Conas An Gael a Léamh

Chun cóip den irisleabhar a fháil, tá cúpla rogha ann. Más mian leat cóip a fháil i gcló, braitheann sé ar a bhfuil tú i do chónaí. Is féidir gach eagrán a cheannach ag angael.magcloud.com, ach tá an postas ró-dhaor mura bhfuil tú i do chónaí sna Stáit Aontaithe, sa Riocht Aontaithe (mar dhea), nó i gCeanada. Más i bPoblacht na hÉireann atá cónaí ort, is é an rogha is fearr duit ná cóipeanna a cheannach ó litriocht.com. Aon áit eile, is féidir iad a fháil ó litriocht.com nó iad a fháil go díreach ó An Gael - scríobh chugainn ag angael@magcloud.com. Caithfidh tú Paypal a úsáid chun íoc astu.

Tá rogha eile ann, freisin, agus sin chun síntiús a ghlacadh. Tá nasc ar an suíomh www.angaelmagazine.com chun sin a cheannach. Gheobhaidh tú ceann nua gach trí mhí sa phost, go ceann bliana. Is féidir athnuachan uathoibríoch a chur i bhfeidhm, freisin, más mian leat.

Má bhíonn tú sásta é a léamh ar do ríomhaire nó ar ghléas leictreonach eile, is féidir gach eagrán a fháil mar chomhad pdf. Tá siadsan saor in aisce. Ag angael.magcloud.com, roghnaigh an t-eagrán, brúigh ar 'buy copies,' scrios an rogha chun cóip chrua a cheannach agus faigh an chóip dhigiteach amháin mar pdf (comhad Adobe Acrobat). Is féidir é a íoslódáil ansin.

Má dhéanann tú cuntas ag magcloud, tá rogha eile ann duit. Logáil isteach. Roghnaigh an ceann atá uait, Brúigh air 'add to digital library,' agus cuirfear ann é. Brúigh ar 'digital library' ansin agus beidh sé ann. Má thagann tú ar ais, is féidir iad a fháil arís faoi do chuntas (sa roghchlár faoi 'hello' & d'ainm). Is féidir iad a íoslódáil ansin freisin.

Agus an rud is fusa, más mian leat, is ea é a léamh ar an scáileán ón suíomh magcloud féin. Roghnaigh an ceann atá uait, agus ar a phictiúr, brúigh ar 'read now.' Is féidir é a léamh go han-bheag, ach is féidir lán an scáileáin a dhéanamh de, freisin.

Mar sin, is iomaí slí atá ar fáil chun An Gael a léamh. An rud is tábhachtaí, sin é a léamh!