An Gael - Meán Fómhair 2008 / An Gael - September 2008

Meán Fómhair 2008  /  September 2008

Ag tuairisciú ar imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!

Reporting on Irish language activities and events around the world!
 

Iris Oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge ó 1881        
Official Magazine of The Philo-Celtic Society Since 1881            

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

SCÉALA! / NEWS!

AS GAEILGE AMHÁIN!

 

IN IRISH ONLY!


 

Nollaig Ó Gadhra

 

Tá an-bhrón orainn a thuairisciú gur chailleamar Nollaig Ó Gadhra i Mí Lúnasa.  Ba iar-Chathaoirleach Chonradh na Gaeilge é, flaithiúil, gníomhach, neamheaglach, scríbhneoir torthúil, trodaí, agus fíor-chara na teanga. 

 

Bhí sé ansin i n-éineacht lenár gcara Barra Ó Donnabháin dár spreagadh chun Cumann Carad na Gaeilge a athshuíomh i 1993.  Bhí sé ansin freisin i 2004-2005 ag tairiscint tacaíochta dúinn agus sinne ag aththiomnú ár gcumainn ar Ghaeilge amháin agus bhun-chuspóirí Mhícheáil Uí Lócháin. 

 

Mothfaimid uainn é.  Ach trína obair, beidh ár léithéidí arís ann, in Éirinn agus timpeall an domhain.  Ar dheis Dé go raibh a anam.


 

 

An bhfaca tú é seo?

 

Did you see this?


Achainí chuig UNESCO faoi Theamhair

Tá achainí chuig UNESCO ann anois faoi Theamhair agus a milleadh.  Téigh go dtí Teamhair chun í a fheiceáil.


 

Petition to UNESCO about Tara

There's now a petition to UNESCO about Tara and its destruction.  Go to  Teamhair to see it.



'Éire' ar gheansaithe sacair na hÉireann

 

D'inis ár mball Gearóid Ó hAnnaidh dúinn faoi seo ar dtús. D'fhógair Cumann Peile na hÉireann (CPÉ) go mbeidh 'Éire' scríofa ar gheansaithe sacair na hÉireann nuair a thosóidh babhtaí cáilithe Chorn an Domhain an mhí seo.  Dhiúltaigh an CPÉ an moladh seo céanna i 2006.  Ach tá athrú tagtha ar an saol.  Chun breis a fháil ar an scéal seo, téigh go dtí Peile.


 

'Éire' on Ireland's soccer jerseys

 

Our member Gearóid Ó hAnnaidh told us about this first. The Football Association of Ireland (FAI) has announced that 'Éire' will be written on Ireland's soccer jerseys when the qualifying bouts of the World Cup begin this month.  The FAI refused this same suggestion in 2006.  But the world has changed.  To find more on this story, go to Soccer.



Liam Ó Duibhghiolla agus "An Poc Ar Buile"

 
É seo istigh ónár mball Máire Mhic an Phríora.  Go raibh maith agat, a Mháire!  "Agus mé ag scimeáil ar an idirlíon ar maidin, d'aimsigh mé an suíomh seo: Liam Ó Duibhghilla.  Guth breá agus Gaeilge álainn!"
 

Liam Devalley and "An Poc Ar Buile"

 
This is in from our member Máire Mhic an Phríora.  Go raibh maith agat, a Mháire!  "When I was surfing on the internet this morning, I discovered this site:  Liam DevalleyFine voice and beautiful Irish!"

Gaeilge ag Zú Bhéal Féirste

 
Chuir ár mball Daithí Mac Lochlainn isteach chugainn é seo.  Ár mbuíochas leat, a Dhaithí!
 
Tairiscíonn Zú Bhéal Féirste loirg fhéin-treoirithe as Fraincis agus Gaeilge.  Thug an comhlacht Gael-Linn cabhair don Zú chun taifid a dhéanamh.  Chun faisnéis sa bhreis a fháil, téigh go dtí Zú Bhéal Féirste.
 

Irish at the Belfast Zoo

 
Our member Daithí Mac Lochlainn sent this in to us.  Ár mbuíochas leat, a Dhaithí!
 
The Belfast Zoo offers self-guided trails in French and in Irish.  The Gael-Linn company helped the Zoo make recordings.  To get additional information, go to Belfast Zoo.

Achoimre Laethúil Nuachta ó Ghaelport

 


Is féidir leat achoimre nuachta a fháil i do r-phost gach lá ó Ghaelport. Deireann ár mball Gearóid Ó hAnnaidh: "Ceapaim gur slí íontach é sin chun léitheoirí a choinneáil suas chun dáta maidir le cúrsaí reatha a bhfuil tionchar acu ar an nGaeilge." Agus thaispeánn ár mball Paula Ní Shíocháin dúinn gur féidir leat dul go dtí clé an leathanaigh seo a chlárú don nuachtlitir:  Cláraigh ar Ghaelport.  Go raibh maith agaibh, a chairde!


 

Daily News Summary from Gaelport

 


 

You can get a news summary in your email every day from Gaelport.  Our member Gearóid Ó hAnnaidh says: "I think that's a great way to keep readers up to date about current events which have an effect on the Irish language." And our member Paula Ní Shíocháin showed us that you can go to the left side of this page to register for the newsletter: Register for Gaelport.  Go raibh maith agaibh, a chairde!



 Fáilte roimh ár mbaill nua!

Fáilte roimh Dianne Forrest Trautmann ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, Krista Rae in Ohio, agus Luke Mac an Airchinnigh i Londain, Sasana, a tháinig isteach mar Bhall Idirnáisiúnta inár gCumann i mí Iúil.  Agus roimh Sheoirse Rath agus Chaoimhín Ó Buí a tháinig isteach mar Bhaill Mheithle!  Chun breis a fhoghlaim faoinár mballraíocht, téigh go dtí Ballraíocht i gCumann Carad na Gaeilge.


 

 Welcome to our new members!

Welcome to Dianne Forrest Trautmann on Long Island, New York, Krista Rae in Ohio, and Luke Mac an Airchinnigh in London, England, who joined our Society as International Members in the month of May.  And to Seoirse Rath and Caoimhín Ó Buí who joined as Meitheal Members!  To learn more about our membership, go to Membership in The Philo-Celtic Society.


 

Am fós má bhrostaíonn tú!

 

Still time if you hurry!


Cearta Teanga do Ghaeilgeoirí !!!

 
Más maith leat tacú le cearta teanga sa Tuaisceart, téigh go Cearta Teanga nó Language Rights  agus scríobh!
 

Language Rights for Irish Speakers !!!

 
If you'd like to support language rights in the North, go to  Cearta Teanga or Language Rights  and write!

Scéim Nua Scribhneoireachta Scáileáin SÍOL

Dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge amháin, scéim forbartha do ghearr-scannáin teilifíse atá i SÍOL a chothóidh tallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí ó staid bhunscripte go staid chraolta ar TG4, agus iad faoi stiúir sár-shaoithe físe.  Chun faisnéis sa bhreis a fháil, cliogáil ar  www.siol.ie.


 

The New Screenwriting Project Called SÍOL

Intended for Irish language writers only, SÍOL will nourish new writer and director talent for short television films from the basic script stage to the broadcast stage on TG4, and under the direction of top video experts.  For additional information, click on  www.siol.ie.


 

Meán Fómhair

 

September


 Scoil Chumann Carad na Gaeilge - Téarma Nua Saor ar Líne Ag Tosú 1 Meán Fómhair 2008!

Tosaíonn téarma nua de ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce 1 Meán Fómhair 2008 ag Scoil Chumann Carad na Gaeilge.  Ag an nóiméad seo, feictear go mbeidh naoi rang ar a laghad ag an gCumann:  4 ag an mbun-leibhéal, 3 mheánrang, agus 2 ard-cheardlann.  Tá breis agus 700 scoláire timpeall an domhain sa scoil seo.  Chun clárú, nó má's maith leat fáil amach faoi mhúineadh mar dheonaí, téigh go Scoil Chumann Carad na Gaeilge agus buail ar "Join This Group."  Tá fáilte roimh chách.


 

 The Philo-Celtic Society School - Free On-Line Term Starting September 1, 2008!

