An Gael Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge
Stair na hIrise
Is í iris oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge í seo. D'fhoilsigh ár mbunaitheoir Mícheáil Ó Lócháin an chéad eagrán i 1881. Iris dhátheangach a bhí ann. Scoir foilsitheoireacht "An Gaodhal" i 1904, cúig bliana i ndiaidh a bháis. Idir sin agus 2009, rinneadh cúpla iarracht chun an iris a athbheochaint, ach níor éirigh le fada leo. Bhí leagan beagnach go léir as Béarla ann sna 1980í faoi scáth an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac. Ach ba iris an Chumainn í agus is linne i gcónaí í. Bímid á foilsiú ó 2009 ar aghaidh mar irisleabhar lán-Ghaeilge idirnáisiúnta, le scríbhneoirí ó gach cearn na cruinne.
Tá beagán níos mó le léamh faoi anseo. Moltar freisin an leabhar Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal le Fionnuala Uí Fhlannagáin.
|