Cabhair is Plé /
|
Seo duit iris oifigiúil Chumann Carad na Gaeilge. Bunaíodh ár gcumann in 1872 agus seoladh ár n-iris i 1881. Thugtaí "An Gaodhal" ar ár n-iris seo go
dtí 1904 nuair a chuaigh sí as cló,
agus tar éis cúpla iarracht eile thar na blianta, tá sí ar ais anois mar "An Gael," ag tarraingt airde arís ar neart agus fhás
na Gaeilge ar fud an domhain.
Beidh béim san iris seo ar an gcairdeas agus dea-mhéin atá eadrainn mar Ghaeilgeoirí ar fud an domhain. Táthar ag súil go mbainfar sult as, agus go nglacfaidh mórán daoine páirt ghníomhach inti.
Cé
hé agus cé hí An Gael? Tusa - patrún, tacaí, soláthraí, agus
cruthaitheoir na n-ealaíon Gaelacha, le cultúr, stair, agus teanga ina
measc. Beidh an iris seo fútsa agus leatsa. Agus beidh sí ar
son iad siúd a choimeádann ár gcultúr Gaelach beo ó ghlúin go glúin.
Tá ár n-iris ar ais, go ráithiúil, agus is iris lán-Ghaeilge í anois. Tá An Gael - Breise! againn, freisin, mar nuachtlitir dhátheangach.
Séamas Ó Neachtain EagarthóirCumann Carad Na Gaeilge / The Philo-Celtic Society
Cóipcheart 2009 le Cumann Carad Na Gaeilge. Gach ceart ar cosnamh. |