The Philo-Celtic Society School's new term of free, on-line, Irish language classes starts September 1, 2008.  At the moment, it looks like the Society will have at least nine classes:  four at the beginning level, three intermediate classes, and two advanced workshops.  There are over 700 students around the world in this school.  To register, or if you'd like to find out about teaching as a volunteer, go to The Philo-Celtic Society School and hit "Join This Group."  All are welcome.



Gaeilge ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier, Ceanada

Beidh dhá chúrsa Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier i mbliana ag tosú anois:  Celtic 110 agus Celtic 210.  Chun faisnéis sa bhreis a fháil, téigh go dtí Ranganna ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier.


 

Irish at St. Francis Xavier University, Canada

Beidh dhá chúrsa Gaeilge á múineadh ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier i mbliana ag tosú anois:  Celtic 110 agus Celtic 210.  Chun faisnéis sa bhreis a fháil, téigh go dtí Ranganna ag Ollscoil Naomh Proinsias Xavier.



Ranganna Gaeilge ag Ollscoil Mhontana - Missoula
Tuairiscíonn Tomás Stock dúinn go bhfuil trí théarma de Ghaeilge ar fáil anois ag Ollscoil Mhontana - Missoula.  Chun eolas sa bhreis a fháil, teagmhaigh leis an Ollscoil anseo .  Go raibh maith agat, a Thomáis!


 

The Irish Language at the University of Montana - Missoula
Tom Stock reports that three semesters of Irish language instruction are now available at the University of Montana - Missoula.  For more information, contact the University here .  Thanks, Tom!



Ranganna Gaeilge ag Comhrá in Montréal ag tosú 8 Meán Fómhair 2008

Beidh gach leibhéal de ranganna Gaeilge ag Comhrá (ciorcal staidéir na Gaeilge i Montréal) an trian seo ag tosú 8 Meán Fómhair 2008 ag 7i.n ag Loyola High School, 7272 Sherbrook St. West, Montréal, Québec, Ceanada.  Chun eolas sa bhreis a fháil, téigh go dtí www.comhra.org.


 

Irish Language Classes from Comhrá in Montréal starting September 8, 2008

Comhrá (the Montréal Irish Language Study Circle) will have every level of class this semester starting September 8, 2008 at 7PM at the Loyola High School, 7272 Sherbrook St. West, Montréal, Québec, Canada.  To get more information, go to www.comhra.org.



Ranganna in Worcester, Massachusetts ag tosú 10 Meán Fómhair 2008

É seo istigh ónár gcara Susan Gallivan.  Go raibh maith agat, a Susan!

"Beidh ranganna Gaeilge ar siúl arís leis Ár dTeanga Féin in Worcester, Massachusetts ar an 10ú lá de Mhí Mheán Fómhair.  Tá an bun-rang agus an meán-rang ó 6:30 go dtí 8:00.  Tar éis sin beidh Bun-rang 2 agus an Ard-rang ó 8:00 go dtí 9:30.  Beidh na cúrsaí seo ar siúl ar feadh dhá seachtain déag.  Más mian leat teacht, féach ar an suíomh  www.adtf.org, nó téigh i dteagmháil le Susan Gallivan ag 508-769-3641 agus gallivang@aol.com, nó Mary ar 508-757-1723, nó Sue Ott ar 978-621-8390.  Beidh na ranganna ar siúl ar St. Stephens School, 355 Grafton St., Worcester. Massachusetts."


 

Irish Language Classes in Worcester, Massachusetts starting September 10, 2008

This is in from our friend Susan Gallivan.  Go raibh maith agat, a Susan!

"Ár dTeanga Féin's Irish language classes will be starting again in Worcester, Massachusetts on the 10th day of September.  The beginning class and intermediate class are from 6:30 until 8:00.  After that will be Beginning Level 2 and the Advanced Class from 8:00 until 9:30.  These courses will go for twelve weeks.  If you want to come, look at the website www.adtf.org, or contact Susan Gallivan at 508-769-3641 and gallivang@aol.com, or Mary on 508-757-1723, or Sue Ott on 978-621-8390.  The classes will beheld at St. Stephens School, 355 Grafton St., Worcester. Massachusetts."



Ranganna Fómhair ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBablón, Nua-Eabhrac, S.A.M.

Gach Déardaoin ag tosú 11 Meán Fómhair 2008 
7:15 i.n.  Ranganna comhrá & Mamaí, Dadaí agus Mé
8:00 i.n.  Bunranganna, Meánranganna, & Ardcheardlann 1
9:00 i.n.  Ardcheardlann 2
Áit:         Halla AOH, 27 Locust Avenue,, Bablón
Suíomh idirlín:  www.scoilgaeilge.org .
Teagmháil:  Dianne Trautmann ag 631-521-1227


 

Fall Classes at the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York, U.S.A.

Every Thursday starting September 11, 2008 
7:15 pm.  Conversation classes & Mommy, Daddy and Me
8:00 pm.  Beginning, Intermediate, & Advanced Workshop 1
9:00 pm.  Advanced Workshop 2
Place:     AOH Hall, 27 Locust Avenue,, Babylon
Website:  www.scoilgaeilge.org .
Contact:  Dianne Trautmann at 631-521-1227



Ranganna Gaeilge ag Lárionad Éireannach Nua-Eabhraic

Ag tosú:      Meán Fómhair 2008
Áit:             New York Irish Center, 1040 Jackson Avenue, Long
                  Island City
Gach Máirt: Bunrang - 6:30-7:45; Meánrang - 8:00-9:15
Gach Déardaoin: Rang do pháistí - 5:00-6:00 - Gaeilge, damhsa,
                  amhránaíocht, agus seanscéalta
Eolas:         Máire Ní Mhaolagáin ag (201) 869-6717 nó
                  mauramulligan@aol.com


 

Irish Language Classes at the New York Irish Center

Starting:      September 2008
Place:         New York Irish Center, 1040 Jackson Avenue, Long
                  Island City
Tuesdays:   Beginning - 6:30-7:45; Intermediate - 8:00-9:15
Thursdays:  Class for children - 5:00-6:00 - Irish language,
                  dance, singing, and storytelling
Information: Maura Mulligan at (201) 869-6717 or
                  mauramulligan@aol.com



 

Beidh ranganna Gaeilge ar fáil ag Ollscoil Fordham ag tosú 4 Meán Fómhair 2008!

Tá sé cinntithe anois go mbeidh Bun-Ghaeilge Nua-Aimseartha á múineadh ag Ollscoil Fordham sa Fómhar, agus go mbeidh na ranganna seo ar oscailt do chách! 

Rose Hill (Bronx):  gach Máirt agus Déardaoin ag tosú Déardaoin, 4 Meán Fómhair, ó 5:30 i.n. go 6:45 i.n.

Chun clárú, glaoigh ar Kirsti Norris, Stiúrthóir Bainisteoireachta, Institiúid  an Léinn Éireannaigh, Fordham, ag 718-817-4634 nó cuir rphost chuici ag knorris@fordham.edu .


 

 

Irish language classes will be available at Fordham University starting September 4, 2008!

It's now confirmed that Beginning Modern Irish will be taught at Fordham University in the Fall, and that these classes will be open to all! 

Rose Hill (Bronx):  every Tuesday and Thursday starting Thursday, September 4, from 5:30PM to 6:45PM.

To register, call Kirsti Norris, Administrative Director, Institute of Irish Studies, Fordham University, at 718-817-4634 or send her an email at knorris@fordham.edu .  



Gaeilge ag Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic

Cláraigh anois dosna ranganna Gaeilge seo a leanas ag Institiúid an Léinn Ghael-Mheirceánaigh, Coláiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic:

Fómhar:
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - ar líne (Thomas Ihde)
* IRI103: Bun-Ghaeilge I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Bun-Ghaeilge II - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Bun-Ghaeilge III - ar líne (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Meán-Ghramadach na Gaeilgear líne (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Intreoir don Ghearrscéal Gaeilge ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Tá clárú ar siúl anois díreach!  Féach ar Gaeilge ag CUNY.


 

Gaeilge at the City University of New York

Register now for the following Irish language classes at the Institute for Irish-American Studies, Lehman College, City University of New York:

Fall:
* IRI103: Beginning Irish I - on-line (Thomas Ihde)
* IRI103: Beginning Irish I - Queens College (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI104: Beginning Irish II - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI105: Beginning Irish III - on-line (Elaine Ní Bhraonáin)
* IRI201: Intermediate Irish Grammar - on-line (Éimhear Ní Cheallaigh)
* IRI320: Introduction to the Irish Short Story ar líne (Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

Registration is going on right now!  See Gaeilge at CUNY.



