Seo na cuspóirí atá agam mar eagarthóir, agus moltaí
d’aon duine ar mhaith leis/léi scríobh dúinn – Séamas Ó Neachtain
·
Iris atá
oiriúnach do gach léitheoir is ea í seo, fiú daoine óga. Mar sin, má bhíonn aon
rud gáirsiúil ann, ní mór nach dtuigfeadh páiste é. B’fhearr a leithéid a
sheachaint mar bhunphrionsabal.
·
Iris a
bheidh measúil do gach éinne is ea í seo. Mar sin, más ábhar conspóideach atá
idir lámha agat, ní mór duit a bheith cothrom agus gan mhaslaí, agus más
féidir, an dá thaobh a mhíniú ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar éinne.
B’fhearr an chonspóid a sheachaint, má chuireann sé isteach ar dhaoine, ach níl
aon chosc ar a leithéid, má dhéantar go béasach measúil é. Ní fhoilseofar aon
rud díspeagach.
·
Ní iris
acadúil í seo. Tá suim againn in ábhar ar bith, ach is lucht léite ginearálta
atá i gceist, agus mar sin, ní mór go bhfuil stíl tarraingteach spraíúil ann.
·
Ní mór
gur fíricí iad na fíricí a luaitear, dar ndóigh. Agus aon rud a mhaítear, ní
mór go mínítear é chun bunús a chur leis (gan a bheith leadránach).
·
Is leis
na húdair féin a gcuid tuairimí, agus ní chuirfear ladar an eagarthóra isteach
orthu sin. B’fhearr scéalta ná tuairimí, ámh.
·
Is fearr
a bheith dearfach ná diúltach i gcónaí, más féidir. Scríobh mar a scríobhfá do
chara.
·
Is fearr
linn ábhar nach raibh i gcló cheana, fiú ar an idirlíon.
Seol ábhar chuig: angael@optonline.net