, and renaissance of the Irish language as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the
Gaeil, in America and throughout the world;
2.
the renaissance and re-establishment of Irish as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
To join our Community and to join our free Philo-Celtic
Society School on the internet, click
on
SCHOOL .
To join our Society, click on
SOCIETY .
|
Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan
Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan
Éireannach.
Gan Éireannach,
gan Éire.
- An Gael
|
|
Triad
Without the Irish
language, nothing Gaelic.
Without anything
Gaelic, nothing Irish.
Without anything
Irish, no Ireland.
- An Gael
|
 |
|
 |
CUIDITHEOIRÍ AN EAGRÁIN SEO
Eagarthóirí::
Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Séamas Ó
Neachtain ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, agus Gearóid Ó Ceallaigh
i Nua-Eabhrac.
Breis-scríbhneoireacht
as Gaeilge: Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Félim Borland ar an liosta
Gaeilge-A, Muiris Ó Bric i Nua-Eabhrac, Caoimhín
Ó Buí i mBaile Átha Cliath, Pádraig Ó Clúmháin ar
Inis Fada, Susan Gallivan in Massachusetts, Tomás Mac Gearailt (timpeall an domhain!), Shanti Hofshi i San Diego, Éamon Jeffers i
Londain, Daithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn, Liam Ó
Murchú i Nua-Eabhrac, Cionaodh Nilsen in Alba Nua, Máire Mhic an Phríora i mBaile
Átha Cliath, Nikki Ragsdale in San Francisco,
Seoirse Rath i mBaile Átha Cliath, Colin Ryan i Melbourne,
Paula Ní Shíocháin-Kopp, Seán Mac Suibhne agus Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain
Bheag, agus Gearóid Ó Ceallaigh ar Oileán Fada.
Buíochas
sa bhreis do Vicki Champion in Arizona, Kester Dyer in
Montréal, Liz Haren in Arizona, Tomás Hollingsworth
in Idaho, Johanna Mackey in Connecticut, Gearóid Ó
Néill ar an liosta Gaeilge-B, Tomás Stock in
Montana, agus Elke
Watson in Sydney.
Fáiscín-ealaín:
Aon Celtic Art &
Illumination agus
Fotosearch.
Cóipcheart (c) 2008.
Gach ceart faoi choimeád.
|
|
THIS ISSUE'S CONTRIBUTORS
Editors: Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath,
Séamas Ó Neachtain on Long Island, New York,
and Gearóid Ó Ceallaigh
in New York.
Additional writing in Irish:
Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Félim Borland ar an liosta
Gaeilge-A, Muiris Ó Bric i Nua-Eabhrac, Caoimhín
Ó Buí i mBaile Átha Cliath, Pádraig Ó Clúmháin ar
Inis Fada, Susan Gallivan in Massachusetts, Tomás Mac Gearailt (timpeall an domhain!), Shanti Hofshi i San Diego, Éamon Jeffers i
Londain, Daithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn, Liam Ó
Murchú i Nua-Eabhrac, Cionaodh Nilsen in Alba Nua, Máire Mhic an Phríora i mBaile
Átha Cliath, Nikki Ragsdale in San Francisco,
Seoirse Rath i mBaile Átha Cliath, Colin Ryan i Melbourne,
Paula Ní Shíocháin-Kopp, Seán Mac Suibhne agus Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain
Bheag, agus Gearóid Ó Ceallaigh ar Oileán Fada.
Additional thanks to Vicki Champion in Arizona, Kester Dyer in
Montréal, Liz Haren in Arizona, Tomás Hollingsworth
in Idaho, Johanna Mackey in Connecticut, Gearóid Ó Néill ar an
liosta Gaeilge-B, Tomás Stock in Montana, agus Elke Watson in
Sydney.
Clip art by::
Aon Celtic Art &
Illumination and
Fotosearch.
Copyright (c) 2008.
All Rights Reserved.
|
|
AN GAEL-BREISE! - AG
TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!
AN GAEL-EXTRA!
- REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD! |
|
|