Gaeilge Ag Ollscoil Concordia, Montréal

Cláraigh anois do ranganna Gaeilge ag Centre d'Études Canado-Irlandaises, Ollscoil Concordia i Montréal, Québec, Ceanada. Tosóidh na ranganna seo i Meán Fómhair 2008 agus rachaidh ar aghaidh go Meitheamh 2009, mar seo:

Ag tosú i Meán Fómhair 2008
Nua-Ghaeilge 290
Lá:    gach Céadaoin
Am:  18:00 - 20:15
Áit:  
Concordia University, Sir George Williams Campus
Leibhéal foghlama:  tosaitheoir
Teagascóir:  Martina Branagan
Teagmháil:  cdnirish@alcor.concordia.ca .


 

Irish language classes at Concordia University, Montréal

Register now for classes at the Centre for Canadian-Irish Studies, Concordia University, in Montréal, Canada. These classes will begin in September 2008 and continue until June 2009, as follows:

Starting in September 2008
Modern Irish 290
Day:    every Wednesday
Time:   18:00 - 20:15
Place:  Concordia University, Sir George Williams Campus
Level:   beginner
Instructor:  Martina Branagan
Contact:  cdnirish@alcor.concordia.ca .



 

Tá Ollscoil Harvard ag cur ranganna Gaeilge ar fáil arís an bhliain seo.  Cláraigh anois!  Tosóidh na ranganna seo i Meán Fómhair 2008 agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí Meitheamh 2009.

Ag tosú 17 Meán Fómhair 2008
Rang:  CELT E-12a
(Fómhar)
Ábhar: 
Nua-Ghaeilge ag an Meán-Leibhéal
Lá:    gach Céadaoin
Am:  5:30 - 7:30 i.n.
Áit:   Harvard University Extension School
Teagascóir: 
Kathryn Ann Chadbourne, PhD
Suíomh:  Harvard agus Nua-Ghaeilge
Guthán: 1-617-495-4024
R-sheoladh:  extension@dcemail.harvard.edu


 

 

Harvard University is again making Irish language classes available this year.  Register now!  These classes will start in September 2008 and will continue to June 2009.

Starting 17 September 2008
Class:  CELT E-12a
(Fall)
Subject: 
Intermediate Modern Irish
Day:  every Wednesday
Time:  5:30 - 7:30PM
Place:   Harvard University Extension School
Instructor: 
Kathryn Ann Chadbourne, PhD
Website:  Harvard and Modern Irish
Phone: 1-617-495-4024
Email:  extension@dcemail.harvard.edu



Deireadh Seachtaine Tumoideachais in Arnprior, Ontario
26 Meán Fómhair - 28 Meán Fómhair

Cathain:      Dé hAoine, 9/26 - Dé Domhnaigh, 9/28
Áit:             Galilee Mission Centre, 398 John Street, Arnprior,
                 
Ontario (45 nóiméad siar ó thuaidh de Ottawa)
Táille:          $175 an duine (gach rud san áireamh)
Leibhéal:     gach leibhéal
Eile:            Tabhair leat do uirlisí ceoil, scéalta, agus amhráin. 
Riachtanas: dúil foghlama agus toilteanas Gaeilge a labhairt
                 
chomh maith agus is féidir leat an t-am go léir
Teagmháil:  Rosemary O'Brien, 1-613-591-3764 nó
                 
rosemary_ottawa@yahoo.com


 

Immersion Weekend in Arnprior, Ontario
September 26-September 28

When:         Friday, 9/26 - Sunday, 9/28
Where:        Galilee Mission Centre, 398 John Street, Arnprior,
                 
Ontario (45 minutes northwest from Ottawa)
Cost:          $175 per person (everything included)
Level:          all levels
Other
:         Bring your instruments, stories, and songs. 
Required:    desire to learn and willingness to use your Irish
                  a
ll the time to the best of your ability
Contact:      Rosemary O'Brien, 1-613-591-3764 or
                 
rosemary_ottawa@yahoo.com



An 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta in San Francisco:  26-28 Meán Fómhair

 
Tá nuacht againn ónár gcara Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
Beidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta San Francisco ar siúil 26-28 Meán Fómhair i mbliana.  Tá sonraí agus foirm iarratais le fáil ar an leathanach seo:  Gaeilge i San Francisco .  Seo é an 10ú Deireadh Seachtaine Gaeltachta, buíochas le Dia! Tá súil agam go mbeidh tú linn.    Beannachtaí,  - Nikki
 
Is í Treoraí na Gaeilge í Nikki do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ina ceantar.  Chun breis eolais a fháil faoi Nikki agus a hamhránaíocht thraidisiúnta, féach ar Nikki Ragsdale .
 

The 10th Irish Language Immersion Weekend: San Francisco:  September 26-28

 
We have news from our friend Nikki Ragsdale.  Go raibh maith agat, a Nikki!
 
The San Francisco Irish Language Immersion Weekend will be held September 26-28 this year. Details and a registration form are to be found at this site:  Gaeilge in San Francisco .  This is our 10th Deireadh Seachtaine Gaeltachta! I hope you can join us!    Beannachtaí,   - Nikki
 
Nikki is the Irish language leader for Comhaltas Ceoltóirí Éireann in her area.  To find more information about Nikki and her traditional singing, see Nikki Ragsdale .

Lá Tumoideachais in East Haven, Connecticut

 

 

27 Meán Fómhair 2008
É
seo istigh ónár gcara Johannah Mackey.  Go raibh maith agat, a Johannah!  "Beidh Lá Tumoideachais againn Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008 ag IACC (Irish American Community Center) in East Haven, Connecticut.  Dóibh siúd agus suim acu, is féidir leo cúairt a thabhairt ar an suíomh ag Gaeilge ag IACC chun foirm chláraithe a íoslódáil nó is féidir leo r-phost a chur chugam ag Johannah@snet.net ."


 

Irish Language Immersion Day in East Haven, CT

 

 

27 September 2008
This is in from our friend
Johannah Mackey.  Go raibh maith agat, a Johannah!  "We'll have an Irish Language Immersion Day on Saturday, September 27 at the IACC (Irish American Community Center) in East Haven, Connecticut.  Anyone interested can visit the site at Gaeilge ag IACC to download a registration form or they can send an email to me at Johannah@snet.net ."


 

Deireadh Fómhair

 

October


Ranganna Gaeilge in Phoenix, Arizona ag tosú 6 Deireadh Fómhair 2008

Beidh ceathrú nua de ranganna na Gaeilge ag tosú ag 6:30 i.n., 6 Deireadh Fómhair 2008, ag Lárionad Chultúr na hÉireann in Phoenix, Arizona.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh go dtí Gaeilge in Phoenix.


 

Irish Language Classes in Phoenix, Arizona starting October 6, 2008

A new semester of Irish Language classes will be starting at 6:30 PM, 6 October 2008, at The Irish Cultural Center in Phoenix, Arizona.  To get more information, go to Gaeilge in Phoenix.


 

Samhain

 

November


Deireadh Seachtaine Tumoideachais ag Comhrá sna Sléibhte Laurentian (Ceanada) 7 - 9 Samhain 2008

Beidh deireadh seachtaine tumoideachais ag Comhrá (ciorcal staidéir na Gaeilge i Montréal) 7, 8, agus 9 Samhain sna Sléibhte Laurentian.  Beidh an file cáiliúil Louis de Paor i láthair.  Is é Stiúrthóir don Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é freisin.  Chun eolas sa bhreis a fháil, téigh go dtí Comhrá.


 

Comhrá Immersion Weekend in the Laurentian Mountains (Canada) November 7 - 9, 2008

Comhrá (the Montréal Irish Language Study Circle) will have an immersion weekend the 7, 8, and 9th of November in the Laurentian Mountains.  The famous poet Louis de Paor will be in attendance.  He is also Director of the Center for Irish Studies, National University of Ireland, Galway.  To get more information, go to Comhrá.


