An Gael

Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge

 

Is iris den scoth í An Gael curtha le chéile le grá agus le cruinneas ag Séamas Ó Neachtain. Chomh maith le haltanna Éireannacha sean agus nua, pléann se le litríocht agus ealaíon agus téamaí idirnáisiúnta agus is é an bua is mo atá aici ná go gcruinníonn sí na Gaeil le cheile ó gach aird den domhan.

– James Lawless

 

An Gael ar fheabhas, agus mar iris idirnáisiúnta na nGael bíonn réimse leathan eolais agus altanna cultúrtha ann i gcónaí, a thugann dóchas agus inspioráid dúinn ar fad atá ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn, agus an cultúr Gaelach a choinneáil beo.  Gach rath ar an iris i gcónaí, agus nár laga Dia bhur lámha!

- CrisChoisdealbha

 

A Shéamais, a chara,
Comhghairdeas as tionscadal an Ghaeil.  Is iris iontach í, le dearcadh sainiúil Gaelach, ailt shuimiúla, agus snas breá gairmiúil uirthi.

- Aralt Mac Giolla Chainnigh

 

A Shéamais,

…Molaim thú as an gcúram a thógann tú le caighdeán na Gaeilge in An Gael…  

Arís comhghairdeachas as do chuid oibre don Ghaeilge.  Tá fíorbhuíochas ag gabháil do do leithéidí as sin a dhéanamh gan mhórán tacaíochta!  Lean ar aghaidh leis an dea-obair!  An Gael abú!

- Tim Quinlan

 

Is fearrde thú An Gael.

- Gabriel Rosenstock