 

Ar Feadh na Bliana

 

Year Round


An Iris Idirnáisiúnta "An Lúibín" as an Astráil

Tá iris idirnáisiúnta á cur amach saor in aisce le roinnt mhaith blianta anois le Colin Ryan san Astráil.  Gaeilgeoir as Melbourne na hAstráile is ea é, agus foilsítear a scéalta agus ábhar eile sna hirisí Gaeilge. Creideann sé gur teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge, agus mar bheart de réir a bhriathair, foilsíonn sé "An Lúibín" freisin.  Pléitear cúrsaí teanga agus cultúir san iris, agus ní dhéantar faillí i gcúrsaí an domhain trí chéile.  Dá mba mhaith leat triall a bhaint as "An Lúibín," cuir r-phost chuig Colin ag ColinG.Ryan@ato.gov.au .


 

The international magazine "An Lúibín" from Australia

An international magazine has been published for free for a good number of years now by Colin Ryan in Australia.  He's an Irish speaker from Melbourne, Australia, and his stories and more are published in the Irish language magazines.  He believes that Irish is an international language, and as proof of his word, he also publishes "An Lúibín."  Language and culture are discussed in the magazine, and the world's affairs are not ignored either.  If you'd like to try "An Lúibín," send an email to Colin at ColinG.Ryan@ato.gov.au .


 

 

Foram Nua do Fhoghlaimeoirí ag TALKIRISH! 

Tá foram nua, tír ar thír, do fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fáil anseo.  Go raibh maith agaibh, a chairde ag www.talkirish.com
 

 

A New Forum for Learners at TALKIRISH! 

There's a new forum, country by country, for Irish language learners here.  Go raibh maith agaibh, a chairde ag www.talkirish.com !

 
 


Teagasc Dátheangach ar an Idirlíon ag an Ionad Buail Isteach!

 
Sheol Seán Mac Suibhne faisnéis faoi seo chuig an liosta Gaeilge-A.  Go raibh maith agat, a Sheáin!

Is féidir leat teagasc dátheangach a fháil ar fhíschraoltaí ag An tIonad Buail Isteach mar seo a leanas: 

Gaeilge - Pólainnis 
Gaeilge - Spáinnis

Gaeilge - Rúisis
Gaeilge - Sínis

Nach smaoineamh iontach é seo?  Bain sult as!


 

Bilingual Instruction on the Internet at An tIonad Buail Isteach!

 
Seán Mac Suibhne sent information about this to the Gaeilge-A list.  Go raibh maith agat, a Sheáin!

You can get bilingual instruction on videocasts at An tIonad Buail Isteach as follows: 

Irish-Polish 
Irish-Spanish

Irish-Russian
Irish-Chinese

Isn't this a great idea?  Enjoy!



Daoine Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge

 

Scéala tábhachtach istigh ónár gcairde i gConradh na Gaeilge is ea é seo.  "Níor fhreagair ach 2% de na daoine óga a ghlac páirt i gceardlanna cumasú Chonradh na Gaeilge an choicís seo caite go bhfógraíonn ranna agus comhlachtaí poiblí na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil acu minic a dhóthain.  Dúirt 81% go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo tar éis páirt a ghlacadh i gceardlanna an Chonartha.  Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a léiriú. Má tá aon fhadhb agus seirbhís Gaeilge á lorg agat, is féidir an Conradh a chur ar an eolas trí ríomhphost a chur chuig glacleis@cnag.ie nó trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ar 01 4757401 agus déanfaidh an fhoireann gach iarracht an scéal a chur ina cheart."  Chun eolas sa bhreis a fháil, téigh go dtí Daoine Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge.


 

Young People Want Services In Irish

 

This is important news in from our friends at Conradh na Gaeilge.  "Only 2% of the young people surveyed as part of Conradh na Gaeilge’s educational workshops a fortnight ago believe public bodies and departments advertise the services they provide in Irish enough. 81% also said that after participating in the Conradh’s workshops, they would sometimes, often, very often or always request services through Irish in future.  Conradh na Gaeilge is advising people to assume that every service is available through Irish and to illustrate the demand for services in Irish. If you have any problem getting services through Irish, you can inform the Conradh by sending an email to glacleis@cnag.ie or by calling the head office on 01 4757401 and staff will do all they can to resolve the situation."   For more information, go to Young People Want Services In Irish.


The image “http://www.potafocal.com/About/Ivanka.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.

An Pota Focal - foclóir nua saor in aisce ar líne
Tá foclóir nua saor in aisce ar líne cruthaithe ag Ivanka Varguličová agus Michal Boleslav Měchura.  Soláthraíonn an foclóir seo cuardach tapa agus cuardach casta ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge, liostaí aibítreacha, liostaí de réir ábhair, agus liosta minicíochta.  Chun áis a bhaint as, téigh go www.potafocal.com , agus comhghairdeachas libh a Ivanka agus a Mhichal !

  The image “http://www.potafocal.com/About/MBM.jpg” cannot be displayed, because it contains errors.

An Pota Focal - a new, free, on-line dictionary
There's a new, free, on-line dictionary created by Ivanka Varguličová and Michal Boleslav Měchura.  This dictionary provides a quick search and an advanced search from Irish to English and English to Irish, alphabetical lists, lists by subject, and a frequency list.  To use this, go to  www.potafocal.com , and congratulations to you both, Ivanka and  Michal !


Gearrscannáin ó Bhord Scannán na hÉireann

Tá Oideas Gael tar éis socrú a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann le DVD de ghearrscannáin a chur ar fáil leis na scannáin seo ina measc: An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon an Fhiaclóra, Lipservice, Tubberware, agus Yu Ming is Ainm Dom. Chun an diosca seo a fháil, téigh go dtí an Siopa Gaeilge ag Oideas Gael .


 

Short films from the Irish Film Board and Oideas Gael

Oideas Gael has just made an agreement with the Irish Film Board to make available a DVD of short Irish language films including the following:  An Leabhar, Aqua, Cáca Milis, Clare sa Spéir, Filleann an Feall, Iníon na Fiaclóira, Lipservice, Tubberware, and Yu Ming is Ainm Dom.  To get this disk, go to the Irish Language Shop at Oideas Gael .



Fógra maith as Gaeilge - Ól Barry's Tea!
Más maith leat fógra maith as Gaeilge a fheiceáil, téigh go
Barry's Tea.
 
A good commercial in Irish - Drink Barry's Tea!
If you'd like to see a good commercial in Irish, go to
Barry's Tea.

Téacs-go-hUrlabhra Ríomhairithe ag Coláiste na Trionóide:  www.abair.ie

Is féidir leat Gaeilge a scríobh sa bhosca anseo agus déarfaidh do ríomhaire é le blas Gaeilge Uladh mar bhean as Gaoth Dobhair.  Nó is féidir leat feidhm a bhaint as an sintéiseoir seo chun éisteacht le téacs ar shuíomhanna idirlín Gaeilge.  Tá an tionscadal seo á stiúradh ag an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide agus a foireann iontach den tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra atá mar chuid d'Ionad an Léinn Teangacha agus Chumarsáide i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
 

 

Computerized Text-to-Speech at Trinity College:  www.abair.ie

You can type Irish into the box here and your computer will speak it with an Ulster Irish accent like a woman from Gaoth Dobhair.  Or you can use this synthesizer to listen to text on Irish language websites.  This project is being steered by Professor Ailbhe Ní Chasaide and her wonderful team from the Phonetics and Speech Laboratory which is part of the Centre for Language and Communications Studies in the School of Linguistic, Speech, and Communication Sciences, Trinity College, Baile Átha Cliath.


 


WinGléacht: Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

É seo ó Mháire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Mháire!

Tá leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil anois: WinGléacht. Tá na ceannfhocail go léir san fhoclóir agus nótaí gramadaí ag baint leo. Deireann ár gcairde go bhfuil sé ar fheabhas.  An-áisiúil é a bheith ar an ríomhaire agus gan iallach orainn a bheith ag cuardach leabhair chun an focal cuí a aimsiú!  Ach níl sé saor in aisce.  Tá sé ar fáil i siopaí Gaeilge agus gnáthphraghas de thimpeall €25.00 air.  Téigh go dtí WinGléacht Uí Dhónaill chun breis eolais a fháil.
 

WinGléacht: Electronic version of Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

This comes to us from Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you, Máire!

An electronic version of Ó Dónaill's Irish-English Dictionary is now available: WinGléacht. All the headwords are available and the grammar related to them.  Our friends say this is excellent.  It's very convenient to be on the computer and not compelled to go searching through a book to find the right answer!  But it's not free.  It's available in Irish language shops with a typical price of about €25.00.  Go to WinGléacht Uí Dhónaill for more information.



"Foghlaim Gaeilge in éineacht le Liam Ó Maonlaí"
Tá an clár iontach seo ar fáil ar líne saor in aisce anois ó Liam Ó Maonlaí agus an Irish Independent ag Foghlaim Gaeilge .  Go raibh maith agaibh, a chairde! 

Chun éisteacht lena cheol as Gaeilge agus Sacsbhéarla, téigh go dtí a leathanach myspace ag Liam Ó Maonlaí.


 
"Learn Irish with Liam Ó Maonlaí"
This wonderful program is now available on-line and for free from Liam Ó Maonlaí and the Irish Independent newspaper at Learn Irish .  Thank you, a chairde!

To listen to his music in Irish and English, go to his myspace page at Liam Ó Maonlaí.



Ceachtanna Gaeilge ar fhís, ar líne, agus saor in aisce ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Tá sé seo istigh ó Shanti Hofshi i San Diego agus ó Mháire Mhic an Phríora i mBÁC.  Buíochas libh, a chairde!

"Chonaic mé an nasc a leanas san Irish Times....  Tá ceachtanna Gaeilge ar shuíomh Ollscoil na hÉireann, Má Nuad bunaithe ar chláir nuachta ó TG4.  I ngach ceacht, tá tuairisc nuachta le feiceáil agus ceisteanna le freagairt ar an tuairisc.  Bíonn na ceachtanna ag trí leibhéil...  Ag deireadh gach ceachta bíonn téacs an scéil scríofa amach (i nGaeilge amháin).  Ceapaim gur féidir libh an-fheidhm a bhaint as an áis nua seo chun bhur gcuid Gaeilge a fheabhsú."  Féach ar Má Nuad .

 


 
Irish language lessons on video, on line, and free from University of Ireland, Maynooth

This report is in from Shanti Hofshi in San Diego and Máire Mhic an Phríora in Dublin.  Thank you both, a chairde!

"I saw the following link in this month's Irish Times.  There are Irish language lessons on the website of the University of Ireland, Maynooth, based on news programs from TG4.  In every lesson, there is a news report to watch and questions to answer about the report. The lessons are at three levels... At the end of each lesson the text of the story is written out (in Irish only). I think that you can make great use of this new resource in order to improve your Irish."  See Maynooth .

 



Podchraoladh as Gaeilge ó iTunes!
Insíonn Liz Haren dúinn go bhfuil podchraoladh as Gaeilge ar fáil anois ó iTunes.  Chun a rogha a fheiceáil, féach ar Gaeilge ó iTunes .


 

Podcasting in Irish from iTunes!
Liz Haren tells us that podcasting in the Irish language is now available from iTunes.  To see their selection, take a look at Gaeilge ó iTunes .



Fuair Tom Hollingsworth, ceann desnár mbaill, na ceachtanna seo ar YouTube! agus d'inis sé dúinn fúthu.  Feictear go bhfuil siad an-fheidhmiúil.  Go raibh maith agat, a Thomáis!

Ceachtanna Gaeilge ar YouTube!


 

Tom Hollingsworth, one of our members, found these lessons on YouTube! and told us about them.  It looks like they're very effective.  Go raibh maith agat, a Thomáis!

Irish Lessons on YouTube!


Agus ná déan dearmad ar ár gcraoladh féin ar YouTube! ag Craoladh le Cumann Carad na Gaeilge ! 
 

 

And don't forget our own broadcasting on YouTube! at Broadcasting By The Philo-Celtic Society ! 
 


Gaeilge i Manchain, Sasana

Tá ranganna, ciorcail chomhrá, Club Cuideachta, agus gníomhaíochtaí eile le fáil in Manchester ag the Manchester Irish Language Group.  Maith sibh, a chairde!


 

Gaeilge in Manchester, England

Classes, conversation circles, Club Cuideachta, and other activities are to be found in Manchester at the Manchester Irish Language Group.  Maith sibh, a chairde!



Catalóg Nua Coiscéim!

 
Tá  catalóg nua lán le leabhair Choiscéim ar fáil anois ar www.coisceim.ie/2008.html .  Bain sult as!
 

Coiscéim's New Catalogue!

 
A new catalogue full of Coiscéim's books is now available for free at www.coisceim.ie/2008.html .   Enjoy!
Gaeilge ar fud na hAstráile ar feadh na bliana!
Is í ár mball Elke Watson a tharraing ár n-aird ar an bhfíric go mbailíonn Cumann Gaeilge na hAstráile eolas ar ranganna na Gaeilge ar fud na hAstráile, agus go múineann siad ranganna freisin.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar Gaeilge ar fud na hAstráile.  Go raibh maith agat, a Elke!

 

Gaeilge throughout Australia all year long!
Our member Elke Watson is the person who called our attention to the fact that Cumann Gaeilge na hAstráile collects information on Irish language classes throughout Australia, and that they teach classes also.  To get more information, see  Gaeilge ar fud na hAstráile.  Thank you, Elke!


Léirmheas:  Féin-teagasc go hÉasca Péasca ar líne
Tá  a lán suíomhanna ar an idirlíon anois ag tabhairt cabhrach d'fhoghlaimeoirí.  Is ceann acu é Éasca Péasca.  Bíonn a dhéanmhas soiléir agus furasta a leanúint.  Bíonn a chomhaid fuaime glan agus so-chloiste.  Aon am nach n-oibríonn cnap "Seinn/Play," is féidir leat an comhad a íoslódáil chuig do ríomhaire chun é a chloisteáil ar aon chuma ar do thoil.  I mo bharúil féin, áfach, sílim go bhfuil an suíomh oiriúnach do mheánfhoghlaimeoirí agus daoine ag teacht ar ais chuig an teanga, ach nach bhfuil sé oiriúnach d'fhoghlaimeoirí den bhunleibhéal.  Leis sin ráite, sílim gur uirlis den scoth é.  Chun úsáid a bhaint as an suíomh seo, téigh go dtí Éasca Péasca.

 

 

Review:  Easy Peasy Self-Teaching on-line
There are lots of websites now on the internet giving help to beginners.  Éasca Péasca ('Easy Peasy') is one of them.  Its structure is completely clear and easy to follow.  Its sound files are clean and easy to hear.  Any time that a "Play" button doesn't work, you can download the file to your computer to hear it anyway whenever you want.   In my own opinion, however, I think that the site is suitable for intermediate learners and people who are coming back to the language, but it is not suitable for learners who are at the beginning level.  With that said, I think that this is an excellent tool.  To use this website, go to   Éasca Péasca.

 

lch tosaigh

Nós nua ar fáil!

É seo istigh ó Fhélim Borland a chuir an t-eolas seo chuig an liosta ar líne Gaeilge-A.  Go raibh maith agat, a Fhélim!

Tá iris nua Ghaeilge ar fáil anois ag www.nosmag.com , agus is fiú na línte seo óna heagarthóirí a ath-chló anseo: "Ba í an sprioc a leagadh síos nuair a bheartaigh muid ar iris bhríomhar nua-aoiseach a chur ar fáil do phobal domhanda ár dteanga ná tionchar dearfach splancúil a imirt ar an saol thart orainn - seirbhís shiamsúil a sholáthar a spreagfadh ár léitheoirí agus a chuirfeadh in iúl go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa 21ú aois."

Fosta, ná bíodh ionadh ort má fheiceann tú alt ar scríobh ár mball Séamas Ó Neachtain san eagrán seo de Nós.

Déanta go maith, a chairde.  Maith sibh!
 

 

ceoltóiríA new Nós is available!

This is in from Félim Borland who sent the information to the on-line list Gaeilge-A.  Thank you, Félim!

A new Irish language magazine is now available at www.nosmag.com , and it's worthwhile to reprint these lines from its editors here: "When we decided to make available a lively, modern magazine for our language's worldwide community, the objective which was laid down was to have a positive, lightning effect on the world around us - to provide an entertaining service which would inspire our readers and confirm that the Irish language is alive and lively in the 21st century."

Also, don't be surprised if you see an article from our member Séamas Ó Neachtain in this issue of Nós.

Well done, a chairde.  Congratulations!
 


Cruinnithe na Gaeilge Timpeall an Domhain

Tá sé seo istigh ónár mball Chaoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

Más maith leat cruinniú chun Gaeilge a labhairt nó a fhoghlaim, is féidir leat cruinnithe a fháil i n-aice leat trí irish.meetup.com.
 


 

Irish Language Meetups Around the World

This is in from our member Kevin Boyce in Baile Átha Cliath.  Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

If you want to meet to speak or learn Irish, you can find meetups near you through irish.meetup.com.
 


Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Cuireann ár mball Éamon Jeffers an cuireadh seo chugaibh:

Má tá cónaí ort in aice le Londain, Sasana, ar mhaith leat comhrá as Gaeilge?  Dá mba, b'fhéidir go mbeadh suim agat i seo: 
irish.meetup.com/119/ .  Mura bhfuil ach cúpla focal agat beidh spórt againn ar aon chor. Tá conaí ar go leor againn anseo i Londain agus ba cheart dhúinn bualadh le chéile lenár gcuid Gaeilge a chleachtadh.  Ná bímis cúthail!  Tá an Pholainnis, an Fhraincis is 'chuile shórt le cloisteáil i Londain gach uile lá, bíodh an Ghaeilge ina measc.
   
 

 

Ar an Drabhlás -The London Irish Language Meetup

Our member Éamon Jeffers sends this invitation to all of you:

If you live near to London, England ... would you like to practice your Irish?  If so, maybe you'd be interested in this: 
irish.meetup.com/119/ .  Even if you've only got the 'cúpla focal' we'll have some fun anyway.  There are plenty of us living here in London and we should get together to practice our Irish.  Let's not be shy!  Polish, French and all sorts of other languages are to be heard in London every single day, let's add Irish to the mix

.   
 


An Líonra Ar Líne

Tá teachtaireacht againn istigh ó Sheoirse Rath i mBaile Átha Cliath faoi líonra nua ar líne do Ghaeilgeoirí.  Go raibh maith agat, a Sheoirse! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil."

 

 

An Líonra (The Network) On Line

We have a message in from George Rath in Baile Átha Cliath about a new on-line network for Irish speakers.  Many thanks, George! 

"An bhfaca sibh www.anlionra.net ?  Is saghas "Facebook" as Gaeilge é, agus líonra sóisialta.   Tá fáilte roimh gach duine.  Is mise grg1 ar an líonra agus tá Ciorcal Comhrá á thosú againn.  Buail ar "Grupai" ar an leathanach baile chun sinn a fháil."

 

Seoda ón nGaeltacht

 
Chuir Tomás Mac Gearailt ar an liosta Gaeilge-B é seo.  Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
Tá scéalta, dánta agus seoda cluas eile ón nGaeltacht le fail anois, saor in aisce ag Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt 
 
 

Jewels from the Gaeltacht

 
Tomás Mac Gearailt put this on the list Gaeilge-B.   Go raibh maith agat, a Thomáis!
 
There are free audios with stories, poems and other jewels from the Gaeltacht to be found at Gaeltalk .  -  Tomás Mac Gearailt

 
 


Acmhainní do "Progress In Irish"

 
Tá suíomh gréasáin nua cruthaithe ag ár mball Gearóid Ó hAnnaidh agus a mhac Seán LaBastille chun acmhainní i dtaobh an ghraiméir choitianta Progress In Irish le Máiréad Ní Ghráda a bhailiú in áit amháin.  Is féidir libh feiceáil gur suíomh an-fheidhmiúil é ag www.gaeilge-resources.eu , le comhaid fhuaime, freagraí, nótaí gramadaigh sa bhreis caibidil ar chaibidil, agus a thuilleadh.  Bhí cuid desna hacmhainní seo cruthaithe ag Gearóid é féin agus ár mbaill Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, & Séamas Ó Neachtain!
 

 

Resources for "Progress In Irish"

 
A new website has been created by our member Gearóid Ó hAnnaidh and his son Seán LaBastille to collect in one place resources related to the popular grammar book Progress In Irish by Máiréad Ní Ghráda.  You can see that it's a very effective site at www.gaeilge-resources.eu , with sound files, answers, additional notes on grammar chapter by chapter, and more, with some of these resources created by Gearóid himself and our membersl Máire Mhic an Phríora, Réamonn Ó Cléirigh, and Séamas Ó Neachtain!
 

Cnuasach
Conallach

Cnuasach Conallach - Foclóir Ríomhairithe Ghaeilge Thír Chonaill

 
Ár mbuíochas lenár mball Gearóid Ó hAnnaidh as an bhfaisnéis shár-shuimiúil seo.
 
Tá foclóir sonraíoch curtha ar fáil ar an idirlíon le déanaí ag an Dochtúir Diarmuid Ó hAirt.  Chnuasaigh sé a bhfocail ó bhéaloideas Thír Chonaill, go háirithe ón mbéaloideas bailithe ag Seán Ó hEochaidh agus Seán Mac Meanman sna 1930í agus 1940í don Choimisiún Béaloideasa Éireann.  Bhailigh Seán Ó hEochaidh níos mó béaloideasa Éireannaigh ná aon duine eile riamh.  Is féidir teacht ar an bhfoclóir iontach seo ag Cnuasach Conallach .  Ar an suíomh céanna, feicfidh tú litreacha scríofa le Tomás Ó Criomthain ('an t-Oileánach') agus Seán Ó Caoimh. 
  
 

Cnuasach Conallach - A Computerized Dictionary of the Irish of Donegal

 
Our thanks to our member Gearóid Ó hAnnaidh for this exceedingly interesting information.
 
A remarkable dictionary has recently been made available on the internet by Dr. Diarmuid Ó hAirt.  He collected his words from the folklore of Tír Chonaill ('Donegal'), especially the folklore gathered by Seán Ó hEochaidh and Seán Mac Meanman in the 1930s and 1940s for the Irish Folklore Commission.  Seán Ó hEochaidh collected more Irish folklore than any other person ever.  You can find this wonderful dictionary at Cnuasach Conallach .  On the same site, you'll also see letters written by Tomás Ó Criomthain ('the Islandman') and Seán Ó Caoimh.

Cnuasach
 Conallach
 
 


Foclóir Uí Dhuinnín Ar fáil Ar Líne

 
Fuaireamar an fhaisnéis tábhachtach seo ó Ghearóid Ó Néill ar an liosta Gaeilge-B agus ónar mball Máire Mhic an Phríora.  Go raibh míle maith agaibh, a chairde!
 
Tá ceann de na foclóirí is fearr dár foilsíodh riamh ar fáil anois ar an idirlíon Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín .  Ni gá ach clárú chun an focal atá uait a aimsiú. Tá griangraf de gach leathanach ann.  Is féidir zómáil isteach ar na focail nó is féidir focal a líonadh isteach i mbosca cuardaigh.  Tá sé go deas an seanchló agus an seanlitriú a fheiceáíl arís.  Éacht ar dóigh déanta ag na daoine in Ollscoil Luimnigh!  Comhghairdeas libh!   - Máire Mhic an Phríora
 

 

Dineen's Dictionary Available On Line

 
We received this important information from Ghearóid Ó Néill on the list Gaeilge-B and from our member Máire Mhic an Phríora.  Many thanks, a chairde!
 
One of the best dictionaries which has ever been published is now available on the internet Dineen's Irish English Dictionary .  You can find any word you want simply by registering.  Every page has been photographed.  You can zoom in on the words or you can find them by filling in a search box.  It's nice to see the old typeface and letters again.  A beautiful accomplishment done by the people at Limerick University!  Congratulations to you!      - Máire Mhic an Phríora
 

TG4 ar You Tube

 
Thug ár mball Máire Mhic an Phríora dúinn an fhaisnéis seo.  Go raibh maith agat, a Mháire!
 
Tá a lán amhránaíochta as Gaeilge curtha ag TG4 ar You Tube.  Féach air seo:  TG4 ar You Tube .
 
 

TG4 on You Tube

 
Our member Máire Mhic an Phríora gave us this information.  Thank you, a Mháire!
 
TG4 has put plenty of singing in Irish on You Tube.  Take a look at this:  TG4 on You Tube .

 

Cluichí do "Progress In Irish"

 
Scríobhann ár mball Máire Mhic an Phríora chugainn go bhfuil "cluichí éagsúla ar fáil ach téigí go dtí an suíomh idirlíon Cluichí do Progress In Irish .  Bígí ag imirt!"
 
Chruthaigh Máire í féin na cluichí seo.  Go raibh míle maith agat, a Mháire!
 

Games for "Progress In Irish"

 
Our member Máire Mhic an Phríora writes to us that "various games are available by going to the internet site Games for Progress In Irish .  Go ahead and play!"
 
Máire created these games herself.  Go raibh míle maith agat, a Mháire!

Caith am ag gáire in éineacht le Des Bishop ar RTÉ1

Tháinig Des Bishop go Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBabylon, Nua-Eabhrac i Mí Eanáir agus anois is féidir leat an Scoil agus Des a fheiceáil i gclár a 5 de "In The Name of the Fada" ar RTÉ1.  Is baill de Chumann Carad na Gaeilge iad gach múinteoir ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín.

Agus anois, is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim ar shuíomh Dhes.  Féach suas ar an dtaobh clé ag  www.desbishop.com .

 

 

Spend time laughing with Des Bishop on RTÉ1

Des Bishop came to the Gerry Tobin Irish Language School in Babylon, New York in mid-January 2008 and now you can see the School and Des in episode 5 of "In The Name of the Fada" on RTÉ1.  Each teacher in the Gerry Tobin Irish Language School is a member of The Philo-Celtic Society.

And now, you can learn Irish on Des' website.  Look up on the right side at  www.desbishop.com .

        

 


Anam Beo agus Gaeilge san AE ag dul chun cinn!

 

É seo istigh ónár mball Pádraig Ó Clúmháin.  Go raibh maith agat, a Phádraig!  Tá úsáid na Gaeilge á méadú sa Choimisiún Eorpach, san AE,  agus  sa Bhruiséil .  Anois, tá an chéad nuachtán as Gaeilge sa Bhruiséil ar fáil anseo:  Anam Beo.  Beidh an nuachtán seo ag tuairisciú "ó thaobh na teanga agus an chultúir Ghaelaigh."  Deireann an Dr. Seán Ó Riain, saineolaí i roinn aistriúcháin don Choimisiúin, go gcuirfidh "foilseachán i nGaeilge an teanga chun cinn i measc 15,000 Éireannach beag nó mór sa Bhruiséil ag an am seo."  Agus deireann Donnchadh Ó Buachalla, Eagarthóir Bainistíochta, "Le teacht na nuatheicneolaíochta, ba chóir go sroichfeadh Anam Beo 200,000 cainteoir Gaeilge ó chian agus ó chóngar."  Is féidir leat a fhocail a léamh anseo:  Nóta Cumhdaigh Dhonnchadha.  Maith sibh,  a chairde!  Comhghairdeachas libh!


 

Anam Beo and Irish in the EU are advancing!

 

This is in from our member Pádraig Ó Clúmháin.  Go raibh maith agat, a Phádraig!  The use of Irish is increasing in the European 'Commission, in the European Union, and in Brussels.  Now, the first newspaper in Irish in Brussels is available here Anam Beo.  This newspaper will be reporting "about the language and Gaelic cuilture."  Dr. Seán Ó Riain, an expert in the Commission's translations department, says "having a publication in Irish will help promote the language among the 15,000 or so Irish people living in Brussels."  And Donnchadh Ó Buachalla, Managing Editor, says "With the advent of modern technology, Anam Beo should reach 200,000 Irish speakers on every highway and byway."  You can read his words here:  Donnchadh's Cover Notes.  Well done, a chairde!  Congratulations!


Aisling Ghéar

Tuairiscíonn Aisling Ghéar gurb í "an t-aon chompántas proifisiúnta amharclainne in Éirinn a shaothraíonn go lánaimseartha chun scoth na léirithe a chur ar fail i nGaeilge."  Tá a lán ar siúl acu idir phatrúnacht nua ó Ghabriel Byrne (a labhraíonn Gaeilge gach uair a mbíonn deis aige) agus léirithe  as Gaeilge mar An Triail le Máiréad Ní Ghráda, Aistriúcháin le Brian Ó Frighil, Damhsa ag Lunasa le Brian Ó Frighil, Scáil an Ghunnadóra le Seán Ó Cathasaigh, agus a lán eile.  Téigh go dtí Aisling Ghéar chun breis a fhoghlaim.  Ár mbuíochas lenár mball Daithí Mac Lochlainn a chuir faisnéis chugainn faoin eagraíocht iontach seo. 

 

 

 


Ceol Álainn ó Dhún na nGall

 

Más maith leat amhránaíocht traidisiúnta Thír Chonaill, molann  ár mball Máire Mhic an Phríora an suíomh seo duit:  SportyMike.  Bain sult as!


 

Beautiful Music from Donegal

 

If you like the traditional music of Tír Chonaill, our member Máire Mhic an Phríora recommends this site to you:  SportyMike.   Bain sult as!



  Turasóireacht as Gaeilge i mBaile Átha Cliath!

Sa ghrianghraf thuas, seolann dalta áitiúla agus an peileadóir mór le rá Jason Sherlock bus nua ar a bhfuil Gaeilge le fáil do chuairteoirí intíre, thurais scoile, agus éinne eile le suim sa Ghaeilge.  Thosaigh The Dualway Group / City Sightseeing Dublin busanna mar seo a sholáthar i Meitheamh dona dTuras Ilteangach Bhaile Átha Cliath.  Chun breis fhaisnéise a fháil, Téigh ar an mBus!.. Ár mbuíochas lenár mball Gearóid Ó hAnnaidh a chuir an t-eolas seo isteach chugainn.  Agus comhghairdeachas mór le Tony McConn agus David McConn ag City Sightseeing Dublin!


 

Irish Language Tourism in Dublin!

In the above photo, Tony McConn and David McConn of The Dualway Group / City Sightseeing Tours launch a new bus on which Irish can be found for domestic visitors, school tours, and anyone else with an interest in Irish.  They're joined by local TD Mary Harney.  City Sightseeing Tours began to provide buses like this in June for their Multi-Lingual Dublin City Tour. For additional information, be sure to Get on the Bus!.. Our thanks to our member Gearóid Ó hAnnaidh who sent this in to us.  And a big congratulations to Tony McConn and David McConn at City Sightseeing Dublin!



 Géarghá le Beartas Oideachais Nua, arsa Conradh na Gaeilge

 

Tháinig sé seo istigh ónár gcairde i gConradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinniú leis an Aire Batt O’Keeffe chun moltaí an Chonartha i dtaca le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachas a phlé sna sála ar thuairisc de chuid chigirí na Ranna Oideachais agus Eolaíochta féin a foilsíodh inné, 15 Iúil 2008, a thug le fios go raibh beagnach 25% de mhúinteoirí bunscoile na tíre seo gan cumas sásúil Gaeilge acu agus nach múintear a dhóthain Gaeilge do dhá thrian de mhic léinn ag déanamh an Teastais Shóisearaigh sa mheánscoil." Chun faisnéis sa bhreis a fháil, cliogáil ar Géarghá .


 

Urgent Need for a New Education Policy, says Conradh na Gaeilge

 

This came in from our friends at Conradh na Gaeilge: "Conradh na Gaeilge is seeking a meeting with Minister Batt O’Keeffe to discuss (its) recommendations ...regarding the teaching of Irish in the education system on the heels of a report from some of the Education and Science Department's own inspectors which was published ... 15 July 2008, which admitted that almost 25% of primary school teachers in this country are without satisfactory ability in Irish and that enough Irish is not taught to two thirds of students who are doing the Junior Certificate in middle school."  For additional information, click on Géarghá .



Tá breis agus 700 scoláire anois i Scoil Chumann Carad na Gaeilge!

Tá ranganna na scoile seo ar fáil saor in aisce, ar líne, timpeall na cruinne!  Chun teacht isteach mar scoláire nó mar mhúinteoir, téigh go Scoil Chumann Carad na Gaeilge.  Inis dúinn má's maith leat múineadh, le do thoil.  Beidh fáilte romhat.


 

There are now more than 700 students in The Philo-Celtic Society School!

This school's classes are available for free, on-line, around the globe!  To join as a student or as a teacher, go to The Philo-Celtic Society School.  Please be sure tell us if you want to teach.  You'll be very welcome.


 

     
Cumann Carad na Gaeilge
Ag obair gach lá d'athbheochan domhanda na Gaeilge!

Fógraí do AN GAEL-BREISE!

Má's maith leat fógraí faoi d'imeachtaí na Gaeilge na Gaeilge a chur chugainn chun iad in AN GAEL-BREISE!, le do thoil tar isteach inár gcomhphobal ar líne ANSEO agus inis dúinn fúthu.  Mar is féidir leat feiceáil, tá ró-mhéad le haistriú donár bhfoireann bheag.  Mar sin, le do thoil, scríobh chugainn as Gaeilge le haistriúchán go Sacsbhéarla má's féidir leat. Mura bhféidir, tabhair dúinn do nuachta ar aon chuma! 

Ní neart go cur le chéile!

Cén scéala eile ó Mheiriceá Theas, Cheanada, an Eoraip, an Afraic, an Áise, agus ón Aigéan Ciúin?
 

  The Philo-Celtic Society Society
Working daily for the worldwide Irish language renaissance!

Announcements for AN GAEL-EXTRA!

If you want to send us announcements about your Irish language events for publication in AN GAEL-BREISE!, please join our on-line community HERE and tell us about hem.  As you can see, there's already too much to translate for our little team.  Therefore, please do write to us in Irish with English translation if you're able.  If not, give us your Irish
language news anyway!

Ní neart go cur le chéile!

What other news from South America, Canada, Europe, Africa, Asia, and the Pacific?
 

 

Focal ó An Gael

 

Tábhacht na Gaeilge ag Boston College

 

Is deacair Léann Rúiseach ag ollscoil a shamhlú gan Rúisis, nó Léann Síneach gan Sínis, nó Léann Spáinneach gan Spáinnis, cé go bhfuil teangacha eile á labhairt sna tíortha sin.  Is léir go mbíonn Gaeilge á labhairt in Éirinn breis agus 2500 bliana, á scríobh breis agus 1500 bliana, agus go bhfuil Gaeilge ag teacht ar ais i saol laethúil na hÉireann gan aon stad riamh ar litríocht bhríomhar chorraitheach as Gaeilge.  Chaithfinn tuairim nach bhfuil aon amhras ar bith go bhfuil níos mó litríochta scríofa againn as Gaeilge ná as Sacsbhéarla in Éirinn thar na 1500 bliana seo.  Mar sin, is deacair tuiscint conas is féidir le daoine fíor-shaineolas i litríocht agus gcultúr na hÉireann a mhaíomh gan Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu. 

Bhuel, faoi dheireadh, tá áthas orainn a thuairisciú go bhfuil méadú suntasach i líon na n-ollscoileanna i Meiriceá Thuaidh a thuigeann an gaol doscartha idir An Ghaeilge, na Gaeil, agus Tír na nGael (i. Éire).  Táimid ag tagairt ollscoileanna mar St. Francis Xavier University, Lehman College (City University of New York), Notre Dame University, Concordia University, New York University, University of Montana, Harvard University, Fordham University agus a thuilleadh.  Is ceann díobh seo Boston College.  Ag an ollscoil sin, chun M.A. i Litríocht & Cultúr Éireannach a bhaint amach, tá sé riachtanach staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar feadh bliana ar a laghad.  Ina theannta sin, spreagtar scoláirí chun freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn le linn an tsamhraidh, chun cur lena dtaithí ar an teanga.  Luíonn sé sin le ciall mhaith, ar ndóigh.  

Comhghairdeachas leis na hollscoileanna a thuigeann na fíricí seo.  Agus chun faisnéis sa bhreis a fháil faoin gclár ag BC, téigh go dtí  Céim Mháistir ag BC agus Ranganna ag BC.

-  An Gael

 

A Word from An Gael

 

Importance of the Irish Language at Boston College

 

It's difficult to imagine Russian Studies at a university without the Russian language, or Chinese Studies without Chinese, or Hispanic Studies without Spanish, although other languages are spoken in those countries.  It's apparent that Irish has been spoken in Ireland more than 2500 years, written more than 1500 years, and that Irish is coming back in Ireland's daily life without there ever having been any end to dynamic and exciting literature in Irish.  I would guess that there isn't any doubt at all that we've had more literature written in Irish than in English in Ireland over these 1500 years.  Therefore, it's difficult to understand how people can boast real expertise in the literature and culture of Ireland without being competent in Irish.

Well, finally, we are pleased to report that there is a noticeable increase in the number of universities in North America which understand the indivisible relationship among Gaeilge (the Irish language), the Gaeil (the Irish people) and the Country of the Gaeil (i.e., Ireland).  Here we mean universities like St. Francis Xavier University, Lehman College (City University of New York), Notre Dame University, Concordia University, New York University, University of Montana, Harvard University, Fordham University, and more.  Boston College is one of these.  At that university, a student must finish at least a year of Irish language study in order to claim a M.A. in Irish Literature & Culture.  Additionally, students are encouraged to attend summer Irish language schools in Ireland to increase their practice of the language.  That makes good sense, of course. 

Congratulations to the universities which understand these facts.  And for more information about the program at BC, go to Master's Degree at BC and Classes at BC.

- An Gael

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Tréidhe
Gan Ghaeilge, gan Ghaelach.
Gan Ghaelach, Gan Éireannach.
Gan Éireannach, gan Éire.
                                  - An Gael
 
 

 

 

Triad
Without the Irish language, nothing Gaelic.
Without anything Gaelic, nothing Irish.
Without anything Irish, no Ireland.
                                                   - An Gael
 

 

CUIDITHEOIRÍ AN EAGRÁIN SEO

Eagarthóirí:  Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Séamas Ó Neachtain ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, Paula Ní Shíocháin-Kopp, agus Gearóid Ó Ceallaigh i Nua-Eabhrac.

Breis-scríbhneoireacht as Gaeilge:  Gearóid Ó hAnnaidh i Lucsambourg, Félim Borland ar an liosta ar líne Gaeilge-A, Caoimhín Ó Buí i mBaile Átha Cliath, Pádraig Ó Clúmháin ar Inis Fada, Susan Gallivan in Massachusetts, Tomás Mac Gearailt (timpeall an domhain!), Shanti Hofshi i San Diego,  Éamon Jeffers i Londain, Daithí Mac Lochlainn i mBrúiclinn, Cionaodh Nilsen in Alba Nua, Máire Mhic an Phríora i mBaile Átha Cliath, Nikki Ragsdale in San Francisco, Seoirse Rath i mBaile Átha Cliath, Colin Ryan i Melbourne, an Astráil, Seán Mac Suibhne agus Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg insan mBreatain Bheag, agus Gearóid Ó Ceallaigh ar Oileán Fada, Nua-Eabhrac. 

Buíochas sa bhreis do Vicki Champion in Arizona, Kester Dyer in Montréal, Liz Haren in Arizona, Tomás Hollingsworth in Idaho, Johanna Mackey in Connecticut, Gearóid Ó Néill ar an liosta Gaeilge-B, Tomás Stock in Montana, agus Elke Watson in Sydney. 

Fáiscín-ealaín:  Aon Celtic Art & Illumination agus Fotosearch.

Coipcheart (c) 2008.  Gach ceart faoi choimeád.
  

 

THIS ISSUE'S CONTRIBUTORS

Editors:  Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath, Séamas Ó Neachtain on Long Island, New York, Paula Sheehan-Kopp, and Gearóid Ó Ceallaigh in New York. 

Additional writing in Irish:  Gearóid Ó hAnnaidh in Luxemburg, Félim Borland on the on-line list Gaeilge-A, Kevin Boyce in Baile Átha Cliath, Pádraig Ó Clúmháin on Long Island, New York,  Susan Gallivan in Massachusetts, Tom Fitzgerald (around the world!), Shanti Hofshi in San Diego, California, Éamon Jeffers in London, Daithí Mac Lochlainn in Brooklyn, Ken Nilsen in Nova Scotia, Máire Mhic an Phríora in Baile Átha Cliath, Nikki Ragsdale in San Francisco, Seoirse Rath i mBaile Átha Cliath, Colin Ryan in Melbourne, Australia, Seán Mac Suibhne and Gaeilge-A, Muiris Mag Ualghairg in Wales, and Gearóid Ó Ceallaigh on Long Island, New York. 

Additional thanks to Vicki Champion in Arizona, Kester Dyer in Montréal, Liz Haren in Arizona, Tom Hollingsworth in Idaho, Johanna Mackey in Connecticut, Gearóid Ó Néill on the list Gaeilge-B, Tomás Stock in Montana, agus Elke Watson in Sydney. 

Clip art by:  Aon Celtic Art & Illumination and Fotosearch. 

Copyright (c) 2008.  All Rights Reserved.